ROS

Feabhsúcháin ar Bhosca Isteach agus ar Sheirbhísí Faisnéise ar fáil ó ROS 05/03/2012

Cad é Seirbhís Ar-Líne na gCoimisinéirí Ioncaim?

Is é ROS an bealach trína bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim ag soláthar a gcuid seirbhísí idirghníomhacha do chustaiméirí go leictreonach.

Is saoráid idirlín í an tseirbhís seo a sholáthraíonn bealach tapaidh slán do chustaiméirí chun tuairisceáin chánach a chur isteach, dliteanais chánach a íoc, agus a gcuid sonraí cánach a rochtain, 24 huaire in aghaidh an lae, 7 lá sa tseachtain, 365 lá sa bhliain. I mí Iúil 2003 fuair na Coimisinéirí Ioncaim lipéad r-Rialtais ón gCoimisiún Eorpach toisc go bhfacthas dóibh go raibh an tseirbhís seo ar cheann de na cinn ab fhearr dá cineál. Ar phríomhghnéithe ROS tá saoráidí chun:

  • Tuairisceáin chánach a dhéanamh ar líne
  • Íocaíochtaí a dhéanamh trí chárta léasair, trí treoir um dhochar nó trí bhaincéireacht ar líne do Cháin Ioncaim amháin
  • Sonraí ar líne a fháil maidir le cuntais phearsanta nó cuntais chliant de chuid na Coimisinéirí Ioncaim
  • Dliteanas cánach a ríomh
  • Gnó a dhéanamh go leictreonach
  • Aisíocaíochtaí a éileamh

Sonraí teagmhála deasc cabhrach ROS

Chun tuilleadh eolais a fháil, deán teagmháil ar Deasc Cabhrach ROS ag 1890 201 106 nó sheol ríomhphost chuig roshelp@revenue.ie
Tig le custaiméirí idirnáisiúnta glaoigh orainn ar +353 1 702 3021.


Leagan furasta le priontáil