Tairgí pinsin

Léargas ginearálta

Tugtar achoimre sa rannán seo ar chineálacha éagsúla táirgí pinsin agus tugtar roinnt sonraí a bhaineann go sonrach le gach ceann acu.

Is foinsí incháinithe ioncaim iad pinsin phearsanta agus pinsin cheirde. Tá sochair phinsin faoi réir Cáin Ioncaim agus an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU). Beidh roinnt pinsin faoi réir Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC), ag brath ar chúinsí pearsanta an phinsinéara. Déanfaidh do sholáthraí pinsin an cháin a asbhaint ó gach íocaíocht a dhéanann siad leat. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcaoi a ngearrtar cáin ar phinsin, féach Cánachas ar phinsin.

Féadtar faoiseamh cánach a fháil ar ranníocaíochtaí a íocann tú chuig do phinsean. Le haghaidh tuilleadh eolais ar fhaoiseamh cánach, féach Faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí pinsin.

Ba chóir duit gach ceist a bhaineann le táirgí pinsin a threorú chuig do sholáthraí pinsin.

Ar aghaidh: Táirgí Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)