Cúlra ROS

Agus muid mar cheann de na próiseálaithe eolais is mó in Éirinn, caitheann na Coimisinéirí Ioncaim acmhainní móra ar ionchur an eolais a fhaighimid ónár gcustaiméirí inár ríomhchórais. Caithimid cuid mhaith acmhainní chomh maith ar eolas a sholáthar thar an gcuntar, ar an nguthán, trí fhacs, litreacha agus ríomhphost do chleachtóirí cánach, cuntasóirí, gnólachtaí agus custaiméirí aonair, gníomhaíochtaí a chaitheann acmhainní agus daonchumhacht a d'fhéadfaí a chur ar fáil le haghaidh soláthar Sheirbhísí eile do Chustaiméirí.

Tá cuid mhaith den eolas a fhaighimid ar pháipéar agus ullmhaítear agus stóráiltear é i ríomhaire ar dtús sula seoltar chugainne é, i gcuid mhaith cásanna. Anuas air sin, tá na costais agus na moilleanna a bhíonn oraibh agus an frustrachas a bhraitheann sibh mar chustaiméirí mar thoradh ar ullmhú agus próiseáil na dtuairisceán páipéir, tá siad aitheanta againn mar cheisteanna ríthábhachtacha ar gá díriú orthu chun do chostais chomhlíonta a laghdú agus ár seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú.

Is é ceann de na straitéisí atá curtha i bhfeidhm againn chun an feabhsú seo a bhaint amach ná spreagadh comhdú leictreonach tuairisceán agus dearbhuithe, chomh maith le malartú eile eolais leictreonaigh. Tá sé seo mar chuid de thionscnamh níos leithne chun gnó leictreonach a spreagadh in éineacht le forbairt bonneagair in Éirinn le haghaidh trádáil Idirlín. Sheol na Coimisinéirí Ioncaim ROS sa chomhthéacs seo, rud a mbeidh ról mór aige i soláthar seirbhísí leictreonacha Rialtais.

Deirtear sa Chlár Seirbhíse do Chustaiméirí i Ráiteas Straitéise 1997-1999 go bhfuil sé mar chuspóir "forbairt bhreise a dhéanamh ar sheirbhís do chustaiméirí trí éascú a dhéanamh ar dhéileáil ar chustaiméirí go léir leis na Coimisinéirí Ioncaim chomh mór agus is féidir". Bealach amháin inar féidir é seo a bhaint amach ná trí 'chomhdú leictreonach Tuairisceán agus Dearbhuithe a spreagadh, chomh maith le malartú eile eolais leictreonaigh'. Ceapadh Bainisteoir Straitéise atá freagrach as forbairt ár straitéis gnó leictreonaigh agus as comhdú leictreonach a spreagadh. Ligeann an fhorbairt seo, Seirbhís na gCoimisinéirí Ioncaim ar Líne (ROS), ligeann sé dár gcustaiméirí a ngnó a dhéanamh linn go leictreonach. In ainneoin éilimh fhéideartha eile ar a n-acmhainní, tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta na hacmhainní riachtanacha a sholáthar le cinntiú go mbeidh ROS ina chuid lárnach dá seirbhísí comhdaithe, íocaíochta agus eolais sna blianta amach romhainn.

Cé go nglactar le tuairisceáin pháipéir go fóill ar ndóigh, tá sé mar chuspóir réimse roghanna a sholáthar do chustaiméirí le haghaidh comhdú tuairisceán.

Gné ríthábhachtach amháin a bhaineann le forbairt ROS ná teacht na ngníomhairí ar chomhaid chánach a gcliant. Soláthraímid na háiseanna seo a leanas do chleachtóirí:

  • Teacht ar íocaíochtaí, iarmhéideanna, eolas comhlíonta tuairisceán agus íocaíochtaí a gcliant atá mar cháiníocóirí, i mbunachar sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • Áis chun sonraí 'ionadaíochta gníomhaire' an cháiníocóra a athrú i gcomhaid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh cliaint reatha amháin. Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de bheith freagrach as cliaint nua a chur leis
  • Áis chun slándáil teachta a leithdháileadh agus a chothabháil taobh istigh dá ngnólacht.

Tá na cineálacha áiseanna seo á leathnú de réir a chéile chun réimse leathan cánacha agus dleachtanna a chuimsiú.

Ar ais go Barr

Buntáistí a bhaineann le Comhdú Leictreonach do Chustaiméirí

Chomh maith le teacht ar chuntais na gcustaiméirí ag na Coimisinéirí Ioncaim a cheadú, soláthraíonn ROS na tairbhí seo a leanas do chleachtóirí agus do chustaiméirí eile:

  • Seachaint dúblála iarrachta agus laghdú suntasach ar chostais chomhlíonta
  • Laghdú ar láimhseáil páipéir, ar fhótachóipeáil agus ar chostais chomhlíonta
  • Úsáid ama níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla
  • Próiseáil níos cruinne ar thuairisceáin
  • Teacht ar do chuntas féin ag na Coimisinéirí Ioncaim ó do ríomhaire pearsanta féin
  • Teacht ar na Coimisinéirí Ioncaim 24 uair in aghaidh an lae, gach lá den bhliain
  • Áiseanna ríofa le cabhrú le custaiméirí
  • Admháil tuairisceán ar an bpointe boise
  • Próiseáil níos tapúla ar thuairisceáin agus ar íocaíochtaí
  • Aisíocaíochtaí níos tapúla

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil