Faoiseamh Ús Morgáiste

Clárú le haghaidh Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (TRS) - Faoiseamh Ús Morgáiste

Tabhair faoi deara le do thoil::
Ba chóir duit an nasc seo a úsáid chun do mhorgáiste a chlárú le haghaidh FCF más rud é nach bhfuil an iasacht seo cláraithe agat roimhe seo. Féadann tú an nasc seo a úsáid freisin chun éileamh a dhéanamh i leith úis a íocadh i mblianta roimhe seo (suas le 4 bliana anuas) ar an morgáiste seo nó má tá iarratas á dhéanamh agat ar fhaoiseamh ar bhreisiú ar iasacht atá ann cheana féin.

Is é d’iasachtóir a sholáthraíonn faoiseamh ús morgáiste ag an bhfoinse. Is ionann an laghdú a thiocfaidh ar do mhorgáiste agus an méid atá i do chreidmheas cánach.

Tabhair faoi deara, chun iarratas a dhéanamh ar TRS, nach mór duit d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN) agus d'uimhir chuntais mhorgáiste, a fuair tú ó do bhanc, a bheith agat. Ní cóir duit iarratas a dhéanamh ar do mhorgáiste a chlárú go dtí tar éis dáta do chéad íocaíocht mhorgáiste.

Ní cóir duit do mhorgáiste a chlárú go dtí tar éis dáta do chéad aisíocaíocht mhorgáiste.

Le haghaidh breis eolais, téigh i dteagmháil leis an Líne Chabhrach TRS ar 1890 46 36 26 nó seol ríomhphost chuig trsadmin@revenue.ie

Luaigh an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) le do thoil ar ghach comhfhreagras.

Iúil 2012

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil