Éire a fhágáil

Bonn bliana scoilte sa bhliain a fhágann tú

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag bogadh thar lear. Féadtar ‘bonn bliana scoilte’ a éileamh sa bhliain imeachta más:

  • cónaitheoir thú sa bhliain imeachta
  • agus
  • neamhchónatheoir in Éirinn thú an bhliain ina dhiaidh

Ciallaíonn sé seo go bhfuil tú i do dhuine cónaitheach go dtí an dáta a imíonn tú. Gearrtar cáin ar d’ioncam uile fostaíochta go dtí an dáta sin ar an ngnáthbhealach. Déantar neamhaird chun críocha cánach Éireannach ar d’ioncam fostaíochta eachtraigh ón dáta a imíonn tú. De ghnáth, ceadaítear creidmheasanna cánach iomlána ar ‘bhonn carnach’. Ciallaíonn sé seo go bhfaighidh tú bliain iomlán creidmheasanna cánach cé nach raibh tú cónaitheach anseo ach ar feadh cuid den bhliain.

Baineann bonn bliana scoilte le hioncam fostaíochta amháin.

Ag braith ar an tréimhse a bheidh tú ag fanacht thar lear, féadfaidh sé gur gá duit ceachtar díobh seo a fháil:

  • ráiteas ó d’fhostóir
  • cóip de do chonradh fostaíochta.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh

Féadfaidh tú iarratas le haghaidh bonn bliain scoilte a dhéanamh i scríbhinn agus an doiciméad riachtanach a sheoladh:

Ar aghaidh: An bhfuil tú i dteideal aisíocaíocht chánach?