Díolúine agus faoiseamh imeallach

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé nach bhfuil ort Cáin Ioncaim a íoc má tá tusa nó do pháirtnéir sibhialta 65 bliana d’aois nó níos sine. Tá feidhm leis seo má tá tú singil, pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó i do bhaintreach.

Ní mór do d’ioncam iomlán a bheith níos lú ná nó cothrom leis na teorainneacha díolúine.

Níl feidhm leis an díolúine seo ach amháin i gcás Cánach Ioncaim. Ní bhaineann sé le hÁrachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU). Féadfaidh sé, áfach, go bhfuil tú díolmhaithe ó ÁSPC má tá tú níos sine ná 66 bliain d’aois.

Féadfaidh sé go bhfuil tú fós in ann faoiseamh imeallach a éileamh más mó d’ioncam iomlán ná na teorainneacha díolúine.

Má tá tú níos ná 65 agus más lú d’ioncam bliantúil ná an díolúine, féadfaidh sé go bhfuil tú díolmhaithe ó Cháin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT).

Tá tuilleadh eolais ar dhíolúintí ón gCáin Choinneála ar Ús Taisce ar fáil sa rannán Ioncaim bhreise

Ar aghaidh: Teorainneacha díolúine