Páirtnéireacht Shibhialta
Cánachas agus an tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010
Achtaíodh reachtaíocht lenar tugadh éifeacht do na hathruithe cánachais a eascraíonn as an Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010 (Acht CPCROC) an 27 Iúil 2011 (Acht Airgeadais (Uimh. 3) 2011).
Tá forálacha cánach ar fáil anois do pháirtnéirí sibhialta atá ar aon dul leis na forálacha a bhaineann le lánúineacha pósta. Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta do chinntiú go mbeidh páirtnéirí sibhialta cláraithe ar an eolas maidir lena dteidlíochtaí a eascraíonn as an reachtaíocht. Ullmhaíodh doiciméid leis na
Ceisteanna Coitianta (PDF, 209KB) chun cabhrú le custaiméirí freagraí a aimsiú ar a gcuid ceisteanna. Déanfar é seo a nuashonrú de réir mar is gá. Tá na foirmeacha, na bileoga faisnéise agus na treoracha ábhartha ar fad á n-athbhreithniú chun an stádas nua páirtnéireachta sibhialta a léiriú.
Tugtar isteach scéim sásaimh le haghaidh comhchónaitheoirí incháilithe freisin leis an Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010. Baineann na forálacha cánach do lánúineacha pósta le faoiseamh i leith íocaíochtaí cothabhála agus aistrithe réadmhaoine a dhéantar le hiar-chomhchónaitheoir atá cleithiúnach ó thaobh airgeadais de mar a ordaíonn na Cúirteanna nuair a thagann deireadh le caidreamh comhchónaitheora. Ullmhaíodh doiciméid eile leis na
Ceisteanna Coitianta (PDF, 58KB) chun cabhrú le custaiméirí freagraí a aimsiú ar a gcuid ceisteanna.
Is é www.revenue.ie príomhfhoinse na gCoimisinéirí Ioncaim chun custaiméirí a choinneáil ar an eolas maidir lena dteidlíochtaí agus lena n oibleagáidí.
