Pósadh nó cláraithe i bpáirtnéireacht sibhialta

Féach freisin:

An bhfuil sé riachtanach a chur in iúl don Oifig Chánach gur phós mé nó cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta?

A luaithe agus a bhíonn tú pósta nó cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta, ba cheart duit an oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas maidir le dáta do phósta nó dáta um chlátú do pháirtnéireacht shibhialta agus d’uimhir Phearsanta Seirbhíse (PSP) chomh maith le huimhir do chéile nó páirtnéir sibhialta a lua.

Ar ais go barr

Conas a mbeimid cuirtear faoi cháin sa bhliain an phósta no an bhliain a chlárú an pháirtnéireacht shibhialta?

Chun críche cánach, féachtar fós ar an mbeirt agaibh mar dhaoine singile le linn mbliain an phósta nó an bhliain ar cláraíodh an pháirtnéireacht shibhialta. Más mó áfach an cháin a íocann sibh beirt mar dhaoine singile sa bhliain sin ná an méid a bheadh le híoc agaibh mar lánúin phóstai bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta, is feidir aisíoc a éileamh is ionann agus an difríocht.

Ní bheidh aisíoc iníochta ach ó dháta an phósta nó dáta ar cláraíodh an pháirtnéireacht shibhialta ar aghaidh agus áireofar é ad deireadh na bliana cánach sin. Ní thiocfadh aisíoc cánach do bhliain an phósta nó sa bhliain ar cláraíodh an pháirtnéireacht shibhialta i gceist de ghnáth ach sa chás go bhfuil cáin á gearradh oraibh beirt ar rátaí cánach éagsúla agus go bhféadfadh duine amháin agaibh leas tairbheach a bhaint as banda ráta caighdeáach cánach nó as cuid de chreidmheasanna cánach an chéile no páirtnéir sibhialta eile. Féach sampla sa Bileog IT2 - Gearradh Cánach ar Dhaoine Pósta.

Ar ais go barr

Conas a mbeimid cuirtear faoi cháin sna blianta dár gcionn?

Is iad seo na roghanna atá agat:

  • Cómheasúnú
  • Measúnú ar Leith
  • Cóireáil ar Leith (Measúnúm mar Dhaoine Aonair).

Is féidir leat an modh cánach is fearr a oireann do thosca a roghnú.

Ar ais go barr

Cad é Cómheasúnú?

Is é de ghnáth, an Comheasúnú an bonn measúnaithe is mó a théann chun tairbhe do lánúin bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta. Is ar an mbonn sin, sa ghnáthchúrsa, a fheidhmíonn an oifig chánach ón uair a insíonn tú dúinn faoin bpósadh nó chlárú páirtnéireacht sibhialta. Ní chuireann sé sin bac ort áfach ceachtar den dá rogha eile a roghnú.

Faoi chómheasúnú, is féidir na creidmheasanna cánach agus banda ráta caighdeánach a dháileadh idir na céilí nó páirtnéirí sibhialta, in oiriúint dá dtosca. Mar shampla:

  • Mura bhfuil ioncam inchánach ach ag céile nó páirtnéir sibhialta amháin, is don chéile nó páirtnéir sibhialta sin a thabharfar na creidmheasanna cánach ar fad agus banda ráta chaighdeánaigh.
  • Má tá ioncam inchánach ag an mbeirt chéile nó na páirtnéirí sibhialta, is féidir leo a shocrú cé acu ceann a bheith mar chéile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmnithe agus a iarraidh ar an oifig chánach na creidmheasanna cánach agus banda ráta caighdeánach a leithroinnt eatarthu cibé bealach is mian leo. [Níl creidmheas cánach ÍMAT, costais fhostaíochta, agus bunbhanda ráta caighdeánach inaistrithe].

I gcás nach bhfaighidh an oifig chánach iarratas uait maidir le creidmheasanna cánach agus faoisimh a leithroinnt ar bhealach áirithe, tabharfaidh sa ghnáthchúrsa na creidmheasanna cánach ar fad (seachas creidmheasanna ÍMAT agus costais an chéile nó páirtnéir sibhialta eile) don chéile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmhithe.

Cad is brí leis "an Céile is Inmheasúnaithe" nó Páirtnéir Sibhialta Ainmhithe?

Ní mór don chéile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmhithe an tuairisceán cánach a líonadh don lánúin agus tá an duine sin inmhuirir ó thaobh cánach de ar chomhioncam na lánúine.

Ar ais go barr

Conas a ainmnímid an Céile is Inmheasúnaithe nó an Páirtnéir Sibhialta Ainmhithe?

Is í an lánúin féin a roghnaíonn cén duine acu a bheas mar chéile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmhithe. Tá foirm lenar féidir an t-ainmniú a dhéanamh istigh Bileog IT2 – Gearradh Cánach ar Dhaoine Pósta. Ina mhalairt da chás, beidh socrú scríofa, sine leis an mbeirt chéile nó páirtnéirí sibhialta, glactha. Cé go gcaithfear an t-ainmniúchán a chur in iúl don Oifig Chánach ar nó roimh an 31 Márta sa bhliain chánach, b’fhearr i ndáiríre é a dhéanamh roimh thús na bliana cánach, 1 Eanáir, lena chinntiú go leithroinntear mar is ceart na creidmheasanna cánach agus banda ráta caighdeánach ar an mbeirt chéile nó páirtnéirí sibhialta ó thús na bliana cánach.

Ar ais go barr

Cad a tharlóidh mura n-ainmnímid an céile is inmheasúnatihe nó pairtnéir sibhialta ainmhithe?

I gcás nach bhfaightear ainmniúchán is é an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmhithe an céile nó an páirtnéir sibhialta a fhaigheann an t-ioncam is mó sa bhliain is deireanaí a bhfuil eolas ar fáil ina leith faoi ioncam na beirte. Leanfaidh céile no páirtnéir sibhialta ag feidhmiú mar chéile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmhithe mura gcomhchinneann an lánúin gurb é an céile no páirtnéir sibhialta eile an céile is inmheasúnaithe no an páirtnéir sibhialta ainmhithe nó go dtí go roghnaíonn ceachtar díobh measúnú ar leithligh nó measúnú mar dhuine singil.

Aisíocaí

Aisíocaí a éiríonn as athbhreithniú cinn bliana, déanfar iad a leithroinnt agus a aisíocht de ghnáth de réir na cánach a d’íoc gach céile nó páirtnéir sibhialta.

Ar ais go barr

Má tá céile nó páirtnéir sibhialta amháin Féinfhostaithe an dtagann Cómheasúnú i gceist?

Tagann. D’fhéadfadh an tsolúbthacht a bhaineann le cómheasúnú bheith an-áisiúil i gcás go n-íocann céile nó páirtnéir sibhialta amháin cáin faoi ÍMAT agus go n-íocann an céile nó páirtnéir sibhialta eile cáin faoin gCóras Féinmheasúnaithe. Is ar bhonn do chúinsí féin a shocrófar cé acu ar chóir an chuid is mó den cháin a íoc faoi ÍMAT nó i gcnapshuim ar a measúnú. Tá sé seo ag brath ar an mbealach ina leithroinntear na creidmheasanna cánach. Más mian leat tromlach na cánach a íoc faoi ÍMAT is cóir na creidmheasanna cánach, seachas creidmheasanna cánach ÍMAT agus costais fhostaíochta a fhritháireamh i gcoinne an ioncaim fhéinmheasúnaithe, agus vice versa.

Ar ais go barr

An dtagann Cómheasúnú i gceist mura bhfuil ioncam inchánach ach ag céile nó páirtnéir sibhialta amháin?

Tagann. Is é an Cómheasúnú an t-aon rogha phraiticiúil sa chás seo. Is don chéile nó páirtnéir sibhialta ag a bhfuil ioncam inchánach a thugtar na creidmheasanna cánach agus na faoisimh ar fad agus banda ráta chaighdeánaigh.

Foirm Thuairisceáin Ioncaim

Ní gá ach foirm amháin a chomhlánú. Caithfidh an céile is inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmhithe í a chomhlánú, ag taispeáint ioncam na beirte agus ag éileamh iomlán na gcreidmheasanna cánach agus na bhfaoiseamh.

Ar ais go barr

An mbeidh an bheirt againn ag plé leis an Oifig Chánach chéanna?

Beidh, i bhformhór cásanna. Féach an Aimsitheoir Teagmhála.

Ar ais go barr

Cad é Measúnú ar Leith?

Faoi Mheasúnú ar Leith tá do chúrsaí cánach neamhspleách ar chúrsaí cánach do chéile nó páirtnéir sibhialta. Roinntear na creidmheasanna cánach seo a leanas oraibh go cothrom:-

  • Creidmheas Cánach Pósta nó do Pháirtnéireacht Sibhialta
  • Creidmheas Cánach Aoise
  • Creidmheas Cánach Daill
  • Creidmheas Cánach Leanaí Éagumasacha.

Cionroinntear na creidmheasanna cánach eile oraibh i gcomhréir na gcostas atá oraibh. Leithroinntear creidmheasanna cánach maidir le ÍMAT, agus costais fhostaíochta, más ann, don chéile nó páirtnéir sibhialta cuí. Creidmheasanna cánach ar bith etc., seachas creidmheasanna cánach ÍMAT agus costais fhostaíochta nach n-usáideann céile nó páirtnéir sibhialta amháin, is féidir leis an gcéile nó páirtnéir sibhialta eile iad a éileamh. I gcoitinne is tar éis dheireadh na bliana cánach a shrocraítear na creidmheasanna cánach.

Ar ais go barr

Cad a tharlaíonn faoi Mheasúnú ar Leith do chreidmheasanna cánach nach n-úsáideann céile nó páirtnéir sibhialta amháin go hiomlán?

Creidmheasanna cánach neamhúsáidte ar bith (seachas creidmheas cánach ÍMAT agus costais fhostaíochta) agus banda ráta caighdeánach suas le €41,800, is féidir iad a aistriú chuig an gcéile nó páirtnéir sibhialta eile ach is ag deireadh na bliana cánach a dhéantar é. Níl an méadú €23,800 ar bhanda ráta cánach caighdeánach inaistrithe idir céilí nó páirtnéirí sibhialta.

Má cheapann tú go bhfuil é seo infheidhme duit, is cóir duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig chánach agus a iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh tar éis dheireadh na bliana cánach. Tá sé tábhachtach cuimhneamh air gurb ionann, ar an iomlán, an cháin is iníoctha faoi Mheasúnú ar Leith agus an cháin is iníoctha faoi Chómheasúnú. Féach an sampla sa Bileog IT2 - Gearradh Cánach ar Dhaoine Pósta.

Ar ais go barr

Conas a dhéanaim éileamh ar Mheasúnú ar Leith?

Ní foláir Measúnú ar Leith a éileamh de bhéal nó i scríbhinn. Is féidir le ceachtar céile nó páirtnéir sibhialta an t-éileamh a dhéanamh agus ní mór é a dhéanamh sa sé mhí idir 1 Deire Fómhair na bliana roimh ré agus 31 Márta i mbliain an éileamh. Ní féidir é a iardhátú agus leanann sé go dtí go dtarraingítear siar é. Is ar an gcéile nó páirtnéir sibhialta a dhéanann an t-éileamh sa chéad dul síos a luíonn sé é a tharraingt siar.

Ar ais go barr

Cad faoi Fhoirmeacha Tuairisceáin Ioncaim?

Ní mór don bheirt chéile nó páirtnéirí sibhialta tuairisceán ioncaim ar leith a dhéanamh. Glacfaidh an Oifig Réigiúnach Chánach, áfach, le comhthuairisceán amháin (arna dhéanamh ag ceachtar céile no páirtnéir sibhialta) má chuimsíonn sé ioncaim ar fad na beirte.

Ar ais go barr

Cad is brí le Cóireáil ar Leith? (Measúnú mar Dhuine Singil)

Faoi Chóireáil ar Leith caitear leis an mbeirt chéile nó páirtnéirí sibhialta mar dhaoine singil ar mhaithe le cúrsaí cánach.Ní ceart Cóireáil ar Leith a mheascadh le Measúnú ar Leith. Maidir leis an mbeirt chéile nó páirtnéirí sibhialta:

  • Gearrtar cáin ar ioncaim duine féin
  • Faigheann siad na creidmheasanna cánach agus banda ráta caighdeánach atá dlite do dhuine singil
  • Íocann siad a gcáin féin
  • Comhlánaíonn siad a dTuairisceán Ioncaim féin agus éilíonn siad a gcreidmheasanna cánach féin.

Ní féidir le céile nó páirtnéir sibhialta amháin faoiseamh a éileamh i leith íocaíochtaí an duine eile agus ní ceadaithe creidmheasanna cánach nó banda ráta a aistriú eatarthu.

Ar ais go barr

Conas a dhéanaim éileamh ar Cóireáil ar Leith?

Is féidir Cóireáil ar Leith a éileamh de bhéal nó i scríbhinn. Is féidir le ceachtar céile nó páirtnéir sibhialta an t-éileamh a dhéanamh agus leanann an socrú go dtí go dtarraingítear siar é ag an gcéile nó páirtnéir sibhialta a rinne an t-éileamh. Ní mór an t-éileamh, má tá gá leis, a dhéanamh laistigh den bhliain chánach (is fearr tús na bliana).

D’fhéadfadh an bonn measúnaithe seo bheith míbhuntáisteach i gcúinsí áirithe toisc nach féidir leat creidmheasanna cánach agus banda ráta caighdeánach a aistriú. Ní féidir creidmheas cánach do chúramóir baile a éileamh le haghaidh céile nó páirtnéir sibhialta a thugann aire do dhuine cleithiúnach agus a d'fhéadfadh cáiliú don fhaoiseamh ar bhealach eile. Taispeánann na samplaí sa Bileog IT2 - Gearradh Cánach ar Dhaoine Pósta.

Achoimre

  • Chur in iúl don Oifig Chánach go bhfuil sibh pósta nó cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta
  • Déan rogha an bonn cánachais is mian libh mar lánúin bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhalta
  • Seicéal an bhfuil aisíoc cánach dlite duit do bhliain an phósta no bliain um chlarú do pháirtnéireachto sibhialta ag deireadh na bliana sin.

Meán Fómhair 2011

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil