Aistriú Áit Chónaithe

Is féidir le daoine a athraíonn a ngnátháit chónaithe ó thír taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) go hÉirinn faoiseamh ó Dhleacht Chustaim a fháil maidir le maoin phearsanta áirithe (lena n-áirítear maoin phearsanta daoine dá dteaghlach), faoi réir coinníollacha áirithe. Léigh tuilleadh - PN 1875 - Faoiseamh ó Dhleacht Chustaim agus CBL nuair a Athraítear Áit Chónaithe ó Thír Taobh Amuigh den Aontas Eorpach.

Is féidir earraí caipitil agus trealamh eile ag gnóthais a bunaíodh taobh amuigh den AE a chuireann deireadh lena ngníomhaíocht go cinnte agus a bhogann go dtí an Stát chun gníomhaíocht chomhchosúil a dhéanamh anseo, is féidir iad a allmhairiú saor ó mhuirir allmhairithe, faoi réir coinníollacha áirithe. Léigh tuilleadh - PN 1775 - Faoiseamh ó Dhleacht Chustaim agus CBL nuair a Aistrítear Gníomhaíochtaí Gnó ó Thír Taobh Amuigh den Aontas Eorpach.


Leagan furasta le priontáil