Difríochtaí idir creidmheasanna, faoisimh agus díolúintí cánach

Céard iad faoisimh cánach ann?

Féadfaidh faoisimh cánach:

  • an tsuim cánach a íocann tú a laghdú go díreach. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim méid an fhaoisimh a asbhaint ó d’ioncam sula ríomhfar do cháin. Féadfar ‘liúntas’ nó ‘asbhaint’ a thabhairt orthu. Mar shampla, Liúntas Cánach do Mhadraí Treorach agus Cúramóir a fhostú.
  • d’fhéadfadh go bhfaighfeá aisíocaíocht chánach atá íoctha agat cheana féin mar thoradh ar fhaoisimh chánach
  • a chur i bhfeidhm ag an bhfoinse, mar shampla, Faoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste, nuair a laghdaíonn an t-iasachtóir morgáiste d’íocaíochtaí morgáiste faoi mhéid an fhaoisimh.

Braitheann suim an fhaoisimh a fhaigheann tú ar an ráta cánach a íocann tú.

Braitheann na faoisimh cánach a d’fhéadfá a éileamh ar do chás pearsanta. Féadtar teacht ar go leor de na faoisimh sa rannán ar Chreidmheasanna cánach pearsanta, faoisimh agus díolúintí. Mar shampla:

Bain úsáid as moChúrsaí chun éileamh a dhéanamh ar na faoisimh cánach trí ‘Bainistigh do cháin 2024’ a roghnú.

Luach an fhaoisimh

Féadfaidh faoiseamh cánach a bheith ina mhéid sonrach. Seachas sin, braitheann luach an fhaoisimh ar an ráta cánach is airde a íocann tú.

Má íocann tú cáin ag an ardráta:

  • laghdaítear an t-ioncam ar a n-íocann tú cáin ag 40% ar dtús. Laghdaíonn sé seo an chuid de d’ioncam atá incháinaithe ag an ráta níos airde
  • agus
  • gearrfar cáin de 40% ar aon ioncam atá fágtha os cionn do bhanda cánach ráta chaighdeánaigh.

Má íocann tú cáin ar an ráta caighdeánach, laghdófar d’ioncam faoin bhfaoiseamh agus gearrfar cáin ar an iarmhéid ag 20%.