Seiceadóirí

Roinnt Téarmaí agus Nósanna Imeachta Ginearálta

Sula mbreathnaímid ar na cúinsí cánach a tharlaíonn de bharr báis, bheadh sé ina chuidiú féachaint go hachomair ar chuid de na príomhthéarmaí, ar na bealaí a aistrítear maoin ar bhás chuig tairbhithe agus ar nósanna imeachta áirithe a chaithfear a leanúint sula dtugtar sócmhainní ar láimh do thairbhithe.

Ar Ais go Barr

Cad is Eastát ann?

Cuimsíonn eastát duine nach maireann cibé sócmhainní (m.sh. cuntais bhainc, stoic agus scaireanna, teach, talamh, beostoc, seodra, gluaisteán, srl.) is féidir a aistriú chuig tairbhithe tar éis bhás an duine.

Ar Ais go Barr

Conas a aistrítear an t-eastát chuig na tairbhithe?

Féadfar na sócmhainní a chuimsítear in eastát duine nach maireann a aistriú ar bhealaí éagsúla. Déanfar sócmhainní a fhágtar le huacht a aistriú chuig tairbhithe de réir na dtéarmaí san uacht. Mura bhfuil uacht ann (cás ar a dtugtar díthiomnacht), sa chás sin déanfar sócmhainní a dhéanfaí a aistriú le huacht ar shlí eile a aistriú faoi rialacha speisialta a leagtar síos de réir an dlí. Sa bhreis air sin féadfar sócmhainní a aistriú lasmuigh den uacht nó den díthiomnacht freisin.

Samplaí de shócmhainní a aistrítear faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht

  • Sócmhainní faoi úinéireacht ainm aonair an duine nach maireann.
  • Sócmhainní faoi úinéireacht an duine nach maireann ach a chuirtear in ainm duine eile ar mhaithe le caoithiúlacht nó ar chúis chomhchosúil eile.
  • Sócmhainní a chuir an duine nach maireann in ainmneacha comhpháirteacha an duine nach maireann agus duine eile gan aon rún go rachaidís chun leasa an duine sin.

Samplaí de shócmhainní a aistrítear lasmuigh den uacht nó de dhíthiomnacht

  • Sócmhainní a aistrítear le hainmniú, m.sh. d’fhéadfadh sé gur threoraigh an duine nach maireann Comhar Creidmheasa chun na fáltais ó chuntas comhar creidmheasa a íoc ar a b(h)ás le duine áirithe ar a dtugtar an t-ainmní.
  • Sochair bháis a aistrítear faoi pholasaí árachas saoil nó scéim pinsean nuair is baill teaghlaigh áirithe iad na daoine a luaitear sa pholasaí nó sa scéim.
  • Sócmhainní a aistrítear nach raibh leas ag an duine nach maireann iontu ach dá s(h)aolré amháin.
  • Sócmhainní a chuir an duine nach maireann in ainmneacha comhpháirteacha an duine nach maireann agus duine eile agus an rún go rachaidís chun leasa an duine sin ar bhás an duine nach maireann.

Ar Ais go Barr

An tIonadaí Pearsanta

Is é an tIonadaí Pearsanta an duine atá freagrach as gnóthaí an duine nach maireann a thabhairt chun críche. Caithfidh sé/sí, laistigh de thréimhse ama réasúnta, na sócmhainní a aistrítear faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht a bhailiú, aon fhiachais de chuid an eastáit a íoc agus na sócmhainní barrachais a dháileadh ar na tairbhithe atá i dteideal iad a fháil.

Má tá uacht ann, is dócha gur ceapadh an tIonadaí Pearsanta trí é/í a ainmniú san uacht mar sheiceadóir agus gur ghlac sé/sí an fhreagracht mar gheall air sin. Má tá díthiomnacht ann (gan uacht ar bith), is dócha gur ghlac an tIonadaí Pearsanta an fhreagracht go simplí ós rud é gur céile, páirtnéir sibhialta nó duine de neasghaolta an duine nach maireann é/í. Tugtar riarthóir ar Ionadaí Pearsanta nach gceaptar le huacht.

Ar Ais go Barr

Tairbhí

Is Tairbhí duine a fhaigheann eastát iomlán nó cuid d’eastát an duine nach maireann le hoidhreacht faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht nó lasmuigh den uacht nó díthiomnacht.

Ar Ais go Barr

Iontaobhaí

In áit foráil a dhéanamh go dtabharfar maoin díreach don tairbhí, féadfar foráil a dhéanamh in uacht an duine nach maireann go gcaithfidh iontaobhaithe a ainmnítear san uacht an mhaoin a choinneáil in iontaobhas, ar feadh tréimhse áirithe, thar ceann an tairbhí. Féadfar iontaobhais den sórt sin a chruthú de bhrí go bhfuil an tairbhí an-óg, nó de bhrí gur mian leis an duine nach maireann go gcoinnítear an mhaoin ar mhaithe le duine amháin le linn a shaolré agus, ar bhás an duine sin, go n-aistreofar an mhaoin chuig tairbhí eile. Ní ghlacfaidh na hiontaobhaithe le bainistíocht mhaoin an iontaobhais go dtí go ndéanfaidh an t-ionadaí pearsanta an t-eastát a riar. Ansin leanfar den iontaobhas go dtí an sprioc-am atá sainithe san uacht chun an mhaoin a thabhairt ar láimh.

Tabhair faoi deara: Is féidir leis an duine céanna níos mó ná ról amháin a ghlacadh; mar shampla, is féidir le hIonadaí Pearsanta a bheith ina T(h)airbhí freisin.

Ar Ais go Barr

Sula dtugtar sócmhainní ar láimh do thairbhithe

Sula dtugtar sócmhainní ar láimh do thairbhithe caithfear nósanna imeachta áirithe a leanúint. Tríd is tríd, is iad seo ná mar a leanas:

Sócmhainní a aistrítear lasmuigh den uacht nó den díthiomnacht

I gcás sócmhainne a aistrítear lasmuigh den uacht nó den díthiomnacht, de ghnáth ní bhíonn de dhíth ach go soláthraíonn an tairbhí deimhniú báis chun teidlíocht an tairbhí an tsócmhainn atá i gceist a fháil a shocrú.

Sócmhainní a aistrítear faoi uacht nó faoi díthiomnacht

D’fhonn dearbhú dlíthiúil a fháil maidir lena c(h)eapachán, caithfidh an tIonadaí Pearsanta iarratas a dhéanamh ar Oifig Phrobháide na hArd-Chúirte chun doiciméad ar a dtugtar Deonú Ionadaíochta a fháil. Is ionann an Deonú Ionadaíochta agus ráthaíocht d’institiúidí airgeadais (m.sh. bainc, cumainn foirgníochta, comhair chreidmheasa, srl.) agus do dhaoine eile gur féidir leo sócmhainní an duine nach maireann a chur faoi chúram an duine a ainmnítear mar Ionadaí Pearsanta sa deonú. Tugtar Deonú Probháide ar an Deonú Ionadaíochta fosta (nuair atá uacht ann) nó Litreacha Riaracháin (nuair nach bhfuil uacht ann).

De ghnáth déanann dlíodóir iarratas ar an Deonú Ionadaíochta agus é ag gníomhú ar son an Ionadaí Phearsanta. I gcásanna neamhchasta, d’fhéadfaí iarratas pearsanta a dhéanamh trí Rannóg Iarratais Phearsanta na hOifige Probháide.

Nós Imeachta Breise Speisialta a bhaineann le hairgead in ainmneacha comhpháirteacha

Gan litir réitigh ó na Coimisinéirí Ioncaim cuirtear cosc faoin dlí ar bhainc, ar chumainn foirgníochta agus ar institiúidí airgeadais eile airgead a eisiúint (seachas cuntais reatha) a taisceadh nó a lóisteáladh in ainmneacha comhpháirteacha an duine nach maireann agus duine nó daoine eile. Tá sé seo infheidhme má tá iomlán na méideanna uile atá chun sochair leis na hinstitiúidí in ainmneacha comhpháirteacha an duine nach maireann agus an duine nó na ndaoine eile siúd níos mó ná €50,000, ag dáta an bháis. Níl sé infheidhme, áfach, maidir le hairgead a taisceadh in ainmneacha comhpháirteacha an duine nach maireann agus a c(h)éile mharthanaigh nó páirtnéir sibhialta marthanach.

Ba chóir iarratais ar litreacha réitigh le soláthar d’institiúidí airgeadais a dhéanamh chuig an limistéar oibriúcháin CAT ábhartha.

Ar Ais go Barr

Más Ionadaí Pearsanta tú - Cad ba chóir duit a dhéanamh agus cá huair

Mar achoimre seo a leanas an méid ba chóir duit a dhéanamh faoi cháin - agus cá huair ba chóir duit é a dhéanamh.

Liostaíonn an tábla seo na rudaí ba chóir duit a dhéanamh agus cá huair ba chóir duit iad a dhéanamh má tá tú i d’Ionadaí Pearsanta ar dhuine a fuair bás le déanaí.
Cad ba chóir duit a dhéanamh Cá huair
Cuir in iúl d’oifig chánach an duine nach maireann go bhfuair an duine bás Chomh luath agus is féidir tar éis an bháis
Déan aon chúrsaí cánach nach bhfuil réitithe suas go dtí
dáta an bháis a shórtáil
Chomh luath agus is féidir tar éis an bháis
Déan deimhin go n-íoctar cáin ar aon ioncam nó gnóthachain
chaipitiúla a eascraíonn le linn na tréimhse
nuair a dhéantar an t-eastát a riar
Le linn na tréimhse riaracháin

Ar Ais go Barr

Oifig Chánach an Duine Nach Maireann a chur ar an eolas

Ba chóir oifig chánach an duine nach maireann a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir maidir le dáta an bháis agus ainm agus seoladh an ionadaí phearsanta. Cinnteoidh sé seo go seolfar comhfhreagras chuig an ionadaí pearsanta go dtí go dtabharfar riarachán an eastáit chun críche.

Is féidir teacht ar sheoladh oifig chánach an duine nach maireann ar aon chomhfhreagras ón oifig sin chuig an duine nach maireann. Má tá aon amhras ort maidir le cén oifig chánach ar chóir teagmháil a dhéanamh léi, déan teagmháil le d’oifig cheantair áitiúil nó féach sonraí teagmhála.

Ar Ais go Barr

Gnóthaí réamhbháis an duine nach maireann a shórtáil

Mar ionadaí pearsanta, tá tú freagrach as aon chúrsaí cánach nach bhfuil réitithe don tréimhse suas go dtí dáta an bháis a shórtáil. Ag brath ar chúinsí, d’fhéadfadh sé go mbeidh ort cánacha breise a íoc nó aisíocaíocht a éileamh.

Cuimhnigh ar na nithe seo a leanas:

  • má dhéanann tú an t-eastát a chionroinnt gan aon dhliteanais chánach atá le híoc a íoc, d’fhéadfadh sé go mbeidh an cháin le híoc agat as do phóca féin.
  • má theipeann ort aisíocaíocht chánach a éileamh atá dlite don eastát, d’fhéadfadh sé go mbeidh ort aon chaillteanas don eastát a shlánú.

Má bhí an duine nach maireann féinfhostaithe, is dócha go n-iarrfaidh tú ar chuntasóir an duine nach maireann aon Tuairisceáin Chánach agus cuntais ghnó atá fós le réiteach a chomhdú le hoifig chánach an duine nach maireann. Chomh maith le cáin ioncaim, beidh ort a chinntiú go n-íoctar aon CBL, ÍMAT/ÁSPC fostóra, nó cánacha eile maidir leis an tréimhse suas go dtí dáta an bháis.

Má bhí an duine nach maireann ina fhostaí, d’fhéadfadh sé go mbeidh aisíoc cánach ÍMAT dlite mura mbaineadh úsáid as creidmheasanna cánach uile an duine nach maireann do bhliain an bháis. Seolfaidh fostóir an duine nach maireann Foirm P45 chuig an oifig chánach a bhí ag déileáil le cúrsaí cánach an duine nach maireann. Beidh aon aisíocaíocht chánach ina chuid d’eastát an duine nach maireann. Mar ionadaí pearsanta, tá tú freagrach as aon tuairisceán cánach atá le comhlánú a chomhdú ar son an duine nach maireann.

Ar Ais go Barr

An Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre a Chomhlánú

Is cuntas í an pdfMhionnscríbhinn Ioncaim Intíre(PDF, 461KB) ar eastát an duine nach maireann a chaithfidh an t-ionadaí pearsanta a chomhlánú agus a mhionnú d’fhonn Deonú Ionadaíochta a fháil ón Oifig Phrobháide.

Ar Ais go Barr

Cén fhaisnéis a iarrtar sa Mhionnscríbhinn?

Iarann an Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre:

  • cuntas iomlán ar shócmhainní agus ar dhliteanais an duine nach maireann ag dáta an bháis;
  • faisnéis maidir le sócmhainní a aistrítear lasmuigh den uacht nó den díthiomnacht, i measc rudaí eile; agus
  • sonraí na dtairbhithe agus luach na sochar lena nglactar.

Chun an Mhionnscríbhinn a chomhlánú, beidh ort a fháil amach cé acu an bhfuair nó nach bhfuair na tairbhithe aon bhronntanais nó oidhreachtaí eile - ón duine nach maireann nó ó dhuine ar bith eile ag am ar bith an 5 Nollaig 1991 nó ina dhiaidh sin.

Ar Ais go Barr

Cad a tharlaíonn don Mhionnscríbhinn?

Cuirtear dhá bhunleagan den mhionnscríbhinn díreach faoi bhráid na hOifige Probháide/na Clárlainne Probháide Ceantair, chomh maith leis na doiciméid atá riachtanach don Deonú Ionadaíochta in eastát an duine nach maireann. Seiceálfaidh an Oifig Phrobháide / an Chlárlann Phrobháide Ceantair an Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre a mhéid is go mbaineann sé le heilimint phrobháide an phróisis. Beidh na Coimisinéirí Ioncaim ag plé leis na sonraí cánach ar fad in am agus i dtráth.

Is féidir faisnéis bhreise maidir le Cáin Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil).

Ar Ais go Barr

Ioncam agus Gnóthachain Chaipitiúla le linn na tréimhse riaracháin

D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama ar an ionadaí pearsanta an t-eastát a riar agus le linn na tréimhse seo d’fhéadfadh sé go ndéanfaí ioncam a ghnóthú nó gnóthachain chaipitiúla a dhéanamh. Is mar seo a leanas a bhíonn an scéal tríd is tríd.

Ar Ais go Barr

Cáin Ioncaim

  • Tá an t-ionadaí pearsanta faoi dhliteanais Cáin Ioncaim a íoc ag an ráta caighdeánach ar ioncam a dhéantar a ghnóthú le linn na tréimhse riaracháin. Níl aon teidlíocht ann maidir le creidmheasanna pearsanta nó aon fhaoisimh eile a bheadh ar fáil ar shlí eile do cháiníocóirí aonair.
  • I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go n-aontódh an oifig chánach ar bhonn lamháltais caitheamh leis an tairbhí mar chomharba na hoidhreachta ó dháta an bháis. Ina leithéid de chúinsí, glacfaidh an tairbhí le freagracht iomlán as Cáin Ioncaim a íoc ar ioncam iarbháis amhail is go raibh sé nó sí i dteideal na sócmhainne - agus an ioncaim - ó dháta an bháis.

Ar Ais go Barr

Cáin Ghnóthachan Caipitiúil

  • Ní bhíonn dliteanas maidir le Cáin Ghnóthachan Caipitiúil ina thoradh ar bhás. Mar shampla, má cheannaigh an duine nach maireann scaireanna ar €12,700 agus b’fhiú €19,100 iad ar dháta an bháis, déantar neamhaird den ghnóthachan caipitiúil €6,400.
  • Má dhíolann an t-ionadaí pearsanta aon mhaoin le linn na tréimhse riaracháin, d’fhéadfadh sé go mbeidh dliteanas ann maidir le Cáin Ghnóthachan Caipitiúil - ach sa mhéid amháin agus gur méadaíodh luach na maoine atá i gceist idir dáta an bháis agus dáta an díolacháin. Ag leanúint ón sampla thuas, má dhíolann an t-ionadaí pearsanta na scaireanna le linn na tréimhse riaracháin ar €21,600, níl sa ghnóthachan caipitiúil ábhartha ach €2,500.
  • Ní bhíonn dliteanas maidir le Cáin Ghnóthachan Caipitiúil ina thoradh ar chomhroinnt maoine ag an ionadaí pearsanta ar thairbhithe.

Iúil 2011

(Adobe Acrobat Reader PDF Nasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil