Ríomhphost Slán
Tá córas curtha i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim d’fhonn teachtaireachtaí ríomhphost a sheoladh agus a fháil go slán. Baineann an córas seo le hábhar go háirithe i gcás daoine a dteastaíonn uathu fiosruithe a chur isteach chuig Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim (RTS).
Molaimid go láidir úsáid a bhaint as an gcóras slán ríomhphoist chun cumarsáid a dhéanamh le RTS mar gurb é an bealach is tapúla agus is áisiúla le húsáid é.
- Gnáthaimh Chláraithe
- Ag seoladh teachtaireachtaí slána chuig, agus ag fáil teachtaireachtaí slána ó, na Coimisinéirí Ioncaim
- Ag oscailt sean-ríomhphoist Slán
Gnáthaimh Chláraithe
Ní mór duit a bheith cláraithe (curtha ar an rolla) chun an córas a úsáid. Is féidir leat sin a dhéanamh ach an fhoirm chláraithe a líonadh.

Sonraí atá ag teastáil:
- Seoladh ríomhphoist (d’fhéadfadh seoladh ríomhphoist duine aonair nó grúpa a bheith i gceist)
- Sloinne
- Céadainm
- Uimhir Theagmhála Teileafóin
- Cineál Cánach
- Uimhir Cháin
- Roghnaigh ceist le h-aghaidh pasfhocal a bhfuil dearmadta agat
- Cuir isteach freagra don gceist le h-aghaidh an phasfhocal a bhfuil dearmadta agat
Eiseofar do phasfhocal (pearsanta nó ginte i gcomhair chlárú grúpa), a cheadóidh duit úsáid a bhaint as an gcóras slán ríomhphoist, laistigh de thrí lá oibre sa ghnáthphost ag an seoladh atá ar taifead againn do d'chuideachta nó do ghnó. Tabhair do d'aire go n-úsáidfear an Uimhir Cháin, a chuireann tú isteach ar an scáileán cláraithe, chun an seoladh a ghiniúint a gcuirfimid do phasfhocal chuige.
A luaithe a fhaigheann tú do phasfhocal pearsanta beidh tú in ann an córas slán ríomhphoist a úsáid.
"Bánliostáil" sheoltaí slána ríomhphoist Sheirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim
Chun a chinntiú go ndéantar sonraí rúnda a sheoladh chuig Oifigigh Bainistíochta Ceisteanna RTS trí ríomhphost slán, chuir na Coimisinéirí Ioncaim srian leis an rochtain atá ag custaiméirí a chláraigh i gcomhair ríomhphoist shláin, ar sheoltaí slána ríomhphoist RTS. Más mian leat ceist a chur trí ríomhphost chuig aon cheann de sheoltaí slána ríomhphoist RTS, ní mór duit a bheith cláraithe ar dtús i gcomhair ríomhphoist sláin. Mura bhfuil, gheobhaidh tú fógra ag rá gur theip ar an seachadadh, mar a leanas:
Is Fógra um Stádas Seachadta é seo a gineadh go huathoibríoch.
Theip ar sheachadadh chuig an té seo a leanas.
DublinStampingRTS@revenue.ie
Ag seoladh teachtaireachtaí slána chuig, agus ag fáil teachtaireachtaí slána ó, na Coimisinéirí Ioncaim
Ag seoladh teachtaireacht shlán chuig na Coimisinéirí Ioncaim
Logáil isteach ar an gCóras Slán Ríomhphoist ag:
https://iea50.revenue.ie/websafe/root
Seoltar ar ais an scáileán thíos le haghaidh comhlánaithe
Tá na seoltaí slána ríomhphoist do Sheirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim le fáil in Aguisín B de na
Treoirlínte maidir le Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim (PDF, 282KB)
Tar éis an dá réimse riachtanach a chomhlánú, cliceáil an cnaipe ‘Login’.
Seoltar ar ais an scáileán seo a leanas

Cum do ríomhphost trí na nithe seo a chur isteach:
- seoladh ríomhphoist an Oifigigh Ioncaim/Ghrúpa Ioncaim sa bhosca 'To:', agus an bhosca 'Cc:', nó 'Bcc:' mar tá siad riachtanach.
- cuir an t-ábhar den ríomhphoist sa bhosca 'Subject:', .
- an cheangaltán mar is cuí. (Tá teorannaigh de 10MB ar Riomhphoist Slán)
- téacs do theachtaireachta sa bhosca 'Message:' .
- tic an 'Send me a read receipt when a recipient has opened this email' mar tá riarachán ag teastáil uait. Tá sé réamhshocraithe gan mharcáil.
Cliceáil ar ‘Send’ agus seol agus criptigh an ríomhphost.
Nuair atá an ríomhphost slán seolta (curtha isteach), gheobhaidh úsáideoirí admháil ó shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim á rá gur seoladh ríomhphost slán. Is cóir d’úsáideoirí a thabhairt faoi deara freisin go seolfar cóip den ríomhphost a seoladh trí ríomhphost slán chuig do bhosca isteach féin; seans, áfach, go dtógfaidh sé tamaillín sula dtiocfaidh an teachtaireacht go dtí do bhosca isteach.
Ag tabhairt freagra ar theachtaireacht ríomhphoist shláin ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Is féidir teachtaireacht ríomhphoist shláin a sheoladh chuig na Coimisinéiri Ioncaim freisin trí úsáid a bhaint as an gcnaipe 'Freagra slán' nó 'Freagra slán chuig gach duine' i dteachtaireacht chriptithe a fuarthas ó oifigeach de chuid na Roinne.

Is féidir ceangaltáin a chur san áireamh freisin nuair atá Ríomhphost Slán á úsáid ar an gcaoi seo.
Brabhsáil chuig an gceangaltán ar do chóras ríomhaire. Cliceáil an cnaipe 'Add'.
Taispeánfar ainm comhaid an cheangaltáin sa bhosca 'Current Attachments' ar an scáileán.
Nuair atá go leoir cheangaltáin ionchur cliceáil an cnaipe 'Done'.
Tá an rogha ag úsáideoirí ceangaltáin a bhaint freisin. Aibhsigh an ceangaltán agus cliceáil an cnaipe 'Remove'.
Chun an ríomhphost a sheoladh agus a chriptiú (ceangaltán ar bith san áireamh) cliceáil an cnaipe 'Send'.
Ag fáil teachtaireacht shlán ó na Coimisinéirí Ioncaim
Nuair a sheolann Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim teachtaireacht shlán chugat gheobhaidh tú ríomhphost (cosúil leis an gceann thíos) ina bhfuil an doiciméad slán.

Chun an doiciméad a léamh, oscail an ceangaltán faoi mar a deirtear sa ríomhphost.
Seoltar ar ais an scáileán seo a leanas

Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil an cnaipe 'Open'.
Osclóidh an doiciméad slán ansin i bhfuinneog brabhsálaí ar leith (faoi mar atá thíos).

Ag oscailt sean-ríomhphoist Slán
Más mian leat oscail ceangaltán ríomhphoist ón sean-córas Ríomhphost Slán, déan iarracht na céimeanna seo a leanas a úsáid in ord le do thoil
- Cliceáil an cnaipe 'Oscail' agus bain úsáid as do bunphasfhocal. (Ba é seo an pasfhocal a sheol na Coimisinéirí Ioncaim duit nuair a chláraigh tú ar dtús)
- Cliceáil an cnaipe 'Oscail Ar Líne' agus bain úsáid as do bunphasfhocal
- Mura bhfuil tú fós in ann an ceangaltán a oscailt, seol an ríomhphoist ar aghaidh chuig le do thoil securereg@revenue.ie
Teagmhálacha
Má tá ceist ar bith maidir leis an bpróiseas cláraithe, le pasfhocal a fháil, le conas ríomhphost slán a sheoladh, nó má tá ceisteanna ginearálta maidir leis an gcóras ríomhphoist shláin, is féidir iad a sheoladh trí ríomhphost "gnáth" chuig securereg@revenue.ie.
