Ag Athrú Poist / Tréimhsí Dífhostaithe
- Cad ba chóir dom a dhéanamh má athraím post?
- Táim pósta agus d’éirigh mé as post roinnt blianta ó shin. Tá mé ar tí post sealadach a thosú. Cén seasamh atá agam ó thaobh cánach de?
- An bhfuilim i dteideal aisíoc cánach má bhím dífhostaithe?
- Má fhaighim Sochar Cuardaitheora Poist agus mé dífhostaithe conas a bheidh éifeacht aige sin ar m’éileamh ar aisíoc cánach?
- Cad a tharlóidh nuair a fhillfidh mé ar obair?
Cad ba chóir dom a dhéanamh má athraím post?
Nuair a fhágann tú post ba chóir go dtabharfadh d’fhostóir foirm P45 duit. Caithfidh tú seo a thabhairt do d’fhostóir nua. Oibreoidh d’fhostóir nua ÍMAT de réir sonraí na gcreidmheasanna cánach agus an scoithphointe ag an ráta caighdeánach ar an bhfoirm P45 go dtí go bhfaighidh sé nó sí Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh ó na Comisinéirí Ioncaim. Mura dtugann tú foirm P45 do d’fhostóir nua, déanfar cáin éigeandála a asbhaint.
Táim pósta agus d’éirigh mé as post roinnt blianta ó shin. Tá mé ar tí post sealadach a thosú. Cén seasamh atá agam ó thaobh cánach de?
Beidh na gnáthfhorálacha maidir le fostaíocht a thosú infheidhme. Ós rud é gur dócha nach mbeidh foirm P45 agat, ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig áitiúil láithreach ionas gur féidir méid do chreidmheasa cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a chinntiú agus a chur in iúl do d’fhostóir. Cuirfidh sé seo ar chumas d’fhostóra an méid ceart cánach a asbhaint. Ba chóir duit d’Uimhir PSP (d’uimhir RSI roimhe seo), a thabhairt do d’fhostóir má tá sí agat.
Is dócha go bhfuil do chéile ag baint úsáide as na creidmheasanna cánach uile ós rud é gur lánúin phósta sibh. Más fostaíocht shealadach atá i gceist le d’fhostaíocht b’fhéidir nárbh fhiú cur isteach ar a c(h)reidmheasanna cánach le haghaidh na bliana sin. Tá tú i dteideal liúntas ÍMAT agus liúntas caiteachais i do cheart féin ar an gcoinníoll go bhfuil tú cáilithe ina leith. Is féidir iad seo a chur i gcoinne d’ioncam agus ní féidir iad a aistriú chuig do chéile. Mura bhfuil do chéile ag fáil ioncaim inchánach is féidir leat na creidmheasanna cánach uile a éileamh. Cuimhnigh, áfach, gur foinsí ioncaim inchánach iad de ghnáth Sochar Cuardaitheora Poist agus Sochar Breoiteachta. Tá faisnéis bhreise ar fáil sa Bhileog Eolais IT22 - Taxation of Illness and Short- term Occupational Injury Benefits agus sa Bhileog Eolais IT24 - Taxation of Jobseekers Benefit.
An bhfuilim i dteideal aisíoc cánach má bhím dífhostaithe?
Má bhíonn tú dífhostaithe ar feadh ceithre seachtaine is féidir leat aisíoc a éileamh ó oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim i leith na cánach a íocadh, trí úsáid a bhaint as na creidmheasanna cánach nár úsáideadh ar feadh ceithre seachtaine. Is féidir leat é seo a dhéanamh gach ceithre seachtaine go dtí go n-aisíocfar an cháin uile nó go n-úsáidfear na creidmheasanna cánach. Ní féidir leat creidmheasanna cánach neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile.
Sa chás go ndearnadh cáin éigeandála a asbhaint uait, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht láithreach nuair a bhíonn tú dífhostaithe.
Chun aisíocaíocht a éileamh, ba chóir duit
Foirm P50 (An Chéad Éileamh ar Aisíoc Cánach le linn Dífhostaíochta) (PDF 285KB) a iarraidh ó oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim agus an fhoirm chomhlánaithe a chur ar ais in éineacht leis an bhFoirm P45 (Codanna 2 & 3) a thug d’iarfhostóir duit.
Má fhaighim Sochar Cuardaitheora Poist agus mé dífhostaithe conas a bheidh éifeacht aige seo ar m’éileamh ar aisíocaíocht chánach?
Is foinse ioncaim inchánach é Sochar Cuardaitheora Poist. Tá aon eilimint a bhaineann le leanbh cleithiúnach agus an chéad €13 den sochar in aghaidh na seachtaine, áfach, díolmhaithe ó cháin. Nuair a dhéanann tú éileamh ar aisíocaíocht chánach cuirfear an chuid inchánach de do Shochar Cuardaitheora Poist le do phá agus déanfar an aisíocaíocht iomchuí, más ann di. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara má sháraíonn méid seachtainiúil do Shochair Cuardaitheora Poist do chreidmheas cánach seachtainiúil ní bheidh tú i dteideal aisíocaíocht a fháil. Tugann Bileog IT 24 breac-chuntas ar cháin agus Sochar Cuardaitheora Poist.
Cad a tharlóidh nuair a fhillfidh mé ar obair?
Mura raibh tú ag fáil ioncaim le linn duit a bheith dífhostaithe ba chóir duit do P45 a thabhairt do d’fhostóir nua, nó don fhostóir deireanach a bhí agat má théann tú ar ais chuig an bpost céanna. Má rinne tú aisíocaíocht chánach a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim le linn duit a bheith dífhostaithe ba chóir duit dul i dteagmháil le hoifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim nuair a théann tú ag obair arís.
Má bhí Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat le linn duit a bheith dífhostaithe, ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig áitiúil nuair a théann tú ag obair arís. Tabharfar scéala do d’fhostóir nua maidir le do thuilleamh agus do cháin suas go dtí an dáta a théann tú ag obair arís. Áireofar an méid inchánach den Sochar Cuardaitheora Poist i bhfigiúr an tuillimh.
Má bhí Sochar Breoiteachta á fháil agat agus má théann tú ar ais ag obair le fostóir difriúil ba chóir duit dul i dteagmháil le d'oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.
