Tairbhithe
- Cad atá i gceist le Cáin Oidhreachta?
- Conas a bheidh a fhios agam go mbeidh Cáin Oidhreachta le híoc agam?
- Céile Marthanach
- Tairbhithe Eile
- Cad iad na rátaí Cánach atá infheidhme?
- An bhfuil aon faoisimh / díolúintí ann?
- Cad iad na sócmhainní atá faoi dhliteanas Cáin Oidhreachta a íoc in Éirinn?
Cad atá i gceist le Cáin Oidhreachta?
Is cáin í Cáin Oidhreachta a d’fhéadfadh tarlú, nuair a fhaigheann tairbhí oidhreacht mar gheall ar bhás duine. Is é an tairbhí atá freagrach as an gcáin a íoc. Is féidir oidhreacht a ghlacadh faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht - nó i ndóigh éigin eile amhail, mar shampla, nuair a ghlactar le sócmhainn in ainmneacha comhpháirteacha an duine nach maireann agus duine eile, ar bhás an duine sin, ag an duine eile mar mharthanóir.
Conas a bheidh a fhios agam go mbeidh Cáin Oidhreachta le híoc agam?
Maidir leis seo déantar idirdhealú idir céilí marthanacha, páirtí sibhialta marthanach agus tairbhithe eile.
Céile Marthanach nó Páirtí Sibhialta Marthanach
Más céile marthanach nó páirtí sibhialta marthanach tú a ghlacann oidhreacht ó do chéile nach maireann nó páirtí sibhialta nach maireann, tá an oidhreacht díolmhaithe ina hiomláine agus, is cuma cé chomh luachmhar agus atá sí, ní bheidh sí faoi dhliteanas Cháin Oidhreachta.
Tairbhithe Eile
Maidir le tairbhithe eile, braitheann cibé an ngearrtar nó nach ngearrtar Cáin Oidhreachta orthu ar luach iomlán na mbronntanas agus na n-oidhreachtaí uile a fuair tusa -an tairbhí - ón duine nach maireann, agus ó aon duine eile lena mbaineann "tairseach" an ghrúpa céanna, idir 5 Nollaig 1991 agus dáta na hoidhreachta (an dá dháta sin san áireamh). I gcás ina sáraíonn an sochar inchomhiomlánaithe eilimint saor ó cháin ar a dtugtar an tairseach, nó "an méid saor ó cháin", beidh cáin oidhreachta iníoctha.
Cad iad na rátaí Cánach atá infheidhme?
Tá na rátaí Cánach Oidhreachta a leanas infheidhme:
| Suas go dtí an méid “saor ó cháin” | Nialas |
|---|---|
| Fuíoll | 25% |
Rátaí stairiúla i ndáil le Cáin Fáltas Caipitiúil
An bhfuil aon faoisimh / díolúintí ann?
Anuas ar an díolúine do chéile marthanach nó páirtí sibhialta marthanach, tá roinnt díolúintí agus faoisimh tábhachtacha eile ar fáil, agus faoisimh maidir le maoin talmhaíochta agus ghnó agus díolúine maidir le tithe cónaithe áirithe san áireamh. Nuair a bhíonn faoiseamh talmhaíochta nó gnó infheidhme, déantar luach margaidh na maoine a laghdú go suntasach faoi 90% chun críocha na Cánach Oidhreachta. Nuair a bhíonn an díolúine maidir le teach cónaithe infheidhme, bíonn luach margaidh an teach cónaithe díolmhaithe ina iomláine.
Cad iad na sócmhainní atá faoi dhliteanas Cáin Oidhreachta a íoc in Éirinn?
Beidh sócmhainn faoi dhliteanas Cáin Oidhreachta a íoc in Éirinn:
- má tá an tsócmhainn lonnaithe in Éirinn, nó
- má tá an tsócmhainn lonnaithe thar lear, agus tá an duine nach maireann nó an tairbhí ina gcónaí nó ina ngnáthchónaí in Éirinn.
Is féidir faisnéis bhreise maidir le Cáin Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil).
Iúil 2011
