Rochtain ar dheimhnithe stampa

Leis an tseirbhís rochtana deimhnithe stampa, féadtar do dheimhniú stampa a rochtain, a fheiceáil agus a phriontáil ar líne le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Tá dhá áis ag ROS le go bhféadtar teacht ar dheimhniú stampa:

  • áis cuardaigh tríú-páirtí
  • áis cuardaigh agus aisghabhála.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do chustaiméirí, atá cláraithe le haghaidh ROS, a dteastaíonn cóip leictreonach uathu de dheimhniú stampa. Eisítear an deimhniú stampa do thíolaiceoirí ag deireadh an phróisis ríomh-stampála.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an áis cuardaigh tríú-páirtí a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • uimhir an deimhnithe stampa
  • aitheantas an doiciméid
  • dáta forghníomhaithe na hionstraime
  • dáta an deimhnithe stampa.

Leis an áis chuardaigh agus aisghabhála, féadtar cuardach a dhéanamh ar dheimhniú stampa le haon cheann den mhéid seo thíos:

  • ainm an cheannaitheora
  • ainm an díoltóra
  • uimhir aitheantais an doiciméid
  • taobh istigh de raon sonrach dátaí.  

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Tá an tseirbhís seo ar fáil trí ROS.

Má thíolaic tú an tuairisceán bunaidh Dleachta Stampa, féadtar do dheimhniú stampa a rochtain, a fheiceáil agus a phriontáil leis an áis chuardaigh agus aisghabhála ROS.

Murar thíolaic tú an tuairisceán bunaidh Dleachta Stampa, féadtar an deimhnithe stampa a rochtain agus a fheiceáil tríd an áis cuardaigh tríú páirtí ROS.