Tairseacha, rátaí agus rialacha um chomhiomlánú don Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC)

Dátaí tábhachtacha le haghaidh CFC

Dáta an bhronntanais nó na hoidhreachta

Is gnách gurb é dáta an bhronntanais an dáta a fhaightear é. Is gnách gurb é dáta na hoidhreachta dáta báis an duine a fhágann an oidhreacht.

Is leis na dátaí seo a shocraítear na rátaí Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) agus an ghrúpthairseach atá le feidhmiú. Tugtar an diúscróir ar an duine a thugann an bronntanas nó an oidhreacht. Tugtar an tairbhí ar an duine a fhaigheann an bronntanas nó an oidhreacht.

An dáta luachála

Is é an dáta luachála an dáta ar a ndéantar luacháil ar an maoin agus ar na sócmhainní.

Cinneann sé an dáta ar a bhfuil an cháin iníoctha agus an dáta ar a bhfuil do thuairisceáin CFC dlite le tíolacadh. Nuair atá an dáta luachála:

  • idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa, is é an spriocdháta íoca agus tíolactha ná an 31 Deireadh Fómhair sa bhliain sin
  • idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig, is é an spriocdháta íoca agus tíolactha ná an 31 Deireadh Fómhair sa bhliain dá éis.

Féach Dáta luachála agus luach na sochar le tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi leis an dáta luachála a chinntiú.

Ar aghaidh: Rialacha CFC um chomhiomlánú