Liúntas do Mharaithe, Creidmheas Cánach d'Iascairí agus Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige

Liúntas do Mharaithe

Chun cáiliú don Liúntas do Mharaithe, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • a bheith ar muir ar feadh 161 lá, ar a laghad, i gcaitheamh na bliana
  • tabhairt faoi do chuid oibre go hiomlán ar shoitheach muirghabhála fad agus a bhíonn tú ar thuras idirnáisiúnta
  • gan a bheith i d’fhostaí sa tSeirbhís Phoiblí
  • gan a bheith tar éis bonn bliana scoilte a éileamh i ndáil leis an ioncaim a tuilleadh
  • agus
  • a bheith ar aistear a thosaíonn nó a chríochnaíonn i bport taobh amuigh d’Éirinn.

Is éard is soitheach muirghabhála ann ná long (seachas árthach iascaireachta) nach n-úsáidtear ach amháin chun paisinéirí nó lastas a iompar ar mhaithe le híocaíocht a fháil. Ní mór di a bheith cláraithe ar:

  • chlár loingseoireachta de chuid Ballstáit Aontais Eorpaigh (an AE),
  • a chomhionann de chuid na Ríochta Aontaithe (RA).

Meastar gur calafort é rige nó ardán atá suite in aon limistéar muirí.

Meastar go bhfuil tú as láthair ó Éirinn ar feadh lae má tá tú as láthair ag meán oíche.

Cé mhéid de liúntas a bhíonn ar fáil?

Tá tú i dteideal liúntas €6,350 a fháil, ar fáil ag do ráta is airde cánach agus cuirtear é seo in aghaidh d’ioncaim mar mharaí. Ní fhéadtar an liúntas a úsáid in aghaidh aon ioncam eile.

Cén chaoi a n-éilítear an liúntas?

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh más cáiníocóir Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) thú

An bealach is tapúla agus is éasca chun faoiseamh a éileamh i leith Liúntas do Mharaithe ná úsáid a bhaint as ár seirbhís ar líne, moChúrsaí. Is taobh istigh de chúig lá oibre a fhaigheann mórchuid na ndaoine a éilíonn an faoiseamh seo ar líne a n-aisíocaíocht chánach nuair atá sé dlite dóibh.

Féadtar moChúrsaí a úsáid chun foirm Cánach Ioncaim a chomhlánú don bhliain ar mian leat éileamh a dhéanamh ina leith.

Más mian leat éileamh a dhéanamh i mbliana

  1. Sínigh isteach chuig MoChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an líne 'Bainistigh do cháin' faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
  3. Roghnaigh 'Déan éileamh ar Chreidmheasanna Cánach'.
  4. Roghnaigh 'Liúntas do Mharaithe' atá faoin teideal 'Do Phost'.

Más mian leat éileamh a dhéanamh I gcás 2020 agus blianta ina dhiaidh

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
  3. Ráiteas Dliteanais a iarraidh.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.
  6. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost - Liúntas do Mharaithe’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.

Má dhéantar measúnú comhpháirteach ort, is é an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmnithe is gá an t-iarratas a dhéanamh.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe

Féadtar an faoiseamh a éileamh tríd an rannán Liúntas do Mharaithe ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a chomhlánú ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Féadtar clárú le haghaidh ROS, mura bhfuil tú cláraithe cheana.

Ar aghaidh: An Creidmheas Cánach d'Iascairí