Ríomh-Dheimhniú Comhréireachta le haghaidh na Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF)

Leis an tseirbhís ríomh-Deimhniú Comhréireachta, féadtar  ríomh-Dheimhniú Comhréireachta a uaslódáil, nó a chur isteach de láimh, le haghaidh d’fheithicle. Féadtar cuardach a dhéanamh le haghaidh ríomh-Dheimhniú Comhréireachta reatha, nó é a leasú.

Cruthaíonn déantóirí feithiclí Deimhniú Comhréireachta uathúil le haghaidh gach feithicle a dhéanann siad. Léiríonn sé comhlíontacht le ceadú an chineáil, agus faisnéis áirithe feithicle.

Ó 12 Meán Fómhair 2016, iarrtar ó thaobh an dlí ríomh-Dheimhniú Comhréireachta a bheith ag gach mótarfheithicil nua a chláraíonn na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór an méid seo a bheith tíolactha ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim sula gcláraíonn tú an fheithicil.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann le haghaidh daoine aonair agus le haghaidh úsáideoirí gnó cláraithe. Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun an tseirbhís ríomh-Dheimhniú Comhréireachta a úsáid.

Tá an rogha ag úsáideoirí gnó ríomh-Dheimhnithe Comhréireachta a uaslódáil i mbulc trí ROS.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Is gá an méid seo a leanas a bheith ag úsáideoirí gnó cláraithe a dhéanann ríomh-Dheimhniú Comhréireachta a uaslódáil trí ROS:

  • Ríomh-Dheimhniú Comhréireachta bailí san fhormáid cheart XML[1]
  • d’Uimhir Cuntais Trádálaí (TAN) nó Uimhir Chustaiméara[2]
  • an cód staitistiúil[3]
  • uimhir an teastais breithe[4]
  • luach na míreanna breise.[5]

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Ar an gcárta ‘Seirbhísí Feithicle’, cliceáil ar ‘Deimhniú Comhréireachta CCF’.
  • Roghnaigh ‘Ionchuir Deimhniú Comhréireachta de Láimh’ nó ‘Uaslódáil Deimhniú Comhréireachta’.

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Sa rannán ‘Seirbhísí Eile’ cliceáil ar ‘Deimhniú Comhréireachta CCF’.
  • Roghnaigh ‘Ionchuir Deimhniú Comhréireachta de Láimh’ nó ‘Uaslódáil Deimhniú Comhréireachta’.

[1] Mura bhfuil an fhormáid cheart XML ar fáil, ní mór ansin sonraí an Deimhnithe Comhréireachta a chur isteach de láimh.

[2] Teastóidh an t-eolas seo uait má tá tú ag tíolacadh Deimhniú Comhréireachta le ROS.

[3] Teastóidh an t-eolas seo uait má tá tú ag tíolacadh Deimhniú Comhréireachta le ROS.

[4] Teastóidh an t-eolas seo uait má tá tú ag tíolacadh Deimhniú Comhréireachta le ROS.

[5] Teastóidh an t-eolas seo uait má tá tú ag tíolacadh Deimhniú Comhréireachta le ROS.