Clárú fostóirí le haghaidh Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT)

Cén chaoi le clárú

Leis an áis ríomh-Chlárúchán féadtar do chuid clárúchán ar líne a bhainistiú. Tá sé níos saoire agus níos éifeachtúla clárú ar líne ná iarratais pháipéir a thíolacadh.

Chun ríomh-Chlárúchán a úsáid, ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim nó moChúrsaí.

Ag clárú trí ROS

Logáil isteach ar ROS agus roghnaigh ‘Riar Clárúcháin Chánach’ ar an leathanach ‘Mo Sheirbhísí Féin’.

Ag clárú trí moChúrsaí

Logáil isteach ar moChúrsaí agus roghnaigh ‘Clárúcháin Chánach’ sa rannán ‘Bainistigh Mo Thaifead’.

Tabhair do d’aire

Más Ríomhthíolaiceoir éigeantach thú, is gá duit clárú mar fhostóir trí ROS. Féach an rannán Ríomh-thíolacadh éigeantach le haghaidh tuilleadh eolais ar do cháin a íoc agus a thíolacadh ar líne.

Mura bhfuil tú in ann ríomh-Chlárúchán a úsáid, ba iad seo a leanas na modhanna páipéarbhunaithe:

  • TR1 - duine aonair, trádálaí aonair nó comhpháirtíocht
  • TR1 (FT) - duine aonair, trádálaí aonair nó comhpháirtíocht neamhchónaitheach
  • TR2 - cuideachta a chlárú
  • TR2 (FT) - trádálaithe neamhchónaitheach
  • PREM Reg - cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim (féinfhostaithe nó fostaí) nó Cáin Chorparáide cheana féin.

Clárúchán éigeantach

Má chreideann na Coimisinéirí Ioncaim gur chóir go mbeadh tú cláraithe mar fhostóir agus nach bhfuil tú go fóill, féadann muid tú a chlárú go huathoibríoch. Eiseoidh muid fógra foirmiúil clárúcháin.

Féadtar agóid i scríbhinn a dhéanamh taobh istigh de 14 lá ó dháta an fógra clárúcháin.

Mura n-oibríonn tú ÍMAT, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim meastachán a eisiúint ar na suimeanna nach mór duit a íoc sna cásanna seo a leanas:

  • má tá tú cláraithe mar fhostóir agus nach dtíolacann tú tíolacthaí párolla
  • méid Cánach Ioncaim, Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) a thuairisciú agus a íoc a chreidimid atá ró-íseal don mhí sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar mheasúnuithe, féach Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Mura bhfuil fostaithe agat a thuilleadh