Creidmheas Cánach Cíosa

Cé mhéad a fhéadtar a éileamh?

Laghdaíonn an Creidmheas Cánach Cíosa an méid Cánach Ioncaim atá tú dlite le híoc don bhliain chánach.

Chun leas a bhaint as an gCreidmheas Cánach Cíosa, ní mór go bhfuil dliteanas Cánach Ioncaim agat le fritháireamh ina aghaidh. Ní thugann an creidmheas faoiseamh in aghaidh an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Má sháraíonn an creidmheas dlite do dhliteanas Cánach Ioncaim, ní bheidh tú in ann leas iomlán a bhaint as an gcreidmheas.

Deonaítear faoiseamh cánach ag 20%.

I gcás 2024 agus 2025, is é seo a leanas an t-uasmhéid a fhéadtar a aisíoc ón gCreidmheas Cánach Cíosa:

  • €1,500 do lánúin faoi bhonn measúnaithe chomhpháirtigh
  • €750 i ngach cás eile.

I gcás 2022 agus 2023, is é seo a leanas an t-uasmhéid a fhéadtar a aisíoc:

  • €1,000 do lánúin faoi bhonn measúnaithe chomhpháirtigh
  • €500 i ngach cás eile.

Má sháraíonn an Creidmheas Cánach Cíosa do dhliteanas Cánach Ioncaim, ní fhéadfaidh tú ach aisíocaíocht páirteach a fháil. Bheadh an aisíocaíocht seo cothrom leis an dliteanas iomlán Cánach Ioncaim don bhliain.

Ar aghaidh: Cén chaoi le héileamh a dhéanamh