Do Cháin Ioncaim a ríomh

Féachaint ar do shonraí pá agus cánach

 Ón 01 Eanáir 2019, tá dualgas ar d’fhostóir do phá agus d'asbhaintí Cánach Ioncaim a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar, nó roimh, gach dáta Íocaíochta.

Más chustaiméir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, féadtar féachaint ar do shonraí pá agus cánach thuairiscithe ag d’fhostóir. Tá an t-eolas seo tugtha suas chun dáta thar oíche agus féadtar teacht ar trí 'Seirbhísí ÍMAT' i moChúrsaí.

Don bhliain reatha, chun teacht ar an t-eolas seo:

  • Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do Cháin’ sa chárta 'Seirbhísí ÍMAT' ar leathanach baile moChúrsaí.
  • Cliceáil ar an nasc ‘Amharc’ in aice leis an bpost nó pinsean atá uait.
  • Beidh do shonraí párolla don bhliain go dtí seo le feiceáil anseo.
  • Cliceáil ar an nasc ‘Amharc’ in aice le aon tíolacadh párolla sonrach atá uait.

Féadtar feachaint ar do shonraí pá agus cánach le haghaidh 2019 anuas chomh maith. Chun é sin a dhéanamh:

  • Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin’ sa chárta 'Seirbhísí ÍMAT' ar leathanach baile moChúrsaí.
  • Roghnaigh an bliain atá uait ón bosca anuas.
  • Roghnaigh Achoimre Sonraí Fostaíochta.
  • Cliceáil ar an nasc ‘Amharc’ in aice leis an post nó pinsean atá uait.
  • Beidh do shonraí párolla don bhliain go dtí seo le feiceáil anseo.

Níl ach do phá agus asbhaintí reachtúla le féachaint anseo. Níl asbhaintí neamhreachtúla san áireamh san eolas a thuairiscíonn d’fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim, amhail suibscríobhanna ceardchumainn nó íocaíochtaí le do chomhar creidmheasa.

Ní mór d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a thabhairt do d’fhostóir nó soláthraí pinsin. Mura ndéanann tú é seo, ní bheidh tú in ann féachaint ar an bhfaisnéis phárolla a thuariscigh d’fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim.