Préimheanna árachais liachta
Má íocann tú árachas leighis go díreach le hárachóir ceadaithe, beidh an faoiseamh cánach ar fáil.
Cáilíonn polasaithe árachais leighis i leith:
- árachas sláinte
- árachas fiaclóireachta
- árachas sláinte agus fiaclóireachta in éineacht.
Ní gá duit an faoiseamh cánach a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim. Tugtar an faoiseamh mar lascaine ar chostas an pholasaí, is cuma cé dó atá an polasaí. Is éard a thugtar air seo ná faoiseamh cánach ag an bhfoinse.
Faoiseamh ar fáil
Braitheann an faoiseamh atá ar fáil ar cé acu an polasaí é le haghaidh duine fásta, nó le haghaidh linbh.
Polasaí do dhuine fásta
Tá faoiseamh ar fáil atá cothrom leis an gceann is lú den mhéid seo:
- 20% de chostas an pholasaí
- 20% de €1,000 (cothrom le creidmheas €200).
Polasaí do leanbh
Tá faoiseamh ar fáil atá cothrom leis an gceann is lú den mhéid seo:
- 20% de chostas an pholasaí
- 20% de €500 (cothrom le creidmheas €100).
Chun críocha an fhaoisimh seo, is éard is leanbh ann ná aon duine aonair faoi bhun 21 bliain d’aois.
Polasaithe íoctha ag fostóirí (mar shochar comhchineáil)
Féadfaidh sé go n-íocann d’fhostóir árachas leighis d’árachóir ceadaithe ar do shon nó ar son do chuid cleithiúnaithe mar shochar comhchineáil. Má íocann, bainfidh an méid seo leat:
- gearrfar cáin ort ar luach comhlán an pholasaí nó na bpolasaithe
- is gá duit faoiseamh cánach i leith árachas leighis a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim ar an ábhar nár tugadh ag an bhfoinse é.
Bain úsáid as moChúrsaí chun an creidmheas a éileamh má íocann d’fhostóir árachas leighis ar do shon nó ar shon do theaghlaigh. Féadtar faoiseamh a éileamh le linn na bliana nó tar éis dheireadh na bliana.
Éileamh a dhéanamh le linn na bliana cánach:
- cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT
- roghnaigh ‘Déan éileamh ar creidmheasanna cánach’
- roghnaigh 'Faoiseamh árachais sláinte' faoin gcatagóir ‘Sláinte’.
Le haghaidh 2019 agus blianta ina dhiaidh:
- sínigh isteach ar moChúrsaí
- cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2019-2022’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT
- iarr ‘Ráiteas Dliteanais’
- cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’
- ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Faoiseamh Árachais Sláinte’
- comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.
Ní mór duit an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil:
- an dáta a thosaigh an polasaí
- na daoine atá clúdaithe ar an bpolasaí agus a n-aois
- briseadh síos ar chostas an pholasaí do gach duine
- an tsuim a d’íoc d’fhostóir.
Mura n-íocann d’fhostóir ach céatadán de chostas an pholasaí, tá an faoiseamh a fhéadann tú a éileamh uainn teoranta don chéatadán sin. Tá sé seo amhlaidh toisc go mbeidh an lascaine tugtha ar an sciar den pholasaí a íocann tú go díreach tú féin.
Tá liosta d’árachóirí leighis ceadaithe ar fáil ar shuíomh idirlín an Údaráis Árachais Sláinte .