Maoin Eachtrach
Is é cuspóir an doiciméid seo roinnt ceisteanna coitianta faoi úinéireacht mhaoin eachtraí agus ioncam ó chíos thar lear a fhreagairt. Clúdaíonn an fhaisnéis impleachtaí cánach úinéireacht mhaoin eachtrach in Éirinn murab ionann is impleachtaí cánach sa tír ina bhfuil an mhaoin. Leanann an doiciméad seo an fhormáid 'ceisteanna coitianta'. Tá sé d’aidhm ag na ceisteanna plé leis na buncheisteanna i ndáil le húinéireacht maoine eachtraí:
- an mhaoin eachtrach a cheannach
- an mhaoin eachtrach a ligean ar cíos
- an mhaoin eachtrach a dhíol
Chuireamar isteach sampla a léiríonn conas ioncam ó chíos thar lear a ríomh mar chúnamh duit agus tú i mbun áirimh.
Níl sa doiciméad ach treoir agus mar sin coinníodh gearr é. Ní féidir gach eile cúinse a fheictear i gcleachtas a chlúdach go cuimsitheach. Má tá ceist ar leith agat maidir le maoin eachtrach atá agat, ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig chánach áitiúil. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim in ann eolas a chur ar fáil faoi chórais chánach i dtíortha eile.
- Maoin Eachtrach a Cheannach
- Ioncam ó Chíos Thar Lear
- Cáin Ioncaim Eachtrach Íoctha/Dliteanas i ndáil le Cáin Éireannach
- Maoin Eachtrach a Dhíol
- Ábhair éagsúla
- Sampla maidir le cáin ioncaim ar mhaoin eachtrach a ríomh
