Aisíocaíocht Chánach
- Tá mé dífhostaithe - an féidir liom aisíocaíocht chánach a éileamh?
- Cé mhéad cánach a aisíoctar?
- Cathain a dhéanaim iarratas ar aisíocaíocht?
- Conas a dhéanaim iarratas?
- Cad a tharlaíonn tar éis dom iarratas a dhéanamh?
- An bhfuil teorainn ama ar aisíocaíochtaí a éiligh?
- Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agam nuair atá mé dífhostaithe cén éifeacht a bheidh aige seo ar m'éileamh ar aisíocaíocht chánach?
Tá mé dífhostaithe - an féidir liom aisíocaíocht chánach a éileamh?
Má asbhaineadh cáin ó do phá ó 1 Eanáir seo caite agus má tá tú dífhostaithe anois is féidir go mbeifeá i dteideal aisíocaíocht chánach. Murar íoc tú aon cháin, ní féidir leat aisíocaíocht a éileamh nuair a chailleann tú do phost.
Cé mhéad cánach a aisíoctar?
Má tá tú i dteideal aisíocaíochta cánach braithfidh méid na haisíocaíochta ar:
- Cé chomh fada atá tú dífhostaithe
- An méid cánach a d'íoc tú
- An méid creidmheasanna cánach ar bhain tú leas astu.
Cathain a dhéanaim iarratas ar aisíocaíocht?
- Go ginearálta, is cóir duit fanacht ar a laghad 4 seachtaine ón dáta ar chaill tú do phost sula ndéanann tú iarratas ar aisíocaíocht chánach.
- Má tá tú ag fáil aon fhoinsí inchánach ioncaim (ar a n-áireofaí ioncam inchánach ón Roinn Coimirce Sóisialaí) is cóir duit fanacht ar a laghad 8 seachtaine, mar go n-úsáidfear aon chreidmheas cánach, go páirteach nó go hiomlán, in aghaidh an ioncaim eile.
- Má d'asbhain d'iarfhostóir cáin éigeandála, is féidir leat iarratas a dhéanamh láithreach ar aisíocaíocht nuair a chailleann tú do phost.
Conas a dhéanaim iarratas?
Is cóir duit Foirm P50 (PDF, 65KB) a chomhlánú agus a sheoladh chuig d'oifig cheantair mar aon le Foirm P45 (Codanna 2 & 3) ar thug d'iarfhostóir duit
Cad a tharlaíonn tar éis dom iarratas a dhéanamh?
Seolfaidh an oifig cheantair sonraí chugat maidir leis an aisíocaíocht (más ann di) agus seic don méid a ró-íocadh.
An bhfuil teorainn ama ar aisíocaíochtaí a éiligh?
Tá. Ba chóir aisíocaíochtaí a éiligh lastigh de 4 bliana tar éis an bhliain a bhfuil bainteach leis an éileamh agus ní aisíocfar éilimh a chuirfear faoi bhráid tar éis an tréimhse sinn.
Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agam nuair atá mé dífhostaithe cén éifeacht a bheidh aige seo ar m'éileamh ar aisíocaíocht chánach?
Foinse inchánach ioncaim is ea Sochar Cuardaitheora Poist. Ní ghearrtar cáin, áfach, ar aon chuid a bhaineann le leanbh cleithiúnach ná ar an gcéad €12.70 den sochar in aghaidh na seachtaine. Nuair a dhéanann tú éileamh ar aisíocaíocht chánach, cuirfear an chuid inchánach den Sochar Cuardaitheora Poist le do phá, agus déanfar an aisíocaíocht chuí, más ann di. Is cóir duit a thabhairt faoi deara nach mbeidh tú i dteideal aisíocaíochta má tá do Shochar Cuardaitheora Poist níos mó ná do chreidmheas cánach seachtainiúil.
Tugann Bileog IT 24 - Cáin ar Shochar Cuardaitheora Poist breac-chuntas ar an gcáin a ghearrtar ar Shochar Cuardaitheora Poist
