Duine níos Sine
- Réamhrá
- Cáin Ioncaim
- Cáin Ghnóthachan Caipitiúil
- Cáin Fáltas Caipitiúil
- Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais
- Faisnéis Úsáideach Eile
Réamhrá
Is féidir cóipeanna de na bileoga agus na foirmeacha a dtagraítear dóibh a íoslódáil, a phiocadh suas i d’oifig chánach áitiúil nó iad a fháil ach glaoch a chur ar ár Seirbhís Foirmeacha agus Bileog Eolais ag 1890 30 67 06 nó 00353 1 70 23 050 do ghlaoiteoirí lasmuigh de Phoblacht na hÉireann. Seirbhís uathoibríoch is ea í seo agus iarrfar ort d’ainm, do sheoladh agus teideal na bileoige atá tú ag lorg a thabhairt,
Le haghaidh sonraí faoi mhéid reatha na liúntas cánach thuas féach Bileog Eolais IT1 - Creidmheasanna, Faoisimh agus Rátaí Cánach.
Cáin Ioncaim
Cuireann an chuid seo faisnéis ar fáil faoi fhaoisimh agus liúntais a d’fhéadfadh laghdú a dhéanamh ar an méid cánach a bheidh ort a íoc. D’fhéadfaidís leas a dhéanamh do dhaoine eile sa teaghlach freisin. Má tá tú díolmhaithe ó cháin nó má tá tú incháilithe d'fhaoiseamh imeallach ní bhaineann na faoisimh anseo leatsa.
- Creidmheas Cánach Aoise - tá sé seo ar fáil má tá tú féin nó do chéile thar 65 bliain d’aois sa bhliain chánach. Bá chóir duit é a chur in iúl do d’oifig chánach nuair a shroicheann tú féin nó do chéile an aois sin.
- Creidmheas Cánach na nDall - tá sé seo ar fáil má mheastar go bhfuil tú dall. Cáilíonn freisin do chéile don liúntas seo má mheastar go bhfuil sé nó sí dall. Íoslódáil Bileog Eolais IT35 - Liúntas na nDall agus Faoisimh.
- Gníomhais Chúnaint - tá faoiseamh suas go dtí 5%
de d’ioncam iomlán ar fáil ar Ghníomhas Cúnaint i bhfabhar duine 65 bliain d’aois nó níos
sine. Ní bhaineann an sriantacht 5% áit a bhfuil an duine atá ag fáil an chúnaint faoi
éagumas buan. Íoslódáil
Bileog Eolais
IT 7 - Cúnaint do Dhaoine Aonair (PDF, 42KB). - Creidmheas Cánach maidir le Gaol Cleithiúnach - tá sé seo ar fáil má
chothaíonn tú ar do chostas féin:
- Mac nó iníon a chónaíonn leat, a bhfuil tú ag brath orthu mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht.
- Gaol nach bhfuil in ann, mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht, é
nó í féin a chothabháil. Íoslódáil
Bileog Eolais IT 46 - Creidmheas Cánach maidir le Gaol
Cleithiúnach (PDF, 53KB).
- Duine Éagumasaithe - Liúntas chun Cúramóir a Fhostú
- má tá tú féin nó do chéile faoi éagumas, agus má fhostaíonn tú duine chun cúram a
thabhairt do duine faoi éagumas, féadann tú éileamh a dhéanamh i ndáil le costas na
fostaíochta. Tá an faoiseamh seo ar fáil freisin do bhaill den teaghlach a fhostaíonn
cúramóir. Íoslódáil
Bileog Eolais
IT 47 - Duine Fostaithe ag Tabhairt Aire do Dhuine Éagumasaithe (PDF, 163KB).
- Muirir Seirbhíse - tá faoiseamh cánach ar fáil ag
an ráta caighdeánach, 20%, má íocann tú muirir seirbhíse go hiomlán agus go tráthúil. Nó má
íocann mac nó iníon a chónaíonn leat na muirir seirbhíse is féidir leo an faoiseamh a
éileamh. Íoslódáil
Bileog Eolais
IT 27 - Faoiseamh Cánach maidir le Muirir Seirbhíse (PDF, 51KB). - Díolúine - ní bheidh ort nó ar do chéile cáin a íoc más lú d’ioncam iomlán ná teorainn áirithe. Braitheann na teorainneacha ar d’aois agus ar do stádas pósta. Tá Faoiseamh Imeallach ar fáil má tá d’ioncam iomlán beagán thar theorainn na díolúine. Bileog Eolais IT 8 - Díolúine ó Cháin agus Faoiseamh Imeallach i gcomhair.
- Faoiseamh maidir le Costais Liachta - tá sé seo ar fáil maidir leis an
gcuid is mó de chostais liachta agus déidliachta nach gnáthchostais iad, nach bhfaighidh tú
aon aisíocaíocht ar ais dóibh, mar shampla cuairteanna dochtúirí, cóireáil san ospidéal nó
i dteach altranais, cóireáil speisialaithe déidliachta, agus leigheasanna áirithe a
ordaíonn dochtúir.
- Faoiseamh ar Chostais Liachta - Bileog Eolais IT 6
- Faoiseamh ar Chostais Liachta -
Foirm Med1 (PDF, 804KB) - Féach freisin liosta d’Ospidéil agus Tithe Altranais Ceadaithe
- Sampla de rudaí a cháilíonn d’fhaoiseamh
- Costas chuairteanna ar dhochtúirí/liachleachtóirí
- Míreanna áirithe ordaithe ag dochtúir/liachleachtóir, (féach thíos)
- Cothabháil nó cóireáil ospidéil
- Cothabháil i dteach altranais (Caithfidh an teach altranais a bheith ceadaithe ag an Aire Sláinte agus Leanaí nó ceadaithe i gcomhair faoisimh maidir le costais liachta ag an Aire Airgeadais i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí. Féach liosta d’Ospidéil agus Tithe Altranais Ceadaithe).
- Iompar ar otharcharr
- Cóireáil speisialaithe déidliachta
- Costais othar duán (suas go dtí uasmhéid ag brath ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil Scagdhealú Duáin san ospidéal nó sa bhaile á thabhairt dóibh, nó Scagdhealú Peireatóinéim Siúil Leanúnach)
- Caiteachas áirithe maidir le leanbh a bhfuil breoiteacht bhagrach don bheatha air nó uirthi.
- Cáilíonn siad seo a leanas áit a n-ordaíonn dochtúir iad d’fhaoiseamh
maidir le costais liachta:
- Drugaí agus leigheasanna
- Nósanna imeachta diagnóiseacha
- Cóireáil ortoptach nó a comhchosúil
- Áis éisteachta
- Súil bhréige
- Leaba nó cathaoir ortaipéideach
- Cathaoir rotha/ardaitheoir do chathaoir rotha (níl aon fhaoiseamh dlite sa chás go n-athraítear foirgneamh chun ardaitheoir a éascú)
- Gléas glúcóis do dhiaibéiteach
- Altra cáilithe a fhostú i gcás breoiteachta géire
- Fisiteiripe nó a comhchosúil
- Costas ríomhaire más gá é chun fadhbanna cumarsáide duine faoi éagumas géar a mhaolú
- Costas bia saor ó ghlútán do chéiliacha. De bharr go bhfuil an riocht seo leanúnach, glacfar le litir, in ionad ordaithe, ó dhochtúir ag cur in iúl gur céiliach an cáiníocóir.
- Mura bhfuil cúram sláinte incháilithe ar fáil ach lasmuigh d’Éirinn, is féidir faoiseamh a éileamh maidir le costais réasúnta taistil agus chóiríochta.
- Ní cháileoidh siad seo:
- Ní thugtar faoiseamh maidir le gnáthchóireáil déidliachta, oftalmach nó mháithreachais.
- Áirítear le gnáthchóireáil déidliachta stoitheadh, sciúradh fiacla agus líonadh fiacla, agus fiacla saorga nó cíor fiacla a sholáthar nó a dheisiú
- Áirítear le gnáthchóireáil oftalmach tástáil radhairc, spéaclaí agus lionsaí tadhaill a sholáthar agus a chothabháil
- Áirítear le gnáthchóireáil mháithreachais an chéad cheithre lá déag cóireála ospidéil agus aon chóireáil nó aon chúram nach soláthraíonn an t-ospidéal.
Cáin Ghnóthachan Caipitiúil
Príomháit Chónaithe Phríobháideach
Má dhíolann tú do theach (lena n-áirítear tailte suas go dtí acra amháin) agus dá mba é do theach do phríomháit nó an t-aon áit chónaithe le linn do thréimhse úinéireachta tá seans ann go mbeidh tú i dteideal faoisimh maidir le Príomháit Chónaithe Phríobháideach agus mar sin díolmhaithe ó cháin ghnóthachan caipitiúil. Sampla de chás inar féidir an faoiseamh seo a laghdú is ea má úsáideadh an teach chun críocha gnó nó má tá sé á dhíol mar thalamh forbartha.
Gnólacht/Feirm
Má tá 55 bliain nó níos mó slánaithe agat b’fhéidir go mbeifeá i dteideal faoisimh ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil má dhíolann tú do ghnólacht, d’fheirm nó do scaireanna i gcomhlacht teaghlaigh a raibh tusa mar úinéir air ar feadh deich mbliana ar a laghad. Tá faoiseamh iomlán infhaighte, faoi réir coinníollacha áirithe, sa chás:
- Go ndéantar na sócmhainní a aistriú nó a dhíol le mac nó iníon
- Má dhíoltar iad le neacht nó le nia a d’oibrigh go lánaimseartha ar an bhfeirm nó sa ghnólacht le cúig bliana anuas
- Má dhíoltar iad le duine eile seachas mac nó iníon agus nach sáraíonn praghas iomlán an díolacháin/na ndíolachán €750,000.
Baineann an faoiseamh seo le maoin feirme a aistríodh trí léas mar chuid de Scéim Luathscoir an AE, chomh fada is go sásaíonn sé an riachtanas cáilithe maidir le húinéireacht 10 mbliana.
D’fhéadfadh faoiseamh imeallach a bheith dlite má tá an díolachán beagán thar €750,000.
Cáin Fáltas Caipitiúil
Tá bronntanais nó oidhreachtaí ó chéile díolmhaithe ar fad ó Cháin Bronntanais nó Cáin Oidhreachta is cuma cén mhéid atá i gceist. Féadann gach leanbh bronntanais nó oidhreachtaí suas go dtí €414,799 in 2010 a fháil saor ó cháin ó thuismitheoir mura bhfuair an leanbh aon bhronntanais nó oidhreachtaí eile ó 5 Nollaig 1991 i leith.
- Féach Bileog Eolais Cáin Bhronntanais - CAT 1
- Féach Bileog Eolais Cáin Oidhreachta - CAT 2
- Tairseacha maidir le Cáin Fáltas Caipitiúil .
Díolúine Teach Cónaithe
Tá díolúine ó Cháin Bhronntanais nó Cáin Oidhreachta ann maidir le teach cónaithe sa chás go bhfuil an tairbhí ina chónaí sa teach 3 bliana sula bhfaigheann sé/sí an bronntanas nó an oidhreacht agus má fhanann sé ansin ar feadh 6 bliana eile. Ní ligtear don tairbhí aon teach cónaithe eile, nó cuid de, a bheith aige. I gcás bronntanais, ní bhainfidh an díolúine seo má chónaigh an diúscróir sa teach ar feadh 3 bliana sula bhfuair an deonaí an bronntanas, ach amháin sa chás go raibh an té a thug an bronntanas, mar thoradh ar dhrochshláinte nó éiglíocht, ag brath ar sheirbhísí an deonaí sa tréimhse sin.
Díolúine maidir le Costais Liachta Daoine Faoi Éagumas
Má tá tú faoi éagumas buan mar thoradh ar éiglíocht fisiciúil nó intinne, tá bronntanas nó oidhreacht a ghlacann tú chun do chostais liachta (lena n-áirítear mar shampla costas cúraim i dteach altranais) a íoc díolmhaithe ó cháin bhronntanais nó oidhreachta.
Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais
Thosaigh Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais an 27 Deireadh Fómhair 2009.
Scéim is ea Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais a thugann tacaíocht airgeadais do dhaoine a dteastaíonn cúram teach altranais fadtéarmach uathu. Faoin scéim, is féidir ranníocaíocht a dhéanamh do chostas an chúraim agus íocfaidh an Stát an t-iarmhéid. Tá sé seo infheidhme is cuma más teach altranais poiblí, príobháideach nó deonach atá ann.
Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) measúnú airgeadais ar dhaoine a meastar go bhfuil cúram cónaitheach fadtéarmach ag teastáil uathu.
Is féidir sonraí na scéime a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte agus Leanaíwww.dohc.ie
.
Tacaíocht Choimhdeach ón Stát
Faoin scéim beidh ar dhaoine 80% d’ioncam inmheasúnaithe a íoc chomh maith le 5% d’aon sócmhainní thar neamhaird na sócmhainní in aghaidh na bliana. Ciallaíonn neamhaird na sócmhainní méid na sócmhainní a eisiatear go hiomlán ón tástáil acmhainní - €36,000 i gcás duine aonair nó €72,000 i gcás lánúine. Má chlúdaíonn na sócmhainní talamh agus maoin, is féidir an ranníocaíocht 5% bunaithe ar na sócmhainní sin a chur siar (ranníocaíocht curtha siar). Ciallaíonn seo nach gá é a íoc i rith saol an duine [airgead tugtha trí thacaíocht choimhdeach ón Stát] agus gur féidir é a bhailiú ón eastát. Ní chuirfear an phríomháit chónaithe san áireamh sa mheasúnú airgeadais ach don chéad 3 bliana den chúram altranais.
Ról na gCoimisinéirí Ioncaim
Tá na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as airgead a tugadh mar thacaíocht choimhdeach ón Stát a bhailiú agus a aisghabháil.
Nuair a bheidh an t-airgead a tugadh dlite agus iníoctha cuirfidh an FSS in iúl é don té atá freagrach as an íocaíocht a dhéanamh - a dtugtar an duine freagrach ábhartha air - agus cuirfear na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoin méid atá dlite. Rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil leis an duine sin chun na socruithe íocaíochta a eagrú.
Tabharfar duillín íocaíochta don íocóir chun an íocaíocht a dhéanamh. Tá an duillín íocaíochta ar fáil freisin ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim:
Duillín Íocaíochta maidir le Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais (PDF, 35KB).
Faisnéis Úsáideach Eile
Ús Taisce
Baineann Bainc agus Cumainn Foirgníochta Cáin Choinneála ar Ús Taisce (CCUT) ag ráta 25% ag an bhfoinse. Níl aon dliteanas cánach breise ar an ús seo ach ní foláir é a dhearbhú ar do thuairisceán bliantúil. Má tá d’ioncam iomlán faoi do theorainn díolúine is féidir aisíocaíocht CCUT a éileamh má tá tú féin nó do chéile 65 bliain nó níos sine, nó má tá tú faoi éagumas buan de bharr éiglíocht intinne nó fisiciúil.
Chun aisíocaíocht CCUT a éileamh úsáid
Foirm 54D (PDF, 574KB).
Cuntais Choigiltis Speisialta
Tá Cuntais Choigiltis Speisialta faoi réir CCUT a bhaintear ag 25%. Níl aon dliteanas cánach breise dlite ar an ús seo agus ní mór é a chur in iúl do d’oifig chánach mura bhfuil aisíocaíocht CCUT á éileamh. Leagtar amach na coinníollacha a theastaíonn chun cáiliú d’aisíocaíocht san alt thuas.
Pinsin Leasa Shóisialaigh
Tá pinsin a íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí
inchánach agus ní mór iad a chur in iúl do d’oifig chánach sa tuairisceán bliantúil. Ní bhaineann an Roinn an cháin ag an bhfoinse. Más é Pinsean Leasa Shóisialaigh an t-aon fhoinse ioncaim atá agat ní dóigh go mbeidh aon cháin dlite
mar de ghnáth clúdaíonn do liúntais saor ó cháin nó do theorainn díolúine an t-ioncam seo. Má tá ioncam agat i dteannta le do phinsean laghdófar do liúntais saor ó cháin faoi mhéid do phinsin Leasa Shóisialaigh chun críocha ÍMAT. Má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe cuirfear do phinsean Leasa Shóisialaigh isteach le d’fhógra measúnaithe.
Féach freisin
an liosta de Phinsin Leasa Shóisialaigh agus Liúntais do 2005/2009 (PDF, 145KB).
Pinsin Slándála Sóisialaí ó na Stáit Aontaithe
Ó 6 Aibreán 1998 ar aghaidh tá cónaitheoir Éireannach a fhaigheann pinsean slándála sóisialaí ó na Stáit Aontaithe inchánach in Éirinn maidir le pinsean mar seo. Ba chóir an pinsean a chur ar do thuairisceán cánach bliantúil. Má tá ioncam eile agat atá faoi réir ÍMAT laghdófar do liúntais saor ó cháin faoi mhéid do phinsin slándála sóisialaí ó na Stáit Aontaithe chun an cháin a bhailiú. Má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe áireofar an pinsean i d’fhógra measúnaithe.
Pleanáil don Scor
Féach:
- Bileog Eolais IT14 - Faoiseamh Cánach le haghaidh Infheistíocht i bPinsean agus Roghanna um Cistí Ceadaithe Scoir.
- Lámhleabhar Pinsean na gCoimisinéirí Ioncaim
ÁSPC /Tobhaigh
Má tá tú 66 bliain nó níos mó ní gá duit ÁSPC a íoc. Tá an Tobhach Sláinte iníoctha ach amháin i gcás íocaíochtaí, lena n-áirítear pinsin, ón Roinn Coimirce Sóisialaí
.
Féach Tobhach Ioncaim le haghaidh eolas faoi díolúine na ndaoine níos sine.
