Baintreacha / Baintreacha Fir
- Na príomh-díolúintí cánach agus faoisimh do chéilí marthanacha
- Díolúine ó Cháin Oidhreachta do Chéile Marthanach
- Cáin Ioncaim don bhliain ina bhfuair do chéile bás
- Liúntas speisialta do chéile marthanach a bhfuil leanbh cleithiúnach aige/aici
- Tuilleadh Comhairle
Le haghaidh faisnéis maidir le dliteanas cháin ioncaim deiridh, féach Daoine nach maireann - Dliteanas Deiridh.
Tugann an chuid seo imlíne de na príomh-díolúintí cánacha agus faoisimh go háirithe maidir le céilí marthanacha.
Na príomh-díolúintí cánach agus faoisimh do chéilí marthanacha
Mar achoimre, seo a leanas iad:
- díolúine iomlán ó Cháin Oidhreachta do shochair tógtha ag an gcéile marthanach;
- na rialacha speisialta ar Cháin Ioncaim a bhaineann le bliain an bháis;
- má tá leanaí cleithiúnacha agat, tá an faoiseamh ar Cháin Ioncaim ar fáil ar feadh 5 bliana chánach tar éis an bháis.
Tá siad seo mínithe go sonrach thíos.
Díolúine ó Cháin Oidhreachta do Chéile Marthanach
Má ghlacann tú le hoidhreacht ó do chéile básaithe ní gá duit Cáin Oidhreachta a íoc ar an oidhreacht sin. Tá an díolúine neamhtheoranta - is cuma cén mhéid a fhaigheann tú, tá sé go hiomlán díolmhaithe. Ní gá an díolúine seo a éileamh agus ní gá duit aon fhoirm Cháin Oidhreachta a chomhlánú.
Cáin Ioncaim don bhliain ina bhfuair do chéile bás
Beidh mar a chaitear le do Cháin Ioncaim don bhliain chánach ina bhfuair do chéile bás ag brath ar an gcaoi a gearradh cáin ort féin agus ar do chéile roimh do mhéala. Cabhróidh d’oifig chánach leat an ríomh a dhéanamh agus le cinntiú go bhfuil na liúntais saor ó cháin cearta agat. Seo a leanas mar a bhíonn cúrsaí tríd is tríd:
- Dá mba rud é gur “céile inmheasúnaithe” a bhí i do chéile básaithe, .i. an duine freagrach as an gcomhthuairisceán thar ceann na beirte; beidh tú i dteideal liúntas speisialta méadaithe do bhaintreacha ó dháta báis do chéile go dtí deireadh na bliana cánach. Beidh banda ráta duine singil i bhfeidhm don tréimhse seo.
- Más rud é go raibh tú i do “chéile inmheasúnaithe”, leanfaidh tú de liúntas an duine pósta a fháil agus an banda ráta pósta a fháil don chuid eile den bhliain chánach. Gearrfar cáin ort ar d’ioncam féin don bhliain chánach iomlán inar bhásaigh do chéile móide ioncam do chéile básaithe ó thús na bliana cánach sin go dtí dáta an bháis.
- Más rud é go raibh sibh beirt ag íoc cánach mar dhaoine singile, gheobhaidh tú liúntas speisialta méadaithe do bhaintreacha agus banda ráta singile don bhliain.
Liúntas speisialta do chéile marthanach a bhfuil leanbh cleithiúnach aige/aici
Má tá leanaí cleithiúnacha agat, féadfaidh tú a bheith i dteideal creidmheas speisialta do cháin ioncaim (dar teideal "creidmheas cánach do thuismitheoir ar baintreach/baintreach fir iad") ar feadh 5 bliana tar éis bás do chéile. D'fhéadfadh sé freisin go mbeifeá i dteideal “creidmheas cánach do theaghlach aontuismitheora” chomh fada is go bhfuil leanaí cleithiúnacha agat.
Tuilleadh Comhairle
Cuimhnigh, cuir an oifig chánach ar an eolas faoi bhás do chéile a luaithe agus is féidir leat.
Iarrfaidh siad eolas áirithe - dáta an bháis, uimhir PPS do chéile, agus ainm an ionadaí pearsanta san áireamh.
Beidh orthu cinntiú freisin go bhfuil do chreidmheasanna cánach ceart tugtha duit. Chun é seo a dhéanamh, beidh siad ag iarraidh fáil amach cén mhéid leanbh cleithiúnach atá agat, agus an mbeidh tú ag fáil pinsin (ó Leas Sóisialach nó ó fhostóir do chéile básaithe).
Ná bíodh aon imní ort más rud é nach bhfuil an t-eolas ar fad agat agus tú i dteagmháil leis an oifig chánach: inis dóibh an méid is féidir leat. Tagairt: IT 40 - Cúrsaí Cánach do Bhaintreacha/Bhaintreach Fir.
