Dualgais tíolactha le haghaidh iasachtaí áirithe saor ó ús

Cén uair atá iasacht saor ó ús intuairiscithe?

Má fhaigheann tú bronntanas maidir le hiasacht shonraithe, féadfaidh sé go mbeidh ort tuairisceán Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) a thíolacadh.

Is éard is iasacht shonraithe ann ná aon iasacht, réamhíocaíocht nó aon chineál creidmheasa:

  • a fuair tú ó gharghaol
  • a fuair tú ó chuideachta a bhfuil garghaol ina húinéir tairbhiúil uirthi
  • arna dhéanamh ag garghaol le cuideachta a bhfuil tú i d'úinéir tairbhiúil uirthi
  • idir dhá chuideachta sna cásanna seo a leanas:
    • is úinéir tairbhiúil thú ar an gcuideachta iasachtaíochta
    • agus
    • is úinéir tairbhiúil de chuid na cuideachta iasachta é garghaol.

Tabhair do d’aire

Is éard is garghaol ann ná duine atá gaolta leat chun críocha thairseacha Ghrúpa A nó Ghrúpa B.

Beidh ort tuairisceán CFC a thíolacadh sna cásanna seo a leanas:

  • meastar gur ghlac tú bronntanas chun críocha CFC maidir le hiasacht shonraithe
  • níor íocadh aon ús ar an iasacht laistigh de 6 mhí ó dheireadh bhliain an bhronntanais sin
  • agus
  • gur mó an t-iarmhéid comhcheangailte ar an iasacht agus aon iasacht shonraithe eile ná €335,000 sa bhliain.

Cén fhaisnéis a bheidh ort a chur ar fáil

Má tá ort tuairisceán CFC a thíolacadh nuair a fhaightear bronntanas maidir le hiasacht shonraithe, cuir an méid seo a leanas san áireamh:

  • ainm, seoladh agus uimhir thagartha cánach an duine a thug an t-iasacht duit
  • agus
  • an t-iarmhéid amuigh ar an iasacht.

Sampla

Faigheann Séamus iasacht saor ó ús €500,000 óna athair ar an 01 Eanáir 2024. Is é an ráta fáltais is airde a d'fhéadfadh sé a fháil ó infheistíocht i dtaisce ar an tsuim seo ná 1.5%. Tá an iasacht fós gan íoc ar an 31 Nollaig 2024.

Ríomh an luach incháinithe

Cur síos

Luachanna

Luach iasachta

€500,000

Méadaigh faoin ráta fáltais is airde

1.5%

Luach Incháinithe

€7,500

 

Chun críocha CFC, meastar go nglacann Séamus le bronntanas de €7,500 óna athair ar an 31 Nollaig 2024. Tar éis an díolúine i leith bronntanais bheaga a cheadú, is é luach incháinithe an bhronntanais ná €4,500. Comhairtear é seo i dtreo tairsí Grúpa A Shéamais.

Ag glacadh leis nár úsáid Séamus aon cheann dá thairseach Ghrúpa A, ní thagann aon dliteanas cánach chun cinn maidir leis an mbronntanas. Ní sháraíonn luach incháinithe an bhronntanais 80% dá thairseach Ghrúpa A agus de ghnáth ní bheadh air tuairisceán CFC a thíolacadh.

Ón 01 Eanáir 2024, áfach, beidh air tuairisceán CFC a thíolacadh le haghaidh gach bliain a bhfuil an iasacht gan íoc.