Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)

Díolúintí ó Cháin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)

Tá cineálacha éagsúla iontaobhais lánroghnach díolmhaithe ó Cháin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL).

Tá iontaobhais díolmhaithe nuair is féidir a thaispeáint chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil an méid seo a leanas i gceist leo:

  • go bhfuil siad cruthaithe go heisiach chun críocha atá, de réir dhlí an Stáit, poiblí nó carthanúil
  • gur iontaobhais aoisliúntas nó iontaobhais aonaid iad
  • gur iontaobhais iad lena ndéantar foráil maidir le teach oidhreachta nó gairdín a chothabháil
  • gur iontaobhais iad chun leasa daoine nach bhfuil in ann a ngnóthaí féin a bhainistiú mar gheall ar an méid seo:
    • aois nó neamhchríonnacht
    • míchumas fisiceach
    • míchumas meabhrach
    • míchumas dlíthiúil.

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an díolúine:

Ar aghaidh: Formhuirear tíolactha dhéanaigh