Do dhualgais tuairiscithe a bhainistiú

Leis an tseirbhís bainistithe tuairiscithe dualgas, féadtar bainistiú a dhéanamh ar an gclárúchán le haghaidh na ndualgas tuairiscithe seo a leanas:

  • DAC2-CRS (Treoir 2014/107/AE ón gComhairle maidir le malartú uathoibríoch éigeantach faisnéise i réimse an chánachais (DAC2) – Comhchaighdeán Tuairiscithe (CRS)).
  • DAC4-CbCR (Treoir 2016/881 ón gComhairle maidir le malartú uathoibríoch éigeantach faisnéise i réimse an chánachais (DAC4) – Tuairisciú Thír de réir Tíre (CbCR)).
  • DAC6 (Treoir ón gComhairle 2018/822/AE maidir le malartú uathoibríoch faisnéise éigeantach i réimse an chánachais (DAC6)).
  • DAC7 (Treoir ón gComhairle 2021/514/AE maidir le malartú uathoibríoch faisnéise éigeantach i réimse an chánachais (DAC7)) - tairseach clárúcháin ag oscailt ar an 01/11/23.
  • FATCA (An tAcht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach).

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do chustaiméirí atá cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus ar mian leo:

  • clárú le haghaidh dualgas tuairiscithe
  • clárúchán dualgais tuairiscithe a scor
  • athchlárú le haghaidh dualgas tuairiscithe.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • do chuid sonraí clárúcháin le haghaidh ROS
  • an dualgas tuairiscithe ar mian leat a chlárú, a scor, nó a athchlárú
  • an dáta is mian leat é a chlárú, a scor nó a athchlárú.

Cén chaoi le do chuid dualgas tuairiscithe a bhainistiú

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS, ach an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ a oscailt agus faoin rannán ‘Seirbhísí Eile’, cliceáil ar ‘Bainistigh Oibleagáidí Tuairiscithe’.