Creidmheasanna a fhéadtar a éileamh in aghaidh na Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC)

Faoiseamh aontaobhach

Is éard is faoiseamh aontaobhach ann ná faoiseamh ó chánachas dúbailte i leith maoine eachtracha a fhaightear le bronntanais nó le hoidhreacht. Níl sé ar fáil ach amháin nuair nach bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte i bhfeidhm idir Éire agus an tír eile. Tá faoiseamh incheadaithe i leith cáin forchurtha ag tír eachtrach ar mhaoin suite sa tír eachtrach sin.

Is é an creidmheas incheadaithe ná an ceann is ísle de:

  • shuim an CFC iníoctha ar an maoin eachtrach
  • suim na cánach eachtraí ar an maoin eachtrach.

Ní fhéadtar an creidmheas a dheonú ach amháin nuair a eascraíonn cáin sa dá thír mar gheall ar an eachtra céanna.

Má tá tairbhe déanta suas de mhaoine Éireannacha agus eachtracha araon, níl an creidmheas do cháin eachtrach incheadaithe in aghaidh an CFC infheidhme ach don mhaoin eachtrach amháin.

Sampla 1

Fuair Máire, a raibh cónaí uirthi in Éirinn, bás in 2020 agus d’fhág sí a maoine uile dá gariníon Gráinne atá cónaitheach in Éirinn. Bhí eastát Mháire déanta suas de mhaoin Éireannach ar luach €250,000 agus maoin i dTír A ar luach €190,000. Níl Comhaontú um Chánachas Dúbailte i bhfeidhm ag Tír A le hÉirinn. Níl tairseach saor ó cháin Grúpa B ar fáil do Ghráinne. Gearrann Tír A cáin ag an ráta 30%.

Ríomh na Cánach Éireannaí dlite ar mhaoin eachtrach

Cur síos

Suim

Cáin a d’íoc Tír A @30%

€57,000

CFC Éireannach @33% 

€62,700

Lúide faoiseamh aontaobhach don cháin a d’íoc Tír A

(€57,000)

Lúide an tairseacha saor ó cháin Grúpa B atá ar fáil

(0)

CFC Éireannach glan dlite ar mhaoin eachtrach

€5,700

Sa chás seo, tá creidmheas iomlán ar fáil ar an maoin eachtrach. Tá sé seo amhlaidh mar gheall go bhfuil suim na cánach a íocadh i dTír A níos lú ná an tsuim a íocadh in Éirinn.

Sampla 2

Fuair Déaglán, a raibh cónaí air in Éirinn, bás in 2020 agus d’fhág se a heastát uile dá nia Tómás atá cónaitheach in Éirinn. Bhí eastát Dhéagláin déanta suas de mhaoin Éireannach ar luach €425,000 agus maoin i dTír B ar luach €200,000. Níl Comhaontú um Chánachas Dúbailte i bhfeidhm ag Tír B le hÉirinn. Níl tairseach saor ó cháin Grúpa B ar fáil do Thomás. Gearrann Tír B cáin ag an ráta 40%.

Ríomh na Cánach Éireannaí dlite ar mhaoin eachtrach

Cur síos

Suim

Cáin a d’íoc Tír B @40%

€80,000

CFC Éireannach @33%

€66,000

Lúide faoiseamh aontaobhach don cháin a d’íoc Tír B

(€66,000)

Lúide an tairseacha saor ó cháin Grúpa B atá ar fáil

(0)

CFC Éireannach glan dlite ar mhaoin eachtrach

€0

Sa chás seo, tá an creidmheas teoranta do shuim an CFC a íocadh. Tá an cháin a íocadh i dTír B níos mó ná an tsuim a íocadh in Éirinn. Ní fhéadann an creidmheas bheith níos mó ná suim na cánach Éireannaí a íocadh ar an maoin eachtrach.

Cén chaoi a n-éilítear an Faoiseamh Aontaobhach?

Chun an faoiseamh a éileamh, ní mór tuairisceán CFC a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí. Ba chóir doiciméid ó na húdaráis cánach eachtraí a thíolacadh chun tacú le d’éileamh.

Ar aghaidh: CFC roimhe seo ar an imeacht chéanna