Seirbhísí ROS

Tuairisceáin Chánach

Déanann an tseirbhís soláthar le haghaidh comhdú agus íocaíocht leictreonach níos mó ná 21 cáin agus dleacht éagsúil le haghaidh cliaint ghnó, lena n-áirítear:

  • Cáin Ioncaim: Foirm 11
  • Cáin Chorparáide: Foirm CT1
  • Fostaithe ÍMAT: P30anna Míosúla agus P35anna Bliantúla, chomh maith le Foirmeacha P45 agus P46
  • CBL: VAT3anna go démhíosúil, Tuairisceán Bliantúil Sonraí Trádála (TST) VIES & INTRASTAT; CBL ar Ríomhthráchtáil
  • Cáin Conarthaí Bainteacha: C35 bliantúil agus RCT 30 míosúil
  • Tuairisceán ón Tobhach Comhshaoil
  • Cáin Chláraithe Feithiclí
  • Cáin Bronntanais agus Oidhreachta: IT38
  • Nósanna Imeachta Idirthuras Custaim an AE, Aisíocaíochtaí Trádálaithe Allmhairithe an CT (CAP)
  • Treoir Coigiltis an AE
  • Próiseáil um Iontráil Uathoibrithe (PIU)
  • Seirbhísí le haghaidh Institiúidí Airgeadais lena n-áirítear DWT, SSIA, DIRT, IUT, LAET & Treoir Coigiltis an AE
  • Ríomhstampáil
  • Cáin ar Thaisteal Aeir

Seachadann ROS Deimhnithe Creidmheasanna Cánach chuig fostaithe go leictreonach agus ligeann sé do chustaiméirí ROS agus dá ngníomhairí sonraí a gcuntais ag na Coimisinéirí Ioncaim a fheiceáil.

Soláthraíonn ROS áiseanna ar líne chomh maith do chustaiméirí ÍMAT trí ÍMAT Ag Am Ar Bith. Nuair a chláraítear le haghaidh ÍMAT Ag Am Ar Bith is féidir le custaiméirí

  • Féachaint ar a dtaifead cánach
  • Réimse leathan creidmheasanna cánach a éileamh, lena n-áirítear muirir seirbhíse, síntiúis ceardchumann, Creidmheas Cíosa srl.
  • Iarratas a chur isteach ar aisíocaíochtaí cánach, lena n-áirítear costais leighis
  • Ioncam breise a dhearbhú
  • Athbhreithniú ar dhliteanas cánach le haghaidh blianta roimhe sin a iarraidh
  • Creidmheasanna a leithdháileadh idir tú féin agus do chéile arís
  • Comhfhreagras a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim a rianú.

Íocaíochtaí

Tá trí mhodh íocaíochta ar fáil faoi láthair i ROS:

  • Treoir Dochair ROS (TDR)
    Cuireann an modh Treoir Dochair ceangal ar chustaiméirí Treoir Dochair ROS (TDR) a chomhlánú d'fhonn íocaíochtaí a dhéanamh le haghaidh ceann ar bith de na cánacha atá ar fáil i ROS. Cuimsíonn an TDR sonraí cuntas bainc an chustaiméara de chuid ROS ónar féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim an dliteanas iomchuí a bhailiú ar an dáta dlite. Is féidir leis an TDR a bheith comhlánaithe ar líne ag an gcáiníocóir nó ag a g(h)níomhaire cánach ar shuíomh ROS, chomh maith le bheith sínithe agus seolta go digiteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Chomh luath is a bheidh an TDR bunaithe ar ROS, údaraíonn an cáiníocóir nó an gníomhaire atá ag feidhmiú ar a s(h)on an íocaíocht le haghaidh an méid agus na tréimhse is gá.
  • Cárta Laser
    Nuair a bhíonn méid atá dlite á íoc ar líne, cuirtear isteach sonraí cárta dochair bainc an cháiníocóra agus bíonn gach íocaíocht ar leith á údarú ag an gcustaiméir.
  • Baincéireacht ar Líne
    Is féidir baincéireacht ar líne a úsáid chun dliteanais Cáin Ioncaim gan íoc a íoc amháin.

Maidir le gach ceann de na modhanna íocaíochta seo, ní bhaintear ach na méideanna cruinne a bhíonn údaraithe ag custaiméirí ROS nó ag a ngníomhairí ar a son as cuntais bhainc. Ní bhíonn na méideanna atá dlite á mbaint ag na Coimisinéirí Ioncaim roimh na dátaí dlite riamh, fiú nuair a chomhdaítear tuairisceáin go luath. Más rud é nár mhaith le custaiméir íocaíocht atá dlite a dhéanamh nó mura bhfuil ach íocaíocht pháirteach á déanamh aige/aici ar fháth éigin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach dtógfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin atá dlite gan údarú an chustaiméara.

Rialú Teachta

Tá córas rialaithe teachta ag ROS a dearadh go speisialta agus a ligeann do ghníomhaire nó do 'riarthóir' sa ghnólacht (an Páirtí Sinsearach nó an Rialtóir Airgeadais, mar shampla) an teacht iomchuí ar ROS a sholáthar don fhoireann taobh istigh den ghnólacht nó den chleachtas. Tá an córas rialaithe seo á chur i láthair ar ROS ach bíonn sé á chothabháil ag an riarthóir lena d(h)eimhniú digiteach le haghaidh aitheantais agus teachta. Tá leibhéil éagsúla údaraithe ag an bhfoireann i gcuid mhaith comhlachtaí cánach agus gnólachtaí móra maidir le cliaint áirithe nó maidir le tuairisceáin áirithe a chomhdú. D'fhéadfadh cuid acu cead a fháil sonraí áirithe a fheiceáil ar ROS amháin. D'fhéadfadh daoine eile a bheith cumasaithe chun tuairisceáin CBL a chomhdú agus d'fhéadfadh daoine eile a bheith cumasaithe chun gach tuairisceán a chomhdú ar son cliaint áirithe. D'fhéadfadh Páirtí Sinsearach déileáil le cliaint áirithe leis/léi féin go heisiach.

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Deasc Cabhrach ROS ag 1890 201 106 nó seol ríomhphost chuig roshelp@revenue.ie.

Ar ais go Barr

Conas Deimhnithe Creidmheasanna Cánach a íoslódáil ó ROS chomh maith le scarbhileog excel chun sonraí deimhnithe creidmheasanna cánach a fheiceáil

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil