Scaireanna
Cáin Ghnóthachan Caipitiúil - Diúscairt Scaireanna
Pléann an chuid seo le roinnt saincheisteanna praiticiúla agus tráthúla maidir le cáin ghnóthachan caipitiúil a thagann chun solais nuair atá diúscairt scaireanna i gceist. Ní féidir gach a bhaineann le cáin ghnóthachan caipitiúil a chlúdach anseo agus mar sin ní hábhar uileghabhálach atá ann. Táthar ag súil, áfach, go mbainfidh léitheoirí buntáiste praiticiúil as an ábhar seo a leanas.
- Gnóthachan a Ríomh - Ginearálta
- Gnóthachan a ríomh
- An Chéad Duine Istigh - An Chéad Duine Amuigh (nó riail "FIFO ")
- Scaireanna a dhiúscairt laistigh de cheithre seachtaine tar éis iad a fháil
- Bónaseisiúintí / Eisiúintí de Cheart
- Bónaseisiúint
- Eisiúint de Cheart
- Scaireanna d'aicme dhifriúil
- Sampla 1 - Dliteanas ar scaireanna lena n-airítear riail FIFO
- Sampla 2 - Bónaseisiúint Scaireanna
- Sampla 3 - Eisiúint de Cheart ar Scaireanna
- Sampla 4 - Eisiúint de Cheart / Scaireanna in aicme dhifriúil
Gnóthachan a Ríomh - Ginearálta
Cosúil le gach ríomh eile ar cháin ghnóthachan caipitiúil, aimsítear gnóthachan inmhuirir ar dhiúscairt scaireanna na cuideachta trí chostas na scaireanna a bhaint (coigeartaithe le haghaidh boilsciú mar is cuí) ón gcomaoin ghlan atá faighte do dhiúscairt na scaireanna.
Tá an ríomh féin neamhchasta, áit a bhfuil bloc scaireanna faighte ag duine agus díoltar cuid nó iomlán an ghabháltais amach anseo, nuair nach bhfuil athrú ar bith tagtha ar líon nó cineál srl na scaireanna a bhí gafa:
Gnóthachan a ríomh*
Ceannaíodh 100 Gnáthscair €1.27 ar €2.54 in aghaidh na scaire i 1997
Díoladh 50 Gnáthscair €1.27 ar €3.81 in aghaidh na scaire i 1999
An gnóthachan ná:
Fáltais €190.46, lúide costas €126.97 (50 x €2.54) = Gnóthachan de €63.49.
*(gan innéacsú, costais dhíolacháin agus díolúine phearsanta san áireamh ar mhaithe le léiriúchán)
Go minic, áfach, beidh méadú sa scairshealbhú toisc go bhfuil duine tar éis scaireanna breise den chineál céanna a cheannach, nó go bhfaigheann siad scaireanna breise faoi bhónaseisiúintí nó eisiúintí de cheart. Tá rialacha speisialta maidir le cáin ghnóthachan caipitiúil do na cásanna seo.
An Chéad Duine Isteach - An Chéad Duine Amach (nó riail “FIFO”)
Nuair atá scaireanna den aicme chéanna, arna bhfáil ag dátaí difriúla, i seilbh duine, meastar go ndéanfar diúscairt ar dtús ar na scaireanna a fuarthas roimhe sin. Mar shampla:
- 1995/96 Ceannaíodh 1,000 Gnáthscair €1.27 in X Teo. ar €1.27 in aghaidh na scaire
- 1997/98 Ceannaíodh 200 Gnáthscair €1.27 in X Teo. ar €1.90 in aghaidh na scaire
- 1998/99 Ceannaíodh 500 Gnáthscair €1.27 in X Teo. ar €2.54 in aghaidh na scaire
- 1999/00 Díoladh 1,500 Gnáthscair €1.27 in X Teo. ar €3.81 in aghaidh na scaire
Díoladh 1,500 scair ar €5713.82 i 1999/2000 Costas incheadaithe - roimh innéacsú FIFO 1,000 @ €1.27 €1269.74 200 @ €1.90 €380.92 300 @ €2.54 €761.84 ___ 1,500 Scaireanna fágtha: 200 Gnáthscair €1.27 faighte i 1998/99 ar chostas €2.54 in aghaidh na scaire. Féach Sampla 1.
Scaireanna a dhiúscairt laistigh de cheithre seachtaine tar éis iad a fháil
Déantar rialacha FIFO a athrú i gcás ar bith go bhfuil scaireanna den aicme chéanna ceannaithe agus díolta taobh istigh de thréimhse cheithre seachtaine. Áit a bhfuil scaireanna díolta laistigh de cheithre seachtaine tar éis iad a fháil, aithnítear na scaireanna díolta leis na scaireanna faighte taobh istigh den tréimhse sin. Ina theannta sin, nuair atá caillteanas fabhraithe ann ar dhiúscairt scaireanna agus ar scaireanna na haicme céanna laistigh de cheithre seachtaine, ní féidir an caillteanas sin a úsáid chun fritháireamh in aghaidh aon ghnóthachan eile a thagann chun cinn; ina ionad sin tá an caillteanas atá ar fáil chun fritháireamh a dhéanamh in aghaidh aon ghnóthachan is féidir tarlú agus na scaireanna á ndiúscairt laistigh den cheithre seachtaine - níl an fhoráil seo i gceist áit a bhfuil gnóthachan déanta ar an diúscairt.
Bónaseisiúintí / Eisiúintí de Cheart
Ó am go chéile, gheobhaidh sealbhóir aicme scaireanna tuilleadh scaireanna, bíodh gur bónaseisiúint (nó costas breise) nó eisiúint de cheart (do chostas atá faoi luach na scaire ar an margadh oscailte), i leith a ngabháltas. Sna cásanna seo, in ainneoin go raibh na scaireanna nua faighte ag dáta níos déanaí, meastar go raibh siad faighte ar an dáta céanna leis na bunscaireanna ba shiocair le bónaseisiúint nó eisiúint de chearta a bheith faighte. Mar sin, má tá duine tar éis seilbh a ghlacadh ar, déarfaimid 100 scair i gcomhlacht X Teo. i 1996/97 agus faigheann sé/sí 50 scair mar chuid de bhónaseisiúint nó eisiúint de cheart i 1998/99, meastar go raibh seilbh iomlán acu ar 150 scair ó 1996/97 ar aghaidh.
Ina theannta sin, níl ceist ar bith ann faoi chostas nó luach barúlach a líomhain do na scaireanna nua faighte, ach ceadaítear mar chaiteachas feabhais an fíorphraghas a íocadh chun scaireanna a fháil faoi eisiúint de cheart.
Bónaseisiúint
Is é éifeacht an mhéid thuasluaite ar bhónaseisiúint ná go bhfuil an bunchostas caolaithe idir na bunscaireanna agus na scaireanna nua a fhaightear do, mar shampla:
1996/97 fuarthas 100 Gnáthscair €1.27 in X Teo. ar cuir i gcás €380.92 (nó €3.81 in aghaidh na scaire).
1998/99 fuarthas 50 Gnáthscair €1.27 in X Teo. gan aon chostas (bónaseisiúint 1 ar 2).
Meastar go bhfuarthas an 150 scair i 1996/97 ar chostas iomlán €380.92.
Is é an costas athbhreithnithe in aghaidh na scaire ná €2.54 (.i. 150 scair ar an iomlán a mheastar a bheith faighte i 1996/97 ar chostas iomlán €380.92 a “chaolaíonn” an costas incheadaithe in aghaidh na scaire go dtí €2.54, costas incheadaithe €380.92, 150 scair). Féach Sampla 2.
Eisiúint de Cheart
Caitear mar an gcéanna le scaireanna faighte faoi eisiúint de cheart agus mar a chaitear le bónaseisiúint, ach amháin go bhfuil liúntas le cur san áireamh ar an méid a íocadh chun na scaireanna breise sin a fháil. Caitear leis na híocaíochtaí sin mar chaiteachas feabhais, ionas go mbeidh cuid de chostas eisiúna de cheart curtha i leith na scaireanna díolta má tharlaíonn aon diúscairt ar aon cheann de na scaireanna ina dhiaidh sin. Mar sin, ag baint úsáide as na figiúirí céanna ón sampla díreach thuasluaite, ach ag glacadh leis gurab ionann na scaireanna breise faighte agus eisiúint de cheart, rinneadh íocaíocht €190.46, déarfaimid (€3.81 in aghaidh na scaire in eisiúint de cheart) is mar seo a leanas a bheadh cúrsaí:
Arís, meastar go mbeidh 150 scair faighte i 1996/97 ar chostas €380.92 .i. costas €2.54 in aghaidh na scaire i 1996/97. Meastar freisin, go bhfuil costas breise (caiteachas feabhais) de €190.46 i 1998/99. Déanfar an caiteachas feabhais (’EE’) a roinnt go cothrom arís idir líon iomlán na scaireanna faoi sheilbh (.i. €190.46 150 scair nó €1.27 in aghaidh na scaire EE). Go simplí mar sin, meastar go raibh gach scair faoi sheilbh ó 1996/97 agus go bhfuil costas incheadaithe de €2.54 íoctha i 1996/97 agus caiteachas feabhais breise de €1.27 íoctha i 1998/99. Féach Sampla 3.
Scaireanna d’aicme dhifriúil
Ó am go chéile, beidh na scaireanna a fhaightear i mbónaseisiúint nó in eisiúint de cheart ina scaireanna d’aicme dhifriúil leis na scaireanna atá faoi sheilbh .i. beidh Príomhscair nua ann do gach dhá Ghnáthscair faoi sheilbh agus mar sin de. Áit a dtarlaíonn sé seo, is mar an gcéanna é an seasamh is atá thuas ach amháin gur gá an costas incheadaithe a leithdháileadh - caiteachas feabhais i gcás eisiúint de cheart san áireamh - idir na haicmí difriúla scaireanna. I gcás scaireanna luaite, déantar an leithdháileadh seo bunaithe ar phraghas an chéad lá ar na scairshealbha faoi seach tar éis do bhónaseisiúint/eisiúint de cheart a dhéanamh (do scaireanna neamhluaite, déantar leithdháileadh trí thagairt a dhéanamh do luachanna na scaireanna faoi seach ar an dáta diúscartha). Féach Sampla 4.
Sampla 1 - Dliteanas ar scaireanna lena n-airítear riail FIFO
I mí Iúil 1986, cheannaigh duine aonair 2,000 gnáthscair i gcuideachta luaite ar chostas iomlán €2539.28 (.i. €1.27 in aghaidh na scaire).
I mBealtaine 1996, cheannaigh an duine céanna 3,000 gnáthscair bhreise sa chuideachta chéanna ar chostas iomlán €5713.82 (.i. €190.46 in aghaidh na scaire).
I Lúnasa 1998, díoladh 2,500 scair agus bhí luach €6348.69 ar na fáltais (i ndiaidh costais dhíolacháin).
Ní raibh aon ghnóthachan inmhuirir ag an duine aonair sa bhliain chánach 1998/99.
I mBealtaine 1999, díoladh an 2,500 scair a bhí fágtha agus bhí luach €7618.43 ar na fáltais (i ndiaidh costais dhíolacháin).
Ní raibh aon ghnóthachan inmhuirir ag an duine aonair sa bhliain chánach 1999/2000.
Fáltais 1998/1999 = €6348.69
Lúide 2000 scair*
Costas i 1986/87 coigeartaithe le haghaidh boilsciú .i. €2539.48 x 1.352 = €3433.37 500 scair Costas i 1996/97 coigeartaithe le haghaidh boilsciú .i. €634.87 @ €1.90 in aghaidh na scaire €952.30 x 1.033 = €983.73 4418 Gnóthachan Inmhuirir 1932 Díolúine Phearsanta 1270 Inchánach 662 Cáin Dlite @ 20% €132.40
* Baintear leas as riail “An Chéad Duine Istigh - An Chéad Duine Amuigh” chun na scaireanna atá díolta a aithint. Ciallaíonn sé seo go meastar na scaireanna a fuarthas in Iúil 1986 a bheith díolta in 1998/99 sa sampla seo.
Fáltais 1999/2000 = €7618.43
Lúide 2,500 scair*
Costas i 1996/97 coigeartaithe le haghaidh boilsciú .i. 2,500 @ €1.90 in aghaidh na scaire €4761.52 x 1.050 = 5000 Gnóthachan Inmhuirir = 2619 Díolúine Phearsanta = 1270 Inchánach = 1349 Cáin dlite @ 20% = €269.69
Sampla 2 - Bónaseisiúint Scaireanna
| Tá na hidirbhearta scaireanna seo a leanas ag an duine: | |
|---|---|
| Eanáir 1985 | Ceannaíodh 1,000 scair in X Teo. ar €1.90 an ceann |
| Feabhra 1986 | Bónaseisiúint 1 ar 5 |
| Iúil 1988 | Bónaseisiúint 2 ar 3 |
| Deireadh Fómhair 1990 | Ceannaíodh 500 scair bhreise in X Teo. ar €5 an ceann |
| Lúnasa 1994 | Bónaseisiúint 1 ar 4 |
| Bealtaine 1999 | Díoladh 2,500 scair ar €15871.73 (€6.35 an ceann) |
Caitear mar aon ghabháltas leis na bunscaireanna agus na scaireanna bónais agus tá an bunchostas scaipthe thar an ghabháltais ar fad.
| Eanáir 1985 | Deireadh Fómhair 1990 | |||
|---|---|---|---|---|
| Líon | Costas | Líon | Costas | |
| Scaireanna Ceannaithe | 1,000 | €2539.48 | 500 | €2539.48 |
| Bónaseisiúint Feabhra 1986 [1:5] | 200 | |||
| Bónaseisiúint Iúil 1988 [2:3] | 1,200 | €2539.48 | ||
| 800 | ||||
| 2,000 | €2539.48 | 500 | €2539.48 | |
| Bónaseisiúint Lúnasa 1994 [1:5] | 400 | 100 | ||
| 2,400 | €2539.48 | 600 | €2539.48 | |
| Diúscairt 1999/2000 - FIFO rialacha | 2,400 | €2539.38 | 100 | €424.09* |
| Scaireanna coinnithe tar éis diúscartha (+ costas fágtha) | 500 | €2155.38 | ||
| Gnóthachan a ríomh 1999/2000 | |
|---|---|
| Fáltais an Díola | €15,871.73 |
| Lúide 2,400 scair (meastar a bheith faighte in Eanáir '85): €2539.48 x 1.525 = | €3872.70 |
100 scair faighte i nDeireadh Fómhair 1990: €2,539.48 x 100 600 = €424.09* x 1.210 = €513 4,386 Gnóthachan Inmhuirir = 11,486 Díolúine Phearsanta = 1,270 Inchánach = 10,217 Cáin Dlite @ 20% = €2043
Sampla 3 - Eisiúint de Cheart ar Scaireanna
Tá na hidirbhearta scaireanna seo a leanas ag an duine:
| Eanáir 1989 | Fuarthas 100 scair in X Teo. ag €6.35 in aghaidh na scaire |
|---|---|
| Feabhra 1993 | Eisiúint de Cheart 1 do 2 ar chostas €5 in aghaidh na scaire |
| Meitheamh 1999 | Díoladh 90 scair ag €31.74 in aghaidh na scaire |
Maidir le scaireanna bónais, na bunscaireanna agus na scaireanna cearta; caitear leo amhlaidh is gur aon ghabháltas amháin iad agus déantar an bunchostas a scaipeadh thar an ghabháltais ar fad. Ní hionann le bónaseisiúint áfach, íocfaidh an scairshealbhóir as na scaireanna breise a thógáil. Caitear leis an eisíoc seo mar "chaiteachas feabhais" (EE) agus déantar é a scaipeadh thar an ghabháltais ina iomláine.
| Líon | Bunphointe (Costas Feabhra '93) | EE (Costas Eanáir '89) | |
|---|---|---|---|
| Ceannach (Eanáir 1989) | 100 | €635 | - |
| Eisiúint de Cheart (Feabhra 1993) [1:2 ] | 50 | - | €254 |
| 150 | €635 | €254 | |
| Diúscairt 1999/2000 150 | 90 | £300* | €153 |
| Scaireanna coinnithe tar éis diúscartha + costas fágtha | 60 | €254 | €102 |
Gnóthachan a ríomh 1999/2000
Fáltais €2857
Lúide
(1) bunchostas (Eanáir 1989)
€635 x 90
150
= €381* x 1.303 = €497
(2) caiteachas feabhais (Feabhra 1993)
€254 x 90
150
= €153# x 1.138 = €174 671
Gnóthachan Inmhuirir 2,187
Díolúine Phearsanta 1,270
Inchánach 917
Cáin Dlite @ 20% €183.35
Sampla 4 - Eisiúint de cheart / Scaireanna d’aicme dhifriúil
Tá na hidirbhearta scaireanna seo a leanas ag an duine:
| Eanáir 1989 | Fuarthas 1,000 gnáthscair in X Teo. ag €6.35 in aghaidh na scaire (Is cuideachta ‘luaite’ í X Teo.) |
|---|---|
| Feabhra 1993 | Eisiúint de Cheart de 1 Tosaíocht nua do gach 2 ghnáthscair i seilbh ar chostas €5 in aghaidh na scaire, .i. fuarthas 500 Scair Thosaíochta (luach margaidh na ngnáthscaireanna ag an am ar €25.39 in aghaidh na scaire agus bhí luach margadh na scaireanna Tosaíochta ag €12.70 in aghaidh na scaire) |
| Meitheamh 1999 | Díoladh 400 Scair Thosaíochta ar €19 in aghaidh na scaire |
- Meastar go raibh na scaireanna ar fad (Gnáth agus Tosaíochta) faighte in Eanáir 1989
- Is é costas incheadaithe iomláin na scaire ná €6349 (Eanáir 1999) + €2,000 caiteachas feabhais (Feabhra 1993)
- Caithfear an costas incheadaithe a roinnt idir na Gnáthscaireanna agus na scaireanna Tosaíochta ag tabhairt aird ar luachanna na scaireanna faoi seach ag an am a bhfuarthas na scaireanna nua mar a leanas:
1,000 Gnáthscair
Bunchostas x Luach Margaidh Gnáthscaireanna i bhFeabhra '93
Luach Margaidh Gnáthscaireanna +
Scaireanna Tosaíochta i bhFeabhra '93
.i. €6349 x €25395 = €5079
€31744
Caiteachas Feabhais
€2540 x €25395 = €2032
€31744
Scaireanna Tosaíochta 500 scair
Bunchostas x Luach Margaidh Scaireanna
Tosaíochta i bhFeabhra '93
Luach Margaidh Gnáthscaireanna
+ Tosaíochta i bhFeabhra '93
.i. €6349 x €6349 = €1270
€31744
Caiteachas Feabhais
€2540 x €6349 = €508
€31744
Gnóthachan a ríomh 1999/2000
Díol fáltais de 400 Scair Thosaíochta = €7619
Lúide
(1) bunchostas (Eanáir '89)
= €1016 1.303 = €1324
€1.270 x 400
500
(2) caiteachas feabhais (Feabhra '93)
€508 x 400
500
= €406 x 1.138 = €462
1,787
Gnóthachan a Ríomh €5832
Díolúine Phearsanta 1,270
Inchánach 4,562
Cáin Dlite @ 20% €912.43
