Trádálaithe atá cláraithe do CBL Éireannach ag aiséileamh CBL ó bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE)

Féadfaidh trádálaithe atá cláraithe do CBL in Éirinn agus a bhfuil Cáin Bhreisluacha (CBL) íoctha acu i mBallstáit eile an Aontais Eorpaigh (AE) an CBL a aiséileamh ón mballstát eile sin.

Féadfaidh trádálaithe nó a ngníomhaire CBL a éileamh ar ais trí éileamh a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) faoin gcóras Aisíocaíochtaí CBL Leictreonacha (EVR).

Roimh éilimh a thíolacadh, bíodh a fhios agat cén teanga ina dteastaíonn ón mBallstát aisíocaíochta an t-éileamh a dhéanamh. Chomh maith, seiceáil cé na tréimhsí ama a fhéadtar éileamh a thíolacadh ina leith.

Cén chaoi a bpróiseáiltear an t-éileamh?

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim an t-éileamh EVR ar aghaidh chuig an mBallstát aisíocaíochta lena phroiseáil. Féadfaidh sé go n-iarrfaidh an Ballstát aisíocaíochta go gcuirfí ceangaltáin scanta, sonraisc san áireamh, in éineacht leis an éileamh.

Tabhair do d’aire nach bhféadtar méid iomlán an cheangaltáin a bheith níos mó ná 5MB.

Má tá an ceangaltán níos mó ná 5MB, níor chóir duit ach na sonraisc is mó a scanadh agus iad a cheangal le d’éileamh. Féadfaidh an ballstát aisíocaíochta na sonraisc eile a lorg ag dáta dá éis.

Féadtar an t-éileamh a ullmhú as líne agus na sonraisc a uaslódáil chuig EVR ar ROS.

Ní mór duit na ceannacháin uile a thabhaíonn CBL a rangú de réir na gcód agus na bhfo-chód araon ar ROS.

Nuair atá d’éileamh EVR comhlánaithe i gceart, gheobhaidh tú uimhir tagartha uathúil ó ROS. Beidh ort an uimhir seo a lua nuair atá tú ag déanamh fiosrú i dtaca leis an éileamh. Féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Neamhchláraithe CBL trí m'Fhiosruithe.

Ní mór duit na cáipéisí uile tacaíochta a choinneáil ar feadh sé bliana ó dheireadh na bliana ina ndéantar an t-éileamh.

Iarratais chuig Il-Bhallstáit

Má tá iarratas á dhéanamh agat chuig níos mó ná Ballstáit aisíocaíochta amháin sa tréimhse chéanna:

  • téigh chuig Sínigh agus Tíolaic, ansin
  • sábháil an t-iarratas in Obair Idir Lámha.

Céard a tharlaíonn má tá níos mó ná uimhir CBL amháin agat?

Má tá níos mó ná uimhir CBL amháin agat, ní mór duit an aisíocaíocht a éileamh ag baint úsáide as an uimhir CBL ar eisíodh an sonrasc ina leith.

Grúpaí CBL

Ní fhéadfaidh seoltóirí grúpa CBL éileamh a thíolacadh ach amháin ag baint úsáide as uimhir an tseoltóra ghrúpa. Mura bhfuil uimhir íocóra grúpa ann, féadfaidh gach ball den ghrúpa a n-iarratas féin a thíolacadh.

Cé mhéad éileamh a fhéadtar a dhéanamh?

Féadfaidh iarratasóirí suas le cúig iarratas a thíolacadh in aon bhliain féilire amháin.

An bhféadtar éileamh a leasú?

Ní fhéadtar éileamh a leasú chun d’aisíocaíocht a mhéadú. Ní mór duit fanacht agus na sonraisc bhreise a thíolacadh ar an tréimhse dheiridh 12 mhí den éileamh. Féadtar an t-éileamh ceartaithe a thíolacadh trí ROS.

An bhfuil teorainn ama ann chun éileamh aisíocaíochta a dhéanamh?

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an aisíocaíocht roimh an 30ú Meán Fómhair den bhliain féilire i ndiaidh na bliana a rinne tú an ceannachán. Mar shampla: rinne tú an ceannachán in Aibreán 2016, tá go dtí an 30ú Meán Fómhair 2017 chun an t-éileamh a thíolacadh.

Cén chaoi a ndéantar aisíocaíochtaí?

Déanfar an aisíocaíocht trí ríomhaistriú airgid (EFT) chuig na sonraí bainc a soláthraíodh san éileamh.