An Pobal & Taisteal

Eolas do Thaistealaithe ag teacht isteach go hÉireann

1. Réamhrá

Nuair a fhilleann taistealaithe go hÉirinn ó thír eile, tar éis earraí a cheannach ansin, is féidir go mbeidís faoi dhliteanas muirir iompórtála a íoc (Dleacht Chustaim, Dleacht Mháil nuair is infheidhmithe agus Cáin Bhreisluacha) ag an aerfort nó ag an bport farraige ag a dtagann siad isteach. Ag brath ar an áit óna bhfuil na taistealaithe ag teacht agus ar chineál agus luach na n-earraí a cheannaigh siad agus atá ina seilbh, tá méid áirithe faoisimh ar fáil ó na muirir seo. Tugann an Treoir seo breac-chuntas ar an bhfaoiseamh atá ar fáil agus ar an gcaoi ar féidir é a fháil.

Maidir le haon íocaíocht a bheith dlite, i gcás thromlach na n-earraí, braithfidh sé seo ar cibé acu:

  • ar ceannaíodh nó nár ceannaíodh na hearraí i mBallstát eile den Aontas Eorpach; agus
  • an le haghaidh úsáide pearsanta nó tráchtála atá na hearraí.

2. Nótaí Eolais

  • Ní féidir le grúpa daoine atá ag taisteal le chéile a gcuid liúntas indibhidiúla a chur le chéile chun earraí a cheannach.
  • Níl taistealaithe faoi bhun 17 i dteideal liúntas tobac nó alcóil.
  • Ní mór earraí a iompórtáiltear chun críocha tráchtála a dhearbhú do lucht Custaim
  • Is iad seo tíortha an Aontais Eorpaigh:
    An Ostair, an Bhulgáir, an Bheilg, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, An Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn*, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe*.
    *Cé go bhfuil Giobráltar, na hOileáin Chanáracha agus Oileáin Mhuir nIocht ina gcuid de chríocha custaim an Aontais Eorpaigh, tá siad lasmuigh de chríoch fhioscach an Chomhphobail. Mar sin, tá feidhm ag na liúntais chustaim a bhaineann le lasmuigh den Aontas Eorpach

3. Smuigleáil

TÁ PIONÓIS THROMA SMUIGLEÁIL

Má thugann tú aon rud amhrasach faoi deara nó má tá aon eolas agat maidir le smuigleáil drugaí nó smuigleáil de chineál ar bith, abair le hOifigeach Custaim é nó déan teagmháil le:

SAORGHLAO 1800-295 295
NÁ DÉAN NEAMHSHUIM DE - TUAIRISCIGH É!

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le haon Oifig Ioncaim.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil