Mac Léinn
- Céard a dhéanfaidh mé faoi cháin agus mé ag tosú ag obair?
- Táim ar tí tosú ag obair den chéad uair agus ba mhaith fios a bheith agam faoi cad is gá dom a dhéanamh chun mo cháin a chur in ord. Cá bhfaighidh mé an fhaisnéis ar fad a theastaíonn uaim?
- Cad ba chóir dom a dhéanamh?
- Cad a tharlaíonn ansin?
- Cén uair a thosóidh mé ag íoc cáin ioncaim?
- Cad air a íocaim cáin?
- Conas a dhéantar cáin a ghearradh ar phá ragoibre, bónais srl?
- An íocaim cáin ar gach rud a thuillim?
- Cad iad Creidmheasanna Cánach?
- Cad nach mór dom a dhéanamh chun mo chreidmheasanna Cánach a fháil?
- Conas is féidir liom an tairbhe a bhaint as mo chreidmheasanna Cánach?
- Cad a tharlaíonn mura féidir liom na nósanna imeachta thuas a leanúint?
- Cad is cáin éigeandála ann agus conas is féidir liom í a sheachaint?
- Táim ag glacadh le post le linn laethanta saoire - cén seasamh atá agam ó thaobh cánach de?
- Táim críochnaithe leis an obair agus táim ag filleadh ar scoil/choláiste, an féidir liom éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht chánach?
- Táim ag dul ag obair thar lear ach fanfaidh mé i mo chónaí anseo chun críocha cánach na hÉireann. Conas a phléifear le m’ioncam ón bhfostaíocht?
- Beidh mé ag obair go lánaimseartha thar lear le fostóir nua - cén seasamh atá agam ó thaobh cánach de?
- Táim ag teacht go hÉirinn chun glacadh le post sealadach agus beidh mé neamhchónaitheach chun críocha cánach na hÉireann. Cén creidmheasanna cánach atá dlite dom?
- An bhfuil aon fhaoiseamh cánach ar fáil le híoc as Táillí Coláiste / Oiliúna?
Cad a dhéanfaidh mé faoi cháin agus mé ag tosú ag obair?
Táim ar tí tosú ag obair den chéad uair agus ba mhaith liom fios a bheith agam faoi cad is gá dom a dhéanamh chun mo cháin a chur in ord. Cá bhfaighidh mé an fhaisnéis a theastaíonn uaim?
Ar an gcéad dul síos, fáilte chuig an gcóras cánach.
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iarracht do theidlíochtaí chomh maith le do chuid dualgas a mhíniú duit. Tabharfaidh na ceisteanna agus freagraí seo a leanas do dhóthain eolais duit chun do cháin a chur in ord in am de do chéad íocaíocht pá.
Más rud é go bhfuil ceisteanna fós agat agus an t-ábhar seo a leanas léite agat, ná bíodh drogall ar bith ort glaoch orainn nó bualadh isteach chuig oifig Cánach ar bith. Tá liosta iomlán ár seoltaí oifige agus na huimhreacha teileafóin le fáil sna leathanaigh ghlasa i d’eolaí teileafóin agus inár gcuid maidir le Sonraí Teagmhála.
Cad ba chóir dom a dhéanamh?
Caithfidh d’fhostóir nua cáin a bhaint as do phá faoin gcóras ÍMAT (Íoc Mar A Thuillir). Le cinntiú go bpléifear i gceart le do cháin ón tús agus go dtógann d’fhostóir an méid ceart cánach ó do phá, ní mór duit dhá rud a dhéanamh:
- D’uimhir PSP a thabhairt do d’fhostóir, d’uimhir IAS roimhe seo (uimhir ioncaim agus árachais shóisialaigh) má tá sí agat. Cuirfidh sé/sí an oifig chánach ar an eolas go bhfuil tú tosaithe ag obair.
- Iarratas a dhéanamh ar theastas creidmheasanna cánach tríd
Foirm 12A - Iarratas ar Theastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh a chomhlánú (PDF, 172KB) agus í a sheoladh chuig an oifig chánach. Seans go mbeidh riar foirmeacha 12 ag d’fhostóir. Cuirfidh d’fhostóir comhairle ort maidir lena uimhir chláraithe agus faoin oifig chánach ba cheart duit an fhoirm 12A comhlánaithe a sheoladh chuici. Más rud é nach bhfuil foirm 12A ag d’fhostóir, is féidir leat ceann a fháil ó oifig chánach ar bith nó glaoch a chur ar 01 - 8655002.
B’fhearr go mbeadh sé seo ar fad déanta a luaithe agus a ghlacann tú le tairiscint poist - fiú más obair pháirtaimseartha nó obair shaoire atá i gceist. Tabharfaidh sé seo deis do d’fhostóir agus don oifig chánach rudaí a réiteach roimh do chéad lá socraíochta.
Cad a tharlaíonn ansin?
Seolfaidh an oifig chánach teastas creidmheasanna cánach chugat a leagann amach go cruinn, méid na gcreidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh atá dlite duit. Seolfaidh an oifig chánach teastas creidmheasanna cánach chuig d’fhostóir a léireoidh méid iomlán do chreidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh.
Cén uair a thosóidh mé ag íoc cáin ioncaim?
Tosóidh tú ag íoc cánach ón gcéad lá socraíochta de ghnáth. Beidh an méid cánach atá le híoc ag brath ar an leibhéal pá agus líon na gcreidmheasanna cánach atá agat. Má sháraíonn do chreidmheasanna cánach ar aon lá socraíochta d’ollcháin ní íocfaidh tú cáin ar an lá socraíochta sin. Sa chás go bhfuil d'ollcháin níos mó ná do chreidmheasanna cánach, is é an cháin a íocfaidh tú ná an difríocht idir an dá fhigiúr .i. ollcháin lúide creidmheasanna cánach.
Má thosaíonn tú ag obair (cuir i gcás) sa 27ú seachtain den bhliain chánach, déanfaidh d’fhostóir d’ollcháin ar do thuarastal a ríomh, ach beidh 27 seachtaine de chreidmheasanna cánach agat le cur in aghaidh an dliteanais seo, leanfaidh sé seo go dtí go n-úsáideann tú do chreidmheasanna cánach neamhúsáidte ar fad.
Cad air a íocaim cáin?
Íocann tú cáin ar gach saghas tuilleamh a eascraíonn ó d’fhostaíocht lena n-airítear bónais, ragobair, pá neamh-airgid - tugtar sochar comhchineáil air seo .i. úsáid as carr cuideachta, aiscí, boscaí Nollag srl.
Ní íocann tú cáin ar:
- Ioncam ó Scoláireacht, Ús ó Chairteacha Coigiltis, ó Bhannaí Coigiltis agus ó Scéimeanna Coigiltis Tráthchoda Náisiúnta An Post.
- Íocaíochtaí chuig scéimeanna pinsean faofa.
Conas a dhéantar cáin a ghearradh ar phá ó ragobair, bónais srl.?
Déantar do chreidmheasanna cánach ar bhonn seachtainiúil/míosúil a shocrú in aghaidh do cháin sheachtainiúil/mhíosúil. Má thuilleann tú ragobair nó bónas srl., déantar na méideanna sin a áireamh mar chuid den phá don tseachtain nó don mhí sin. Ní fhaightear aon chreidmheasanna breise cánach in aghaidh na dtuilleamh breise sin.
An íocaim cáin ar gach rud a thuillim?
Gearrtar cáin ar do phá seachtainiúil/míosúil ag an ráta caighdeánach cánach suas go dtí an scoithphointe seachtainiúil/míosúil; gearrtar cáin ar ioncam ar bith a sháraíonn an scoithphointe ag an ráta cánach is airde. Déantar do chreidmheasanna cánach ar bhonn seachtainiúil/míosúil a fhritháireamh in aghaidh na cánach comhláin leis an bhfigiúr cánach iníoctha a thabhairt.
Cad iad creidmheasanna Cánach?
Faoin gcóras cánach tá gach duine i dteideal creidmheasanna cánach ag brath ar a chúinsí pearsanta. Is féidir le gach duine éileamh a dhéanamh ar chreidmheas cánach pearsanta. Is féidir le cáiníocóirí ÍMAT éileamh a dhéanamh ar chreidmheas cánach ÍMAT. Is féidir faoiseamh a éileamh do phréimheanna árachais liachta, ús morgáiste srl
Le sonraí de na príomh-chreidmheasanna agus faoiseamh féach ar an mbileog faisnéise Bileog IT 1 - Creidmheasanna, Faoisimh agus Rátaí Cánach.
Cad ba chóir dom a dhéanamh chun mo chreidmheasanna Cánach a fháil?
Mar atá léirithe thuas, nuair a thosóidh tú ag obair den chéad uair déan Foirm 12A a chomhlánú, í a sheoladh chuig d'oifig chánach agus ansin gheobhaidh tú teastas creidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh.
Conas is féidir liom tairbhe a bhaint as mo chreidmheasanna Cánach?
Tugtar do chreidmheasanna cánach duit do bhliain chánach iomlán. Is cuma má thosaíonn tú ag obair sa chéad seachtain den bhliain chánach nó i lár na bliana cánach, tá tú fós i dteideal bliain iomlán de chreidmheasanna cánach a fháil. Toisc go bhfuil asbhaintí cánach spréite go cothrom i gcaitheamh na bliana faoin gcóras ÍMAT, tá an t-iomlán dlite roinnte i 52 méid seachtainiúla/12 méid míosúla, ag brath ar chomh minic is a íoctar pá leat. Tugann d’fhostóir na creidmheasanna seo in aghaidh d’ollcháin chun do cháin iníoctha a ríomh.
Cad a tharlaíonn mura féidir liom na nósanna imeachta thuas a leanúint?
Mura bhfuil tú in ann na nósanna imeachta thuasluaite a leanúint, tá dualgas ar d’fhostóir cáin a bhaint ar bhunús éigeandála.
Cad is cáin éigeandála ann agus conas is féidir liom í a sheachaint?
Más rud é nach bhfaigheann d’fhostóir: Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh nó Foirm P45 (Codanna 2 & 3) ó fhostaithe, tá dualgas air/uirthi cáin a bhaint ar bhunús éigeandála nuair atá tuarastal an fhostaí á íoc aige/aici. Faoin mbunús éigeandála, tugtar creidmheas cánach sealadach don chéad mhí fostaíochta ach méadaítear na hasbhaintí cánach de réir a chéile ón dara mí ar aghaidh.
Chun cáin éigeandála a sheachaint, ba cheart duit na céimeanna seo a leanas a leanúint: Cad a dhéanfaidh mé faoi cháin agus mé ag tosú ag obair?
Táim ag glacadh le post le linn laethanta saoire - cén seasamh atá agam ó thaobh cánach de?
Bíonn obair shaoire nó pháirtaimseartha inchánach ar an mbealach céanna le fostaíocht ar bith eile. Má tá tú ag tosú ag obair den chéad uair, ba cheart duit na céimeanna seo a leanas a leanúint, mar atá leagtha amach in Cad a dhéanfaidh mé faoi cháin agus mé ag tosú ag obair?
Má bhíonn do cháin comhlán níos lú ná do chreidmheasanna cánach, ní bheidh ort cáin a íoc - chomh fada agus go bhfuil iarratas déanta agat ar theastas creidmheasanna cánach. Má tá cáin íoctha agat ach go bhfuil tú i dteideal creidmheasanna breise, féadfar aisíoc a éileamh ar an gcáin uile nó ar chuid den cháin atá íoctha, féach Táim críochnaithe leis an obair agus táim ag filleadh ar scoil/choláiste, an féidir liom éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht chánach?
Táim críochnaithe leis an obair agus táim ag filleadh ar scoil/choláiste, an féidir liom éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht chánach?
- An bhfuilim i dteideal aisíocaíocht chánach?
- Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
- Cad a tharlaíonn i ndiaidh dom iarratas a dhéanamh?
- Cad a tharlaíonn má táim ag filleadh ar scoil/choláiste ach go leanfaidh mé ag obair go páirtaimseartha ag an deireadh seachtaine srl?
An bhfuilim i dteideal aisíocaíocht chánach?
Má tá cáin íoctha agat agus go bhfuil tú ag filleadh chun na scoile nó ar an gcoláiste, d’fhéadfá aisíoc a éileamh ó oifig chánach ar an gcáin uile nó cuid den cháin atá íoctha ag brath ar an leibhéal ioncaim agus na creidmheasanna cánach neamhúsáidte. Más rud é nach bhfuil cáin ar bith íoctha agat, ní féidir leat aisíoc a éileamh.
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Chun Aisíocaíocht Chánach a éileamh, ba chóir duit
Foirm P50 - An Chéad Éileamh ar Aisíoc Cánach le linn Dífhostaíochta (PDF, 285KB) a chomhlánú agus a chur chuig d’oifig chánach in éineacht leis an bhFoirm P45 (Codanna 2 & 3) a thug d’iarfhostóir duit. Agus an Fhoirm P50 á líonadh agat, ba cheart duit a chur in iúl, más amhlaidh, nach bhfuil sé i gceist agat filleadh ar obair roimh an 31ú Nollaig dár gcionn toisc go bhfuil tú ag filleadh ar scoil/choláiste.
Cad a tharlaíonn i ndiaidh dom iarratas a dhéanamh?
Seolfaidh an oifig chánach sonraí na haisíocaíochta cánach (más ann dó) in éineacht le seic don mhéid ró-íoctha.
Cad a tharlaíonn má táim ag filleadh ar scoil/choláiste ach go leanfaidh mé ag obair go páirtaimseartha ag an deireadh seachtaine srl?
Más rud é go leanann tú ag obair go páirtaimseartha, ní féidir leat aisíoc a éileamh. Beidh an méid cánach atá le híoc agat, áfach, ag brath ar an leibhéal pá agus líon na gcreidmheasanna cánach atá agat. Má bhíonn d’ollcháin níos lú ná do chreidmheasanna cánach in aghaidh na seachtaine, ní bheidh ort aon cháin a íoc.
Táim ag dul ag obair thar lear ach fanfaidh mé i mo chónaí anseo chun críocha cánach na hÉireann. Conas a phléifear le m’ioncam ón bhfostaíocht?
D’aon bhliain chánach a bhfuil tú i do chónaí[1] in Éirinn, beidh tú faoi dhliteanas cáin ioncaim na hÉireann a íoc ar d’ioncam iomlán ó gach foinse, ioncam ó fhostaíocht thar lear san áireamh. Beidh tú i dteideal do chreidmheasanna cánach iomlán.
Má ghearrtar cáin ar d’ioncam thar lear i dtír a bhfuil comhaontú um chánachas dúbailte i bhfeidhm idir Éirinn agus an tír sin, tabharfar faoiseamh duit mar atá sonraithe sa chomhaontú ábhartha. Déanfar é seo de ghnáth tríd an ioncaim a dhíolmhú ó cháin i gceann de na tíortha nó trí cháin eachtrach a chreidiúnú in aghaidh do dhliteanais cánach Éireannach ar an ioncam céanna. Má tá tú ag dul chuig tír nach bhfuil comhaontú um chánachas dúbailte i bhfeidhm idir Éirinn agus an tír sin, beidh tú faoi dhliteanas cáin Éireannach a íoc ar d’ioncam eachtrannach glan ar cháin eachtrannach íoctha.
[1] Tá rialacha ar leith i bhfeidhm ar chónaí agus ar neamh-chónaí chun críocha cánach, d’fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal liúntais/faoiseamh b(h)reise mar cónaitheoir Éireannach ag obair thar lear. Le haghaidh tuilleadh sonraí agus eolais féach Bileog Res. 1: Ag dul ag obair thar lear - Treoir maidir le dliteanas ó thaobh cáin ioncaim in Éirinn.
Beidh mé ag obair go lánaimseartha thar lear le fostóir nua - cén seasamh atá agam ó thaobh cánach de?
Má fhágann tú i rith na bliana cánach agus cónaí[2] ort in Éirinn agus go mbeidh tú neamhchónaitheach[2] an bhliain chánach dar gcionn, meastar go bhfuil tú neamhchónaitheach ón dáta imeachta. Ciallaíonn sé seo go mbeidh d’ioncam ón bhfostaíocht thar lear díolmhaithe ó cháin Éireannach ón dáta sin.
Caithfidh tú an oifig chánach a shásamh maidir leis an rún atá agat a bheith neamhchónaitheach in Éirinn don bhliain chánach i ndiaidh duit imeacht chun feidhm a bhaint as an socrú seo. Má dhéanann tú seo, meastar go mbeidh tú neamhchónaitheach ón dáta imeachta agus beidh tú i dteideal creidmheasanna cánach pearsanta iomlán don bhliain chánach iomlán. Ciallaíonn sé seo go bhféadfá a bheith i dteideal aisíocaíocht chánach a fháil bunaithe ar an gcuid neamhúsáidte de do chreidmheasanna cánach.
Chun an aisíocaíocht seo a éileamh, ba chóir duit Foirm P50 a chomhlánú agus a sheoladh chuig d’oifig chánach in éineacht leis an bhFoirm P45 (Codanna 2 & 3) a thug d’iarfhostóir duit. Nuair atá an Fhoirm 50 á comhlánú, ba cheart duit do thír chinn scríbe a chur in iúl, an dáta imeachta atá beartaithe agus an t-achar atá súil agat a chaitheamh thar lear.
[2] Tá rialacha ar leith i bhfeidhm ar chónaí agus ar neamh-chónaí chun críocha cánach, chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Bileog Res. 1: Ag dul ag obair thar lear - Treoir maidir le dliteanas ó thaobh cáin ioncaim in Éirinn.
Táim ag teacht go hÉirinn chun glacadh le post sealadach agus beidh mé neamhchónaitheach chun críocha cánach na hÉireann. Cén creidmheasanna cánach atá dlite dom?
D’aon bhliain chánach ina bhfuil tú neamhchónaitheach[3] agus neamhchónaitheach de ghnáth[3] in Éirinn, gearrfar cáin ort ar d’ioncam ó fhoinsí Éireannacha amháin.
Más rud é go bhfuil tú i do chónaí i mBallstát eile den Aontas Eorpach sa bhliain chánach atá i gceist agus go bhfuil 75% nó níos mó de d‘ioncam domhanda don bhliain inchánach in Éirinn, beidh tú i dteideal creidmheasanna agus faoiseamh cánach iomlán.
Tá creidmheasanna agus faoisimh chomhréireacha ar fáil do shaoránaigh Éireannacha neamhchónaitheacha, do shaoránaigh, do shuibiachtaí nó do náisiúnaigh i mballstát eile den Aontas Eorpach agus do chónaitheoirí nó náisiúnaigh i dtír ina bhfuil comhaontú um chánachas dúbailte i bhfeidhm idir í agus Éirinn a cheadaíonn a leithéid de liúntais. Tá comhréir na gcreidmheasanna socraithe ag an ngaol atá idir d’ioncam don bhliain chánach sin atá faoi réir ag cáin Éireannach, thar d’ioncam ó gach foinse.
[3] Tá rialacha ar leith i bhfeidhm ar chónaí agus ar neamh-chónaí chun críocha cánach, chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Tax Residence.
An bhfuil aon fhaoiseamh cánach ar fáil le híoc as Táillí Coláiste / Oiliúna?
- Táillí Ollscoile don Bhliain Acadúil dar tús 1 Lúnasa 2012 - Alt 473A den Acht
Comhdhlúite Cánacha 1997
Ba cheart na liostaí seo a léamh in éineacht le Bileog IT31 - Tax Relief for Tuition Fees (Faoiseamh Cánach do Tháillí Teagaisc). Is é an uasteorainn ar tháillí cáilíochta den chineál seo don bhliain acadúil 2012/2013 ná €7,000. Má tá tú in amhras faoi chúrsa áirithe a bheith cáilithe do fhaoiseamh cánach ba cheart duit dul i dteagmháil le hoifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.-
Cúrsaí
fochéimithe lánaimseartha i gcoláistí príobháideacha (PDF, 110KB)
Cúrsaí fochéimithe páirtaimseartha i
gcoláistí poiblí agus príobháideacha (PDF, 311KB)-
Cúrsaí iarchéime i gcoláistí poiblí agus
príobháideacha (PDF, 248KB)
-
-
Cúrsaí i dTeanga Iasachta/Soláthraithe Cúrsa Faofa (MS Excel, 21KB) -
Cúrsaí Teicneolaíochta na Faisnéise/Soláthraithe Cúrsa Faofa (MS Excel, 106KB)
