Slándáil
Tá a fhios againn gur mian lenár gcustaiméirí a bheith cinnte go mbíonn a n-eolas slán nuair a bhíonn siad ag teacht air nó á aistriú ar an Idirlíon. Táimid ar aon intinn leo faoin mbuairt seo agus tá cuid mhaith ama agus saineolais caite againn ar shlándáil ROS a chinntiú. Is féidir linn a dhearbhú dár gcustaiméirí go bhfuil an teacht ar ROS agus rúndacht/sláine na sonraí a sheolann siad chugainn slán. Tá an t-eolas a sheoltar chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS agus trínár mór-ríomhchóras á chosaint ag na córais slándála is sofaisticiúla dá bhfuil ar fáil faoi láthair.
