Ragobair, Bónais & Dara Poist

Conas a dhéantar cáin a ghearradh ar phá ó ragobair, bónais srl.?

Déantar do chreidmheasanna cánach ar bhonn seachtainiúil/míosúil a shocrú in aghaidh do phá seachtainiúil/míosúil. Má thuilleann tú ragobair nó bónas srl., déantar na méideanna sin a áireamh mar chuid den phá don tseachtain nó don mhí sin. Ní fhaightear aon chreidmheasanna cánach breise in aghaidh na dtuilleamh breise sin.

Ar Ais go Barr

An íocaim cáin ar gach rud a thuillim?

Gearrtar cáin ar do phá seachtainiúil/míosúil ag an ráta caighdeánach cánach suas go dtí an scoithphointe seachtainiúil/míosúil; gearrtar cáin ar ioncam ar bith a sháraíonn an scoithphointe ag an ráta cánach is airde. Déantar do chreidmheasanna cánach ar bhonn seachtainiúil/míosúil a fhritháireamh in aghaidh na cánach comhláin leis an bhfigiúr cánach iníoctha a thabhairt duit.

Ar Ais go Barr

Obair shaoire- An bhfuil orm cáin a íoc?

Bíonn obair shaoire nó pháirtaimseartha inchánach ar an mbealach céanna le fostaíocht ar bith eile.

Má bhíonn do cháin chomhlán níos lú ná do chreidmheasanna cánach, ní bheidh ort cáin a íoc - chomh fada agus go bhfuil iarratas déanta agat ar theastas creidmheasanna cánach. Má tá cáin íoctha agat ach go bhfuil tú i dteideal creidmheasanna breise, féadfar aisíocaíocht a éileamh ar an gcáin uile nó ar chuid den cháin atá íoctha.

Má tá cáin íoctha agat agus go bhfuil tú ag filleadh chun na scoile nó ar an gcoláiste, d’fhéadfá aisíocaíocht a éileamh ó oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim ar an gcáin uile nó ar chuid den cháin atá íoctha ag brath ar do leibhéal ioncaim agus na creidmheasanna cánach nach bhfuil úsáidte agat. Chun aisíocaíocht a éileamh, ba chóir duit iarraidh ar d'oifig chánach pdfFoirm P50 - An Chéad Éileamh ar Aisíoc Cánach le linn Dífhostaíochta (PDF, 285KB) a thabhairt duit agus í a sheoladh ar aghaidh in éineacht leis an P45 chuig an oifig Chánach áitiúil.

Ar Ais go Barr

Cad ba chóir dom a dhéanamh má ghlacaim le post eile?

Tá sé tábhachtach gan tú a chur ar bhunús éigeandála cánach i gcás ina bhfuil post nó pinsean agat agus post eile tógtha agat. Beidh treoracha ó na Coimisinéirí Ioncaim ag an gcéad fhostóir cheana féin, ina dtugtar na Creidmheasanna Cánach uile agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh (SPRC) atá tú i dteideal a fháil. Mura dtugann tú treoir do na Coimisinéirí Ioncaim deimhnithe nua a eisiúint, ceann amháin do gach fostóir, ag roinnt na gCreidmheasanna Cánach agus SPRC idir an dá phost, beidh dualgas ar d’fhostóir nua cáin a bhaint ar an mbunús éigeandála agus do phá nó do thuarastal á íoc aige/aici. Ciallaíonn sé sin go mbainfeá leas as níos mó creidmheasanna cánach ná mar atá tú i dteideal a fháil, agus nach n-íocfaí dóthain cánach dá réir, cáin a bheidh le híoc agat ag deireadh na bliana cánach. Mar sin tá sé ríthábhachtach a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim láithreach má ghlacann tú le post eile le go n-eiseofar Deimhniú Creidmheasa Cánach ar gach fostóir.

Cad ba chóir dom a dhéanamh má tá níos mó ná post amháin agam laistigh de Bhliain Chánach?

Mar a sonraíodh thuas, ionas nach n-íocfaidh tú an cháin mhícheart beidh Deimhniú Creidmheasa Cánach uait i gcás gach post atá agat. Is féidir leat do Chreidmheasanna Cánach agus SPRC a roinnt idir na poist a bhí agat laistigh de Bhliain Chánach le go mbeidh siad in oiriúint dod’ phatrún fostaíochta nó an méid a thuill tú le gach fostóir. Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim Deimhnithe Creidmheasa Cánach a eisiúint a bheidh oiriúnach do gach patrún. Ina measc siúd tá:

  • Deimhnithe Creidmheasa Cánach Carnacha
    Faoi ghnáthchúrsaí eisítear Deimhniú Creidmheasa Cánach ar bhunús ar a dtugtar bunús “carnach”. Lena rá ar bhealach eile, déantar na creidmheasanna cánach agus SPRC a charnadh gach seachtain.
  • Deimhnithe Creidmheasa Cánach Nialasacha
    Is éard is Deimhniú nialasach ann ná Deimhniú Creidmheasa Cánach gan chreidmheasanna cánach agus gan SPRC. Nuair a eisítear deimhniú nialasach, cuireann sé in iúl don fhostóir cáin a ghearradh ar an bhfostaí ar a thuilleamh uile ag an ráta cánach is airde, 41%.

    Sa chás go bhfuil tú ag úsáid do chreidmheasanna cánach uile agus SPRC i bpost amháin agus go dtosaíonn tú post eile, is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Creidmheasa Cánach Nialasach a eisiúint ar d’fhostóir nua ar Bhunús Seachtain Amháin. Má thosaíonn tú post eile agus má dhéanann tú cuid de do chreidmheasanna cánach agus/nó SPRC a roinnt ar an bpost eile, ciallaíonn sé seo go mbeidh laghdú i gceist sna creidmheasanna cánach agus SPRC don chéad phost. Dá bhrí sin déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú creidmheasa cánach nua a eisiúint i leith do chéad phost ar bhunús 1 seachtain.
  • Deimhnithe Creidmheasa Cánach ar Bhunús 1 Seachtain
    Ciallaíonn Bunús 1 Seachtain nach ndéantar do chreidmheasanna cánach agus SPRC a charnadh ó sheachtain go seachtain i rith na bliana cánach. Déanfar do cháin a ríomh ar bhunús seachtain go seachtain go dtí deireadh na bliana cánach sin. Chun tuilleadh sonraí a fháil ar dheimhnithe bunús 1 seachtain cliceáil ar an nasc seo a leanas: Deimhnithe Bunús 1 Seachtain

Sna trí shampla seo a leanas, ina dtaispeántar cásanna difriúla laistigh de gach sampla, léireoimid bealaí chun do Chreidmheasanna Cánach agus SPRC a roinnt go héifeachtach idir do phoist.

Tabhair faoi deara nach bhfuil anseo ach samplaí de Chreidmheasanna Cánach agus scoithphointí den ráta caighdeánach. Déantar do mhéideanna pearsanta a phriontáil ar do Dheimhniú Creidmheasa Cánach cothrom le dáta.

Sampla 1

Cás 1 – Post amháin

Fostaí sa chóras ÍMAT is ea Seán. Duine singil is ea é agus tá sé i dteideal na gcreidmheasanna cánach agus an scoithphointe den ráta caighdeánach (SPRC) seo a leanas a fháil in 2010:

Creidmheasanna Cánach Sheáin
Creidmheasanna Cánach
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil €1,830
Creidmheas cánach an fhostaí (ÍMAT) €1,830
Suibscríbhinní Ceardchumainn €70.00
Creidmheasanna iomlán in aghaidh na bliana €3,730 in aghaidh na bliana (€71.74 in aghaidh na seachtaine)
Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh €36,400 in aghaidh na bliana (€700.00 in aghaidh na seachtaine)

Fuair Seán Deimhniú Creidmheasa Cánach ina dtaispeántar na creidmheasanna cánach agus SPRC seo. Cuireadh na méideanna iomlán in iúl dá fhostóir. Tuilleann Seán €300 in aghaidh na seachtaine. Meastar a cháin sheachtainiúil mar seo:

Cáin sheachtainiúil Sheáin
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €300.00
1 Cáin ag ráta 20% €300.00 €60.00 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC (€700.00) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach 
2 Cáin ag ráta 41% 0.00 0.00 Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Sheáin (€300.00) níos lú ná a scoithphointe den ráta caighdeánach (€700.00), ní íocfaidh sé cáin ag an ráta níos airde, 41%, an tseachtain seo
3 Ollcháin  €60.00 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde (más ann dó)
4 Lúide Creidmheas Cánach (€71.74) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach 
Glan-cháin iníoctha ag Seán an tseachtain seo sa phost seo 0.00 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. Ós rud é go sáraíonn creidmheasanna cánach seachtainiúla Sheáin (€71.74) a ollcháin sheachtainiúil (€60.00), ní gá dó aon cháin a íoc an tseachtain seo.

Cás 2 – Dhá phost

Tosaíonn Seán ag obair i bpost eile. Beidh sé i mbun an phoist seo ag an am céanna lena phríomhphost. Tuillfidh sé thart ar €190.00 sa dara post seo. Mar gheall go bhfuil creidmheas cánach seachtainiúil de €71.74 ag Seán, lenar úsáid sé €60.00 sa phríomhphost, roinn sé an t-iarmhéid de €11.74 ar an dara post seo. Mar gheall go n-úsáidtear €300.00 dá SPRC seachtainiúil de €700.00 sa phríomhphost, roinn sé €190.00 in aghaidh na seachtaine den iarmhéid ar a phost eile.

Cáin sheachtainiúil Sheáin leis an dara post
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €190.00 leis an dara post
1 Cáin ag ráta 20% €190.00 €38.00 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC a roinneadh (€190.00) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
2 Cáin ag ráta 41% Nil Nil Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Sheáin (€190.00) cothrom lena scoithphointe seachtainiúil den ráta caighdeánach (€190.00), ní íocfaidh sé cáin ag an ráta níos airde, 41%, an tseachtain seo
3 Ollcháin  €38.00 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde (más ann dó)
4 Lúide Creidmheas Cánach (€11.74) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
Glan-cháin iníoctha ag Seán an tseachtain seo sa phost seo €26.26 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. Mar gheall go bhfuil na creidmheasanna cánach seachtainiúla a roinn Seán ar an bpost seo (€11.74) níos lú ná a ollcháin sheachtainiúil (€38.00), caithfidh sé €26.26 cáin a íoc an tseachtain seo

Cás 3 – trí phost

Cuireann Seán tús leis an tríú post. Beidh sé i mbun an phoist seo ag an am céanna leis an dá phost eile. Tuillfidh sé thart ar €280.00 in aghaidh na seachtaine sa tríú post. Mar gheall go n-úsáidtear creidmheas cánach seachtainiúil iomlán Sheáin de €71.74 ina chéad dá phost níl aon chreidmheas cánach fágtha aige le roinnt ar a thríú post. Mar gheall gur úsáid sé €490.00 (€300 + €190) dá SPRC seachtainiúil de €700 sa chéad dá phost, téann sé i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun Deimhniú Creidmheasa Cánach a eisiúint lena thríú post a thaispeánann Creidmheasanna Cánach Nialasacha agus SPRC de €210.00 in aghaidh na seachtaine.

Cáin sheachtainiúil Sheáin leis an tríú post
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €280.00 sa tríú post
1 Cáin ag ráta 20% €210.00 €42.00 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC a roinneadh (€210.00) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
2 Cáin ag ráta 41% €70.00 €28.70 Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Sheáin (€300.00) níos mó ná a scoithphointe seachtainiúil den ráta caighdeánach (€210.00), beidh sé faoi dhliteanas ar €70.00 ag an ráta níos airde de 41% an tseachtain seo
3 Ollcháin  €70.70 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde
4 Lúide Creidmheas Cánach €0.00 Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach 
Glan-cháin iníoctha ag Seán an tseachtain seo sa phost seo €70.70 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. Mar gheall gur roinn Seán creidmheasanna cánach de €0.00 ar an bpost seo, is gá dó €70.70 cáin a íoc an tseachtain seo

Cás 4 – Ceithre phost

Oibríonn Seán ina cheathrú post ó am go chéile. Mar gheall gur úsáid Séan a Chreidmheasanna Cánach agus a SPRC uile sna poist eile atá aige iarrann sé ar na Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Creidmheasa Cánach Nialasach a eisiúint dó. 

Cáin sheachtainiúil Sheáin leis an ceathrú post
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €200.00 sa cheathrú post seo
1 Cáin ag ráta 20%   €0.00 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC a roinneadh. Mar gheall gur NIALAS é seo níl aon dhliteanas ag 20%
2 Cáin ag ráta 41% €200.00 €82.00 Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Sheáin (€200.00) níos mó ná a scoithphointe seachtainiúil den ráta caighdeánach (€0.00), beidh sé faoi dhliteanas cáin a íoc ag an ráta níos airde de 41% an tseachtain seo
3 Ollcháin  €82.00 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde
4 Lúide Creidmheas Cánach (€0.00) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach, NIALAS sa phost seo
Glan-cháin iníoctha ag Seán an tseachtain seo sa phost seo €82.00 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach.  Mar gheall gur roinn Seán creidmheasanna cánach de €0.00 ar an bpost seo, is gá dó €82.00 cáin a íoc an tseachtain seo

Má críochnaíonn Seán aon cheann de na poist thuas gheobhaidh sé foirm P45 (deimhniú scoir) ón bhfostóir sin. Más mian leis, is féidir leis an P45 a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim ag iarraidh orthu aon chreidmheasanna cánach agus SPRC nach bhfuil úsáidte a aistriú ón bpost ar éirigh sé as chuig ceann ar bith de na poist ghníomhacha. Nó is féidir leis an P45 a choinneáil go dtí deireadh na bliana cánach (31 Nollaig) agus é a chur isteach lena chuid P60anna (deimhniú tuillimh dheireadh na bliana) óna phoist eile, ag iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú a dhéanamh ar a ghnóthaí cánach don bhliain chánach sin.

Sampla 2

Cás 1 – Post amháin

Fostaí sa chóras ÍMAT is ea Máire. Duine singil is ea í agus tá sí i dteideal na gcreidmheasanna cánach agus an Scoithphointe den Ráta Caighdeánach (SPRC) seo a leanas in 2010:

Creidmheasanna Cánach Mháire
Creidmheasanna Cánach
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil €1,830
Creidmheas cánach an fhostaí (ÍMAT) €1,830
Suibscríbhinní Ceardchumainn €70.00
Creidmheasanna iomlán in aghaidh na bliana €3,730 in aghaidh na bliana (€71.74 in aghaidh na seachtaine)
Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh €36,400 in aghaidh na bliana (€700.00 in aghaidh na seachtaine)

Fuair Máire Deimhniú Creidmheasa Cánach ina dtaispeántar na creidmheasanna cánach agus SPRC seo. Cuireadh na méideanna iomlán in iúl dá fostóir.
Tuilleann Máire €875.00 in aghaidh na seachtaine ina príomhphost. Meastar a cáin sheachtainiúil mar seo:

 
Cáin sheachtainiúil Mháire
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €875.00
1 Cáin ag ráta 20% €700 €140 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC (€700.00) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
2 Cáin ag ráta 41% €175 €71.75 Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Mháire (€875.00) níos mó ná a scoithphointe seachtainiúil den ráta caighdeánach (€700.00), beidh sí faoi dhliteanas cáin a íoc ag an ráta níos airde de 41% ar €175 dá hioncam an tseachtain seo
3 Ollcháin  €211.75 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde
4 Lúide Creidmheas Cánach (€71.74) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
Glan-cháin iníoctha ag Máire an tseachtain seo sa phost seo €140.01 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. Mar gheall go sáraíonn an Ollcháin atá dlite ag Máire (€211.75) a creidmheas cánach (€71.71), is gá di €140.01 cáin a íoc an tseachtain seo.

Cás 2 – Dhá phost

Tosaíonn Máire ag obair i bpost eile. Beidh sé ag obair lá amháin in aghaidh na seachtaine sa phost seo. Gheobhaidh sí tuarastal seachtainiúil de €150.00. Mar gheall go bhfuil Máire ag úsáid a creidmheasanna cánach agus a SPRC uile ina príomhphost d’iarr sí ar na Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Creidmheasa Cánach Nialasach a eisiúint ar a dara fostóir. Meastar a cáin sheachtainiúil mar seo:

Cáin sheachtainiúil Mháire leis an dara post
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €150.00 sa dara post
1 Cáin ag ráta 20%   €0 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC (€0.00) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
2 Cáin ag ráta 41% €150.00 €61.50 Mar gheall go bhfuil Máire ag úsáid a SPRC uile de €700.00 ina príomhphost beidh an méid iomlán a thuilleann sí sa phost seo faoi dhliteanas cánach ag 41%
3 Ollcháin  €61.50 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde
4 Lúide Creidmheas Cánach (€0.00) Mar gheall go bhfuil Máire ag úsáid a creidmheasanna cánach uile ina príomhphost níl aon chreidmheas cánach ar fáil di le roinnt ar an bpost seo
Glan-cháin iníoctha ag Máire an tseachtain seo sa phost seo €61.50 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. 

Sampla 3

Cás 1 – Post amháin

Fostaí sa chóras ÍMAT is ea Marcas. Tá sé pósta agus is eisean an t-aon duine atá ag obair. Tá sé i dteideal na gcreidmheasanna cánach agus an scoithphointe den ráta caighdeánach seo a leanas in 2010:

Creidmheasanna Cánach Mharcais
Creidmheasanna Cánach
Creidmheas cánach do Dhuine Pósta €3,660
Creidmheas cánach an fhostaí (ÍMAT) €1,830
Creidmheasanna iomlán in aghaidh na bliana €5,490 in aghaidh na bliana (105.58 in aghaidh na seachtaine)
SPRC €45,400 in aghaidh na bliana (€873.08 in aghaidh na seachtaine)

Fuair Marcas Deimhniú Creidmheasa Cánach ina dtaispeántar na creidmheasanna cánach agus SPRC seo. Cuireadh na méideanna iomlán in iúl dá fhostóir. Tuilleann Marcas €560.00 in aghaidh na seachtaine. Meastar a cháin sheachtainiúil mar seo:

Cáin sheachtainiúil Mharcais
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €560.00
1 Cáin ag ráta 20% €560.00 €112.00 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC (€873.08) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
2 Cáin ag ráta 41% €0.00 €0.00 Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Mharcais (€560.00) níos lú ná a scoithphointe seachtainiúil den ráta caighdeánach (€873.08), ní íocfaidh sé cáin ag an ráta níos airde, 41%, an tseachtain seo
3 Ollcháin  €112.00 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde (más ann dó)
4 Lúide Creidmheas Cánach (€105.58) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach 
Glan-cháin iníoctha ag Marcas an tseachtain seo sa phost seo €6.42 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. Mar gheall go bhfuil creidmheasanna cánach seachtainiúla Mharcais (€105.58) níos lú ná a ollcháin sheachtainiúil (€112.00), is gá dó €6.42 cáin a íoc an tseachtain seo

Cás 2 – Dhá phost

Cuireann Marcas tús le post eile ina mbeidh sé ag obair i gcomhthráth lena phríomhphost. Sa dara post tuillfidh sé €560.00 in aghaidh na seachtaine freisin. Mar gheall go n-úsáidtear a chreidmheasanna cánach uile ina phríomhphost, d’iarr Marcas ar na Coimisinéirí Ioncaim a SPRC nach bhfuil úsáidte aige (€313.08) a aistriú chuig a dhara post.

Cáin sheachtainiúil Mharcais sa dara post
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €560.00 sa dara post
1 Cáin ag ráta 20% €313.08 €62.62 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC (€313.08) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
2 Cáin ag ráta 41% €246.92 €101.24 Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Mharcais (€560.00) níos mó ná a SPRC seachtainiúil (€313.08), beidh sé faoi dhliteanas cáin a íoc ag an ráta níos airde de 41% ar €246.92
3 Ollcháin €163.86 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde
4 Lúide Creidmheas Cánach (€0.00) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
Glan-cháin iníoctha ag Marcas an tseachtain seo sa phost seo €163.86 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. Mar gheall go bhfuil creidmheas cánach seachtainiúil Nialasach ag Marcas, is gá dó €163.86 cáin a íoc sa phost seo an tseachtain seo

Ag úsáid na bhfigiúirí thuas, is é bille cánach iomlán Mharcais do sheachtain ar bith ón dá phost ná:

Bille cánach iomlán Mharcais do sheachtain
  Post 1 Post 2 Iomláin 
Tuarastal €560.00 €560.00 €1,120
Cáin Dlite €6.42 €163.86 €170.28

Ba mhaith le Marcas a Dhliteanas Cánach Seachtainiúil a roinnt go cothrom idir an dá phost atá aige. Ciallaíonn sé seo go bhfaighidh sé Deimhnithe Creidmheas Cánach nua don dá phost. Mar gheall gur laghdaigh sé na creidmheasanna cánach agus SPRC atá roinnte aige ar an gcéad phost, áfach, eiseofar an Deimhniú Creidmheasa Cánach don phost sin ar Bhunús 1 Seachtain.

Sa phost beidh a dhliteanas cánach seachtainiúil mar seo a leanas:

Cáin sheachtainiúil Mharcais
Céim Pá Seachtainiúil Inchánach €560.00
1 Cáin ag ráta 20% €436.54 €87.31 Úsáid an ráta caighdeánach de 20% suas go dtí uasmhéid den SPRC (€436.54) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
2 Cáin ag ráta 41% €123.46 €50.62 Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Mharcais (€560.00) níos mó ná a SPRC seachtainiúil (€436.54), beidh sé faoi dhliteanas cáin a íoc ag an ráta níos airde de 41% ar €123.46 an tseachtain seo
3 Ollcháin €137.93 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde
4 Lúide Creidmheas Cánach (€52.79) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Deimhniú Creidmheasa Cánach
Glan-cháin iníoctha ag Marcas an tseachtain seo sa phost seo €85.14 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. Mar gheall go bhfuil creidmheasanna cánach seachtainiúla Mharcais (€52.59) níos lú ná a ollcháin sheachtainiúil (€137.93), is gá dó €85.14 cáin a íoc an tseachtain seo

Ag úsáid na bhfigiúirí thuas, is é bille cánach iomlán Mharcais do sheachtain ar bith ón dá phost ná:

 
  Post 1 Post 2 Iomláin
Tuarastal €560.00 €560.00 €1,120
Cáin Dlite €85.14 €85.14 €170.28

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil