Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) a cheartú nó Mionnscríbhinn Cheartúcháin (Foirm CA26) a chomhlánú

Tabhair do d’aire

Tháinig an Fhoirm ar líne SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) in áit an Mionscríbhinne Ioncaim Intíre (Foirm CA24) ar 14 Mheán Fómhair 2020. Féadtar an fhoirm seo a chomhlánú ar líne ar moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Céard iad na cúinsí ina bhféadtar ceartúcháin a dhéanamh?

Ní fhéadtar an Fhoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) nó Mionscríbhinn Ioncaim Intíre (Foirm CA24) a cheartú ach amháin le hearráidí nó easnaimh a leasú. Ní chlúdaítear ann eachtraí a tharla tar éis dháta an bháis, amhail nuair a thagann laghdú ar luach maoine. Ní mheastar gur earráidí ábharacha iad luaineachtaí sa mhargadh maoine.

Samplaí d’earráidí nó d’easnaimh ábharacha ina bhféadtar ceartúchán a thíolacadh is ea:

  • má tá gá an mhaoin a chur leis nár eol do do dhlíodóir nó do d’ionadaí pearsanta a thíolaic d’Fhoirm SA.2 nó CA24
  • agus
  • má cuireadh maoin san áireamh ar an bhFoirm SA.2 nó CA24 bunaidh nach bhfuil mar chuid d’eastát an duine éagtha.

Ní mór doiciméid tacaíochta a thíolacadh chun an chúis leis an gceartúchán a léiriú.

Ceartúcháin má thíolaic tú Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid)

Beidh an rogha leis an bhfoirm a leasú ar fáil ar líne nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agus tíolactha ar moChúrsaí nó ar ROS.

Ceartúcháin má thíolaic tú Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre (Foirm CA24)

Féadfaidh sé gur thíolaic tú Mionscríbhinn Ioncaim Intíre (Foirm CA24) do na Coimisinéirí Ioncaim i leith báis a tharla idir an 5 Nollaig 2001 agus an 4 Meán Fómhair 2020. Más ea, is gá duit an Mhionscríbhinn Cheartúcháin (Foirm CA26) a chomhlánú.

Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a thíolacadh i ndúblach don Oifig Probháide. Is gá duit na doiciméid chuí eile uile a thíolacadh:

  • an deonú Ionadaíochta bunaidh
  • agus
  • banna riaracháin (más cuí).

Ceartúcháin má thíolaic tú Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre (Foirm CA24) (seanleagan)

Féadfaidh sé gur thíolaic tú Mionscríbhinn Ioncaim Intíre (Foirm CA24) (seanleagan) do na Coimisinéirí Ioncaim i leith báis a tharla idir an 1 Aibreán 1975 agus an 4 Nollaig 2001. Má thíolaic, is gá duit an Mhionscríbhinn Cheartúcháin (Foirm CA26 2001 edition) a chomhlánú. Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Tá na sonraí teagmhála curtha ar fáil ag bun an leathanaigh seo.

Ceartúcháin más ionadaí pearsanta thú

Más ionadaí pearsanta thú, féadfaidh tú an Fhoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) a leasú má thíolaic tú an leagan páipéir. Féadtar é seo a dhéanamh tríd an bhFoirm Leasaithe SA.2A um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) a chomhlánú. Féadtar é seo a fháil ach glaoch ar an Líne Chabhrach Náisiúnta CFC ar 01 738 3673 agus í a iarraidh. Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a chur ar ais chuig:

Na Coimisinéirí Ioncaim
An tAonad Cánach Fáltas Caipitiúil
9–15 Sráid Uí Chonaill Uachtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 YT32.