Tuairisciú Tríú Páirtí

Tá eolas san áit seo maidir le tuairisciú eolais tríú páirtí chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoi Alt 891b TCA 1997. Faoi láthair, feidhmíonn an reachtaíocht seo i dtaca le tuairisciú úis nó íocaíochtaí dá samhail a dhéanann institiúidí airgeadais agus i dtaca le tuairisciú sonraí ar íocaíochtaí a dhéanann Ranna, Comhlachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais.

Má tá aon cheist eile agat, téigh i dteagmháil le do thoil le 3rdpartyreturns@revenue.ie


Leagan furasta le priontáil