Aisíocaíocht dífhostaíochta a éileamh
Cén chaoi le haisíocaíocht dífhostaíochta ar líne a éileamh
Féadtar éileamh le haghaidh aisíocaíocht dífhostaíochta ar líne a dhéanamh tríd an gcárta 'Seirbhísí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT)' in moChúrsaí don bhliain chánach reatha. Má bhí tú dífhostaithe sa bhliain cánach roimhe ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú don bhliain shonrach sin.
Is gá duit aon ioncam breise a dhearbhú agus aon chreidmheasanna cánach a bhfuil tú ina dteideal a éileamh, sula leanann tú ar aghaidh le haisíocaíocht dífhostaíochta ar líne a éileamh. Féadfaidh tú é seo a dhéanamh trí ‘Bainistigh do cháin’, i moChúrsaí.
Beidh do shonraí pá agus cánach agus dáta scoir ar fáil in moChúrsaí nuair a bheidh siad tuairiscithe ag d’fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim. Tabhair do d'aire gur gá d'fhostaíocht a bheith scortha chun aisíocaíocht dífhostaíochta a éileamh.
Iarrfar ort an chúis le d’éileamh a lua. Mar shampla, má tá tú dífhostaithe nó má tá tú ag dul thar lear. Cuirfear ceisteanna cuí ort ansin a theastaíonn chun d’éileamh a phróiseáil.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Custaiméirí moChúrsaí
Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ‘Aisíocaíocht dífhostaíochta a éileamh’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT a chliceáil.
Custaiméirí ROS
Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ a oscailt agus faoin rannán ‘Seirbhísí Eile’, cliceáil ar ‘Seirbhísí ÍMAT 2019’.
Féach ar Tréimhsí dífhostaíochta sa rannán Poist agus pinsin, chun tuilleadh eolais a fháil ar an méid seo:
- cé lena n-aghaidh an tseirbhís seo
- agus
- cén uair a fhéadtar éileamh i leith aisíocaíocht dífhostaíochta a dhéanamh.