Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhíol, ar bhronntanas, nó ar mhalartú sócmhainne

Léargas ginearálta

Is éard is CGC ann ná cáin a n-íoctar ar aon ghnóthachan caipitiúil (brabús) a dhéantar nuair a dhéantar sócmhainn a dhiúscairt. Gearrtar cáin ar an ngnóthachan inmhuirir, seachas ar an tsuim iomlán a fhaightear. Go hiondúil, is é an gnóthachan inmhuirir an difríocht idir an praghas a íoctar i leith na sócmhainne agus an praghas diúscartha. Tá CGC iníoctha ag an duine a dhéanann an diúscairt.

Is éard is sócmhainn ann ná rud éigin a bhfuil luach aige a fhéadtar a thiontú isteach ina airgead tirim. Tá sócmhainn diúscartha agat más rud é:

  • gur dhíol tú é
  • gur thug tú mar bhronntanas é
  • gur aistrigh tú é
  • go bhfuair tú cúiteamh nó árachas ina leith.

CGC agus oidhreacht

Féadfaidh sé go bhfuarthas sócmhainn mar oidhreacht. Má dhéanann tú an tsócmhainn seo a dhiúscairt ag aon tráth tar éis é a fháil mar oidhreacht, beidh tú faoi dhliteanas CGC.

Meastar go raibh an tsócmhainn faoi d’úinéireacht ó dháta báis an duine óna bhfuarthas an oidhreacht. Is é an luach margaidh ag dáta an bháis an costas a bheidh ort.

Tabhair do d’aire

Go ginearálta, níl aon CGC dlite ar shócmhainn a aistrítear tar éis bháis. Má dhíolann ionadaí pearsanta an tsócmhainn le linn na tréimhse riaracháin, féadfaidh sé go mbeidh CGC dlite.

Má fhaigheann tú sócmhainn tar éis bháis, féadfaidh sé go mbeidh impleachtaí Cánach Fáltas Caipitiúil i gceist.

Daoine aonair neamhchónaitheacha

Má tá tú neamhchónaitheach in Éirinn, íoctar CGC i leith gnóthachain ar dhiúscairt:

  • talamh, foirgnimh agus mianraí in Éirinn
  • cearta taiscéalaíochta nó saothraithe na scairbhe ilchríochaí Éireannach
  • scaireanna neamhluaite a bhfuil an chuid is mó dá luach á heascrú:
    • ó thalamh, fhoirgnimh nó mhianraí in Éirinn
    • ó chearta saothraithe na scairbhe ilchríochaí Éireannaí
    • ó shócmhainní a úsáidtear chun críche trádála a dhéantar in Éirinn.

Cuideachtaí

Go hiondúil cuireann cuideachtaí a ngnóthachain chaipitiúla san áireamh ina mbrabúis chun críocha Cánach Corparáide (CC). Nuair a dhéanann cuideachta gnóthachan caipitiúil ó thalamh forbraíochta a dhiúscairt, ní mór don chuideachta CGC a íoc seachas Cáin Chorparáide. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach Gnóthachain chaipitiúla do chuideachtaí.

Ar aghaidh: Céard air a n-íoctar CGC?