Faoiseamh ar Ús Morgáiste

Is faoiseamh cánach é Faoiseamh ar Ús Morgáiste ar an ús a íocann tú ar mhorgáiste cáilitheach le haghaidh do thí. Ní cháilíonn morgáistí a ghlactar amach i ndiaidh an 31 Nollaig 2012 don fhaoiseamh seo.

Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar Fhaoiseamh ar Ús Morgáiste sa rannán Maoin.