Ceisteanna Coitianta faoi ÍMAT aon tráth aon lá
- ÍMAT aon tráth aon lá - Ceisteanna Coitianta Ginearálta
- ÍMAT aon tráth aon lá - Ceisteanna Coitianta ag Gníomhairí do Chliaint
ÍMAT aon tráth aon lá - Ceisteanna Coitianta Ginearálta
Céard is ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ann?
Seirbhís Ar Líne Choimisinéirí Ioncaim na hÉireann d’fhostaithe is ea ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá. Soláthraíonn an áis idirghníomhach seo bealach tapa, slán agus cost-éifeachtúil le cánacha a bhainistiú ar líne do dhaoine a íocann cáin faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT). Trí ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá, is féidir leat leas a bhaint as réimse iomlán seirbhísí lena n-áirítear féachaint ar an bhfaisnéis atá ar an taifead atá ag na Coimisinéirí Ioncaim ort. Is féidir leat Creidmheasanna Cánach a éileamh, ioncam breise a fhógairt, agus faisnéis phearsanta áirithe a nuashonrú.
Céard iad na buntáistí a bhaineann le ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a úsáid?
Sciobtha & Solúbtha - Cuireann sé ar do chumas do ghnó a dhéanamh linn go díreach ó ríomhaire ar bith a bhfuil rochtain ar an Idirlíon aige. Ní gá scríobh chugainn, glaoch orainn nó bualadh isteach chuig ár n-oifigí poiblí.
Próiseáil níos sciobtha – Léirítear na hathruithe a iarradh ar do thaifead ÍMAT laistigh de 2 lá.
Admhálacha - Nuair a chuirtear idirbheart isteach le ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá, déanfar é a admháil ar an bpointe agus cuirfear taifead buan ar an idirbheart i Stair d’Iarrataí.
Gan pháipéar - Ní gá éilimh ar pháipéar a chur isteach nuair a chuirtear idirbheart isteach le ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá, cé go mbíonn ort admhálacha a choinneáil ar feadh 6 bliana toisc gur féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim iarraidh amharc orthu ina dhiaidh sin.
Earráidí cléireachais - Cinntíonn bailíochtú ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá go mbíonn na sonraí a chuirtear isteach cruinn, agus cuirtear earráid ar bith in iúl duit ar an bpointe. Seirbhís 24/7/365 - Cuireann an leibhéal rochtana seo ar chumas na gcustaiméirí a gcuntas leis na Coimisinéirí Ioncaim a rochtain agus a nuashonrú ag an am agus san áit is fearr a n-oireann dóibh.
Conas a chláraím le haghaidh ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
Tá sé éasca clárú agus leas a bhaint as réimse leathan seirbhísí. Tá 3 chéim shimplí i gceist leis an gclárú a ligeann do na Coimisinéirí Ioncaim d’aitheantas a bhailíochtú, rud a chinntíonn go mbíonn gach idirbheart ar líne leis na Coimisinéirí Ioncaim slán sábháilte.
Le Clárú - Logáil isteach ar www.revenue.ie agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’ faoin lógó ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá.
- Céim 1 - Cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
- Céim 2 - Cuir isteach do Shonraí Pearsanta
- Céim 3 - Cuir isteach do shonraí teagmhála .i. uimhir theileafóin i rith an lae agus do sheoladh ríomhphoist.
Ná déan dearmad cliceáil ar 'Lean ar Aghaidh' le do shonraí a chur isteach.
Tar éis do shonraí pearsanta a bhailíochtú, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP) duit agus seolfar chugat í sa phost.
Tar éis an chláraithe, céard eile a bheidh ag teastáil uaim le ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a rochtain?
Beidh d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agus na 3 dhigit iarrtha den UAP a sheol na Coimisinéirí Ioncaim chugat de dhíth le do Chuntas a rochtain. Tá 6 dhigit san iomlán sa UAP. Iarrfar ort 3 dhigit a roghnófar go randamach a chur isteach ag céim na Logála Isteach le d’aitheantas a dhearbhú. Beidh ort ceist slándála a fhreagairt freisin. Beidh an cheist slándála seo bunaithe ar fhaisnéis atá i dtaifid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Beidh uasmhéid de 3 iarracht agat an UAP a bhailíochtú nó glasálfar an córas ar feadh 24 huaire.
UAP Dearmadta
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur gá athchlárú leis an tseirbhís ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a úsáid má dhéanann tú dearmad ar an UAP nó má chailleann tú í. Ginfear UAP nua le linn an athchláraithe sin.
Céard iad na blianta atá ar fáil dom in ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
Tá ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ar fáil don bhliain reatha agus do na 4 bliana roimhe sin.
An féidir liom sonraí mo chéile a rochtain/a leasú?
Is féidir - Is féidir le ceachtar den dá chéile na sonraí a rochtain agus a leasú má dhéantar measúnú oraibh ar bhonn comhpháirteach.
An féidir liom m'Ionca(i)m ÍMAT a fhógairt agus Creidmheasanna Cánach a éileamh as Gaeilge?
Is féidir - má tá tú cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim mar chustaiméir le Gaeilge, cuirfear ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ar fáil duit i nGaeilge go huathoibríoch.
Taispeánfar an scáileán duit sa teanga a bhfuil tú cláraithe lena haghaidh. Nuair a bhíonn tú logáilte isteach san fheidhmchlár, is féidir an cnaipe teanga a bhrú le féachaint ar an bhfaisnéis i mBéarla nó i nGaeilge.
An féidir liom ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a úsáid le mo shonraí cánach ÍMAT a rochtain gan athbhreithniú a éileamh?
Is féidir - tá ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ar fáil freisin do chustaiméirí nach dteastaíonn uathu ach rochtain a fháil ar a gcuid sonraí cánach. Níl sé mar riachtanas de chuid ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá gur gá duit idirbhearta a chur isteach go leictreonach má chláraíonn tú leis.
Céard is an leathanach forbhreathnaithe ann?
Taispeántar achoimre na bliana reatha ar an leathanach Forbhreathnaithe. Ina theannta sin, cuireann sé ar do chumas nascleanúint trí na seirbhísí ÍMAT. Is féidir seirbhísí a rochtain ón leathanach seo trí chliceáil ar na táib ar bharr an scáileáin. Is iad seo a leanas na seirbhísí atá ar fáil:
- Do Phróifíl - cuireann seo ar do chumas seirbhísí gan pháipéar a roghnú, agus féachaint ar roinnt de do chuid faisnéise pearsanta atá ag na Coimisinéirí Ioncaim agus í a nuashonrú.
- Ón Leathanach Forbhreathnaithe, is féidir na ceithre bliana roimhe a rochtain trí chliceáil ar an táb a thaispeánann an bhliain ábhartha.
- Féach ar Stair d’Iarrataí - nuair a chliceálann tú ar an táb ‘Stair d’Iarrataí,’ cuirtear ar do chumas d’idirbhearta ÍMAT ar fad a fheiceáil.
Is iad seo a leanas na seirbhísí atá ar fáil sa rannán 'Do Phróifíl':
Cuirfear do Phróifíl os do chomhair an chéad uair a logálann tú isteach ar an láithreán. Anseo, iarrfar ort féachaint ar an bhfaisnéis a chuirtear i láthair agus í a nuashonrú de réir mar is gá.
Sa rannán seo, is féidir leat na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Input details of your bank account into which you can directly receive tax refunds.
- An teanga (Gaeilge nó Béarla) inar mian leat comhfhreagras a fháil a roghnú
- Sonraí teagmhála áirithe a athrú, mar shampla uimhreacha teileafóin agus seoladh ríomhphoist
- Sonraí a thabhairt maidir le leanaí
- Seirbhísí gan pháipéar a roghnú ionas go seolfar do dhoiciméadúchán ó na Coimisinéirí Ioncaim (.i. Ráiteas Comhardaithe (P21) agus Deimhniú Creidmheasa Cánach), chuig 'Stair d’Iarrataí'.
Ní gá ach an fhaisnéis is mian leat a nuashonrú a chur in eagar, agus cliceáil ar an gcnaipe 'Cuir le d'Iarraidh.'
An féidir liom mo sheoladh a athrú trí ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
Ní féidir. Ní féidir d’fhaisnéis teagmhála a athrú trí ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá. Ní mór dul i dteagmháil leis an oifig cánach áitiúil chun do sheoladh a athrú.
Céard is féidir a dhéanamh sa Rannán 'Achoimre na Bliana Reatha'?
Is féidir féachaint ar na creidmheasanna cánach, na hioncaim agus faisnéis ar na bandaí ráta atá ar do thaifead leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi láthair, agus na nithe seo a nuashonrú.
Is féidir creidmheasanna cánach breise a bhfuil tú ina dteideal a éileamh.
Is féidir ioncaim bhreise don bhliain reatha a fhógairt.
Is féidir creidmheasanna cánach (lena n-áirítear Costais Sláinte) a éileamh, nó ioncam eile a fhógairt le haghaidh blianta roimhe seo ach an táb a roghnú le haghaidh ceann ar bith de na blianta roimhe seo atá ar taispeáint.
Is féidir féachaint ar shonraí maidir le Pá agus Cáin agus ráiteas comhardaithe ÍMAT (P21) a iarraidh don bhliain roghnaithe.
An bhfuil áis ríofa ar ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá le cabhrú liom na faoisimh atá dlite a ríomh?
Tá. Nuair a chliceálfaidh tú ar an rogha ‘Ríomh’ (cliceáil ar an gcnaipe 'Ríomh' ar an scáileán), cuirfear méid an fhaoisimh a thabharfar ag an ráta caighdeánach cánach in iúl duit.
Cén fhaisnéis atá ar fáil ar an leathanach Forbhreathnaithe?
Cuireann an leathanach Forbhreathnaithe rochtain ar fáil ar fhaisnéis ar chreidmheasanna cánacha agus ioncaim na bliana reatha agus sna ceithre bliana roimhe sin.
Nuair a roghnaíonn tú bliain, is féidir leat féachaint ar do chreidmheasanna cánach agus ioncaim, a n-úsáidfear iad le do dhliteanas cánach a chinneadh, agus is féidir na nithe sin a leasú agus a nuashonrú.
Nuair a bheidh na hathruithe próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseofar Deimhniú Creidmheasa Cánach nua nó ráiteas comhardaithe ÍMAT/athbhreithniú dheireadh na bliana (P21) duit.
Tabhair tuilleadh faisnéise dom maidir le Stair d’Iarrataí
Is éard atá i Stair d’Iarrataí ná do bhosca ríomhphoist pearsanta. Sa bhosca ríomhphoist slán seo, coinnítear cóip de gach idirbheart a chuireann tú isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá. Coinnítear Stair d’Iarrataí ar an láithreán slán ar líne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, agus is tusa an t-aon duine amháin atá ábalta í a rochtain. Is féidir leat féachaint ar gach doiciméad nua agus ar gach doiciméad ar ar fhéach tú cheana féin. Tá áis chuardaigh i Stair d’Iarrataí a chuireann ar do chumas doiciméad a chuardach nó féachaint ar dhoiciméad trí chineál an doiciméid nó uimhir fhógra a úsáid. Is féidir míreanna léite i Stair d’Iarrataí a chur i gcartlann ionas nach mbíonn siad le feiceáil níos mó ar an scáileán tosaigh.
Is féidir doiciméid sa chartlann a aisghabháil ag am ar bith tríd an áis chuardaigh a úsáid.
Conas a iarraim Athbhreithniú Dheireadh na Bliana/Ráiteas Comhardaithe (P21) le haghaidh blianta roimhe seo?
Mar aon leis an mbliain reatha a thaispeáint, taispeántar naisc chuig na ceithre bliana roimhe seo ar an bpríomhbharra nascleanúna ar an leathanach Forbhreathnaithe. Nuair a roghnaíonn tú bliain, tugtar ar aghaidh thú chuig an scáileán Forbhreathnaithe Cánach don bhliain sin. Ar an leathanach seo, is féidir leat creidmheas cánach (lena n-áirítear Costais Sláinte) a éileamh le haghaidh na bliana sin, agus Athbhreithniú Dheireadh na Bliana/Ráiteas Comhardaithe ÍMAT (P21) a iarraidh.
Cinntigh go bhfuil an Fhaisnéis Phearsanta atá ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir leat cruinn agus chun dáta, toisc gur leis an fhaisnéis seo a chinntítear do theidlíochtaí.
Nuair a chuirfidh tú d’iarraidh isteach ar ráiteas comhardaithe ÍMAT (P21), iarrfar ort do shonraí pá agus cánach atá sa taifead againn don bhliain sin a dheimhniú.
Anuas ar shonraí a chur isteach maidir leis na creidmheasanna cánach is mian leat a éileamh don bhliain faoi athbhreithniú, is féidir leat sonraí pá inchánaigh agus sonraí cánach atá in easnamh a chur isteach freisin más cuí. Tugtar na sonraí sin ar an bhfoirm P60, a n-eisíonn d’fhostóir í, tar éis dheireadh na bliana cánach.
Ceithre Chéim Thábhachtach chun Méideanna Cearta don Phá agus Cáin Asbhainte a Iontráil
- Níor cheart duit ach amháin na méideanna atá luaite ar an bhfoirm P60, a thug d’fhostóir duit, a úsáid. Léirítear na méideanna ábhartha ar an bhfoirm seo atá le comhlíonadh agat mar Íoc, i leith na tréimhse fostaíochta SEO (Féach Cuid (A) 3 den P60) agus Cáin Ghlan a asbhaineadh, sa tréimhse fostaíochta seo (Féach Cuid (B) 3 den P60). Níor cheart méideanna bainte i dtaobh ÁSPC, Tobhach Ioncaim agus Tobhach Sláinte a chur san áireamh.
- Déan cinnte go bhfuil tú ag baint úsáide as an P60 ceart don bhliain chuí .i. bain leas as sonraí P60 2010 d'iontrálacha na bliana sin.
- Déan neamhaird ar an méid centanna agus an figiúr Pá á chomhlíonadh.
- Níor cheart duit méideanna garbha a líonadh isteach agus ní mór duit sonraí a úsáid mar atá san Fhoirm P60 amháin.
Conas a chuirim sonraí faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim trí ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
De réir mar a chríochnaíonn tú gach iarraidh in ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá, coinnítear achoimre i Stair d’Iarrataí. Nuair a bheidh tú sásta go bhfuil na hiarrataí seo cruinn ceart, is féidir leat gach athrú a chur isteach. Críochnaíonn tú an próiseas seo le 3 uimhir a roghnaítear go randamach ó do UAP a chur isteach, agus cliceáil ar an gcnaipe 'Cuir Isteach.'
Ní bheidh éifeacht leis na hiarrataí go dtí go gcliceálfaidh tú ar an gcnaipe 'Cuir Isteach'.
Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé tarlú nach mbeidh Iarrataí a chuir tú isteach roimhe seo le feiceáil in ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá go ceann 2 lá.
An admhófar go bhfuarthas mo dhearbhú/m’éileamh?
Admhófar. Is í seo an chéim dheiridh sa phróiseas comhdúcháin. Go díreach tar éis iarraidh a chur isteach, gheobhaidh tú admháil ar an scáileán, agus beidh sonraí na n-idirbheart le feiceáil mar mhír nua i Stair d’Iarrataí.
An féidir le duine féinfhostaithe a s(h)onraí ÍMAT a rochtain?
Is féidir. Is féidir le daoine féinfhostaithe a gcuid sonraí ÍMAT a rochtain lena nDeimhniú Digiteach má tá taifead gníomhach ÍMAT acu. Is féidir seirbhísí ÍMAT a rochtain ón leathanach 'Mo Sheirbhísí' tar éis na logála isteach ach cliceáil ar an nasc meirge 'ÍMAT' ar gach leathanach sa rannán um Sheirbhísí do Ghnólachtaí.
Agus é/í ag cur éilimh isteach, má chuir an duine féinfhostaithe isteach ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá trí ROS Gnó caithfidh siad an pasfhocal dá ndeimhniú digiteach a chur isteach sula gcliceálann siad an cnaipe chun é a sheoladh isteach.
Conas a chláraím le haghaidh Cáin Ioncaim trí ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
Is féidir le custaiméir clárú i gcomhair Cáin Ioncaim tríd an bhliain reatha a roghnú agus tríd an gcnaipe "Cláraigh i gcomhair Cáin Ioncaim" a bhrú sa phainéal ar chlé. Caithfidh tú eolas a sholáthar maidir le do Ghníomhaíocht Ghnó/Eacnamaíochta. Agus d'iarratas seolta isteach, is féidir próiseáil a dhéanamh ar do shonraí clárúcháin.
Cá aimsím mo Shonraí Pá & Cánach?
- Níor cheart duit ach na méideanna atá luaite ar an bhfoirm P60 nó P45 amháin a úsáid, atá faighte agat ó d’fhostóir reatha nó ó fhostóir roimhe seo. Is iad na méideanna ábhartha sna foirmeacha seo ná Pá san fhostaíocht seo agus Cáin a asbhaineadh san fhostaíocht seo.
- Ná bac le méideanna cent don Phá agus Cáin Asbhainte.
- Níor cheart duit méideanna garbha a líonadh isteach ach sonraí mar atá san Fhoirm P60 nó P45 amháin a úsáid.
- Déan cinnte go bhfuil tú ag baint úsáide as an bhfoirm P60 nó P45 ceart don bhliain chuí .i. bain leas as sonraí na foirme P60 2010 d’iontrálacha na bliana sin.
Conas a fhaighim cúnamh maidir le ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a úsáid?
Cuir glaoch ar an Deasc Chabhrach Teicniúla de chuid Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim ag 1890 20 11 06.
Cuir glaoch ar + 353 1 7023021 má tá tú i do chónaí lasmuigh de Phoblacht na hÉireann. .
Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun do cháin a choinneáil suas chun dáta ná ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a úsáid.
Ceisteanna Coitianta maidir le húsáid na Seirbhíse ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ag Gníomhairí do Chliaint
An féidir le Gníomhairí an tseirbhís ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a rochtain ar son a gCliant?
Is féidir. Is féidir le Gníomhairí Cánach ROS an leagan athdheartha de ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a rochtain ar son a gcliant atá cláraithe le haghaidh ÍMAT trína nDeimhniú Digiteach ROS.
Conas is féidir clárú mar Ghníomhaire le haghaidh Cliant ÍMAT?
Féach r-Fhaisnéis na gCoimisinéirí Ioncaim Uimh.40/2010 le sonraí breise a fháil maidir le clárú mar Ghníomhaire le haghaidh cáiníocóir ÍMAT.
Tabhair Faoi Deara: Bíonn moill 3-4 lá oibre i gceist le nasc an chliaint a nuashonrú chuig ROS.
Conas is féidir rochtain a fháil ar ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
Mar Ghníomhaire, beidh tú ábalta ROS a chuardach le haghaidh cliant atá cláraithe le haghaidh ÍMAT tríd an gcineál cánach ÍMAT-Ind, mar aon leis na Cuardaigh Cliaint atá ar leathanach na Seirbhísí do Ghníomhairí cheana féin a úsáid. Má tá clárú gníomhach ag do chliant le haghaidh ÍMAT, feicfidh tú táb ÍMAT ar scáileán na Seirbhísí do Chliaint díreach os comhair ainm an chliaint. Nuair a chliceálfaidh tú ar an táb seo, osclófar ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá i bhfuinneog nua den bhrabhsálaí, agus taispeánfar an scáileán forbhreathnaithe ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá don chliant sin duit. Tabhair faoi deara go mbeidh tú fós logáilte isteach in ROS sa chéad fhuinneog den bhrabhsálaí.
Tabhair faoi deara go mbeidh tú fós logáilte isteach in ROS sa chéad fhuinneog den bhrabhsálaí.
Conas a scoirim de limistéar ÍMAT an Chliaint?
Osclaítear ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá i bhfuinneog nua den bhrabhsálaí. Beidh tú logáilte isteach ar ROS fós sa chéad fhuinneog den bhrabhsálaí, agus is féidir filleadh ar an bhfuinneog sin ag am ar bith agus tú logáilte isteach ar ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá.
Le logáil amach as ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá, cliceáil ar an gcnaipe 'Logáil Amach' ar bharr an scáileáin ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ar thaobh na láimhe deise.
Céard iad na blianta atá ar fáil in ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
Tá an bhliain reatha, móide na ceithre bliana roimhe atá faoi athbhreithniú, le fáil in ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá.
Tabhair faoi deara, áfach, nach féidir bliain/blianta a athbhreithniú dá mba rud é nach raibh an cliant cláraithe le haghaidh ÍMAT le linn bliain amháin nó níos mó de na blianta faoi athbhreithniú, nó dá mba rud é go raibh sé/sí cláraithe le haghaidh measúnaithe ar Cháin Ioncaim i mbliain amháin nó níos mó de na blianta faoi athbhreithniú.
Céard is féidir a fheiceáil/a nuashonrú i bPróifíl ROS an Chliaint?
Is féidir dáta breithe do chliaint a chur isteach mura bhfuil sé ann cheana féin, agus is féidir líon na leanaí cleithiúnacha a chur leis. Is féidir sonraí chuntas bainc do chliaint a chur isteach nó a leasú freisin. Ní mór gurb iad sonraí chuntas bainc an chliaint na sonraí a sholáthraítear. Níor cheart do Ghníomhairí/Chleachtóirí a sonraí chuntas bainc féin nó sonraí chuntas bainc a ngnólachta a chur le taifead an chliaint ar chuntar ar bith. Ní mór teagmháil a dhéanamh le hoifig chánach áitiúil an chliaint más mian leat seoladh an chliaint a athrú.
Céard is féidir a dhéanamh sa Rannán Forbhreathnaithe ar an mBliain Reatha?
Mar Ghníomhaire atá nasctha le do chliaint ÍMAT, is féidir leat gach idirbheart ÍMAT ar fáil a chomhlánú thar ceann do chliaint. Dá bhrí sin, is féidir leat na Príomhchreidmheasanna Cánach agus an fhaisnéis ar Ioncaim atá ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana féin a fheiceáil, a leasú nó a scrios le haghaidh do chliaint.
An féidir sonraí chéile an Chliaint a rochtain/a leasú?
Is féidir - ar an gcoinníoll go ndéantar do chliaint agus a c(h)éile a mheasúnú ar bhonn comhpháirteach.
Conas is féidir athbhreithniú ar ÍMAT Cliaint a iarraidh do bhliain faoi athbhreithniú?
Is féidir Ráiteas Comhardaithe ÍMAT (P21) an chliaint a iarraidh do bhliain amháin nó níos mó atá faoi athbhreithniú trí cheann ar bith de na ceithre bliana roimhe a thaispeántar ar an scáileán Forbhreathnaithe a roghnú. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar ioncam agus ar cháin do chliaint don bhliain/do na blianta sin, agus eiseoidh siad Ráiteas Comhardaithe (P21).
Tabhair Faoi Deara: Tá an áis seo ar fáil do chliaint nach raibh acu ach ioncam ÍMAT i mbliain faoi athbhreithniú. Dá mba rud é go raibh cliaint cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim i mbliain ar bith, ba cheart dóibh Foirm 11 a chomhlánú don bhliain sin.
Conas a fhéachaim ar Shonraí Pá & Cánach mo Chliaint ar ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
An féidir liom P60 mo chliaint a rochtain ar ÍMAT ROS?
Is féidir féachaint ar shonraí phá inchánach do chliaint agus an cháin a íocadh do bhliain faoi athbhreithniú ach an nasc Pá & Cáin a roghnú le haghaidh na bliana sin. Ní féidir féachaint ar P60 cliaint in ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá.
An féidir féachaint ar chomhfhreagras a chuir Cliant isteach?
Ní féidir – ach is féidir dátaí aon chomhfhreagrais i scríbhinn ó/chuig do chliaint a fheiceáil ach cliceáil ar an gcnaipe 'Stair d’Iarrataí' ar an mbarra roghchláir. Tabharfaidh sin chuig an rannán 'Stair d’Iarrataí' thú. Is féidir comhfhreagrais a scagadh ach 'Comhfhreagras' a roghnú sa liosta anuas 'Scag de Réir Iontrála' agus cliceáil ar an nasc 'Téigh' atá in aice leis.
Má tá Cliant cláraithe le haghaidh ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá agus má roghnaigh sé/sí comhfhreagras a fháil go leictreonach, an féidir liom féachaint ar an gcomhfhreagras seo?
Seoltar cóip páipéir de chomhfhreagras ÍMAT chuig Gníomhaire fiú i gcásanna nuair a roghnaigh custaiméir ÍMAT comhfhreagras a fháil go leictreonach. Ina theannta sin, is féidir leis an nGníomhaire féachaint ar ábhair 'Stair d’Iarrataí' de chuid an chustaiméara. Ba cheart go dtabharfaí faoi deara nach bhfuil comhfhreagras a bhaineann le ÍMAT le fáil i mBosca Isteach ROS Gníomhaire nó Cliaint, áit nach mbíonn ach comhfhreagras gnó le fáil.
An féidir le Gníomhairí Rialú Rochtana ar Sheirbhísí ÍMAT a shrianadh?
Is féidir le Gníomhaire srian a chur le fo-úsáideoirí rochtain a fháil ar Sheirbhísí ÍMAT ar ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá. Tá "ÍMAT-Ind" le fáil ar scáileán na Seirbhísí Riaracháin mar chineál cánach, mar sin is féidir le Riarthóir ROS ceadanna "Comhdaigh", "Ullmhaigh", "Amharc", nó gan cead ar bith, a thabhairt dá fho-úsáideoirí.
