Cúramóir a fhostú

Suim an fhaoisimh

Tá an asbhaint ceadaithe ag ráta imeallach cánach ioncaim an duine.

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith cibé acu is lú den mhéid seo:

  • an costas iarbhír a bhaineann le cúramóir a fhostú
  • €75,000 an duine éagumasaithe.

Féadtar faoiseamh a éileamh sa chéad bhliain chánach ina gcruthaíonn tú go bhfuil tú féin nó gaol leat faoi éagumas fisiciúil nó meabhrach.

Taispeántar sa sampla thíos suim an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh thar thréimhse trí bliana, ó 2022 go 2024.

Féadfaidh tú faoiseamh a éileamh maidir le cúramóir a fhostú trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadfaidh sé go n-iarrfar ort Foirm HK1 a chomhlánú mar thaca le d'éileamh.

Deonaítear faoiseamh maidir le cúramóir a fhostú trí asbhaint a thabhairt i leith ioncam incháinithe. Chun leas a bhaint as, ní mór gur íoc tú cáin sa bhliain chuí.

An chaoi le héileamh a dhéanamh más cáiníocóir ÍMAT thú

Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun faoiseamh a éileamh ná trí moChúrsaí. 

I gcás 2020 agus blianta ina dhiaidh, lean na céimeanna seo a leanas:

  1. sínigh isteach ar moChúrsaí
  2. cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’ faoin gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’
  3. Iarr ar Ráiteas Dliteanais
  4. cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’
  5. ar an leathanach 'Creidmheasanna & Faoisimh Chánach', roghnaigh 'Tú féin agus do theaghlach' agus ansin roghnaigh 'Cúramóir a Fhostú'
  6. comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Is taobh istigh de chúig lá oibre a fhaigheann formhór na ndaoine a éilíonn an faoiseamh seo ar líne nuair atá sé dlite dóibh.

Mura bhfuil tú in ann moChúrsaí a úsáid, déan teagmháil le d'oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Beirt nó níos mó daoine ag íoc