Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Cén chaoi ar oibrigh an SFSP?

Chuir fostaithe an SFSP i bhfeidhm trína gcóras párolla. Chinntigh sé seo go bhfuair tú an íocaíocht fóirdheontais pá chomh maith le haon íocaíochtaí eile a rinne d’fhostóir.

Ní raibh ort aon rud a dhéanamh chun leas a bhaint as an SFSP. Bhí ar d’fhostóir clárú le haghaidh na scéime leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Iarradh ar d’fhostóir de réir dlí an ghné fhóirdheontais a chur in iúl duit ar leithligh ar do dhuillín phá mar 'GovCov19 WageSub’.

Íocaíochtaí breise ón bhfostóir

D’fhéadfadh d’fhostóir íocaíochtaí breise a dhéanamh leat, chun cur leis an íocaíocht fóirdheontais a bhí á déanamh.

Bhí na suimeanna íocaíochta breise faoi réir teorainneacha áirithe. Ní fhéadfadh an fóirdheontas pá agus an íocaíocht bhreise le chéile a bheith níos mó ná 100% de do ghnáth-ghlanphá seachtainiúil roimh COVID.

Caitheadh​leis na híocaíochtaí breise seo mar phá comhlán, bhí siad incháinithe agus tuairiscithe ar tíolacadh párolla an fhostóra.

Íocaíochtaí fóirdheontais

Bhí suim an fhóirdheontais a íocadh le d’fhostóir bunaithe ar an Meán-Ghlanphá Seachtainiúil (MGPS) a fuair tú sula ndeachaigh géarchéim na paindéime i bhfeidhm ar ghnó d’fhostóra. Ríomhadh do MGPS ag úsáid na sonraí pá agus cánach le haghaidh mhí Eanáir agus Feabhra 2020.

Bhí dhá chéim i gceist leis an SFSP:

  • an idirthréimhse (26 Márta go dtí an 3 Bealtaine 2020)
  • an chéim oibriúcháin (4 Márta go dtí 31 Lúnasa 2020).

Bhí rátaí éagsúla ann do gach céim.

Ar aghaidh: Cén uair a bhí fostaí incháilithe?