Luacháil sochar

Díolúine i leith Sochar Beag

Féadfaidh tú suas le dhá shochar beag, saor ó cháin, a thabhairt d’fhostaithe gach bliain ó 1 Eanáir 2022. Déantar é seo mar thoradh ar athruithe a fógraíodh sa Bhuiséad ar 27 Meán Fómhair 2022. Ní mór nach mbeadh na sochair seo in airgead tirim agus ní fhéadann comhluach an dá shochair a bheith níos mó ná €1,000.

Má thugtar níos mó ná dhá shochar i mbliain amháin, ní cháilíonn ach an chéad dá cheann do stádas saor ó cháin. Ní fhéadtar suimeanna neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh.

Ní fhéadtar dearbháin nó sochair saor ó cháin a úsáid ach chun earraí nó seirbhísí a cheannach. Ní fhéadtar iad a fhuascailt le haghaidh airgead tirim.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go gcuirfidh sochar aonair suas le €1,000 ar fáil d’fhostaí saor ó cháin. Má sháraíonn sochar aonair luach de €1000, tá an luach iomlán den sochar sin faoi réir cánach. I gcás nár cuireadh dhá shochar ar fáil, ní fhéadann comhluach na sochar sin a bheith níos mó ná €1,000.

Suas leis an 31 Nollaig 2019, níor féadadh ach sochar saor ó cháin amháin a thabhairt d’fhostaí gach bliain. Ní féadadh luach an tsochair sin a bheith níos mó ná €500. Mar gheall ar an bpaindéim COVID-19 thug na Coimisinéirí Ioncaim beart lamháltais maidir leis an riachtanas sochar amháin seo isteach. Bhí an beart lamháltais seo i bhfeidhm do na blianta cánach 2020 agus 2021. Féadtar sonraí an bearta seo a fháil i Díolúine i leith sochar beag sa rannán Athruithe don Sochar Comhchineáil le linn srianta COVID-19.

Riachtanais tuairiscithe

Ní mór duit sonraí an dáta íoctha agus luach an tsochair seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Riachtanais tuairiscithe feabhsaithe.

Ar aghaidh: Rialacha sonracha luachála