Nochtadh Sainordaitheach de Rialúcháin um Idirbhearta Áirithe 2011 (I.R. Uimh. 7 de 2011)

Rinne na Coimisinéirí Ioncaim, le cead ón Aire Airgeadais, Rialúcháin ar na mallaibh dar teideal "Nochtadh Sainordaitheach de Rialúcháin um Idirbhearta Áirithe 2011 (I.R. Uimh. 7 de 2011)". Tá na Rialúcháin i bhfeidhm ó 17 Eanáir 2011.

Leanann déanamh na Rialúchán próiseas cuimsitheach de chomhairliúchán poiblí ar dhréacht-Rialúcháin agus ar dhréacht-Nótaí Treoracha, a tharla sa Samhradh agus san Fhómhair 2010.

Is féidir rochtain a fháil ar na doiciméid ábhartha ag na naisc seo a leanas:

Foirmeacha

Leagtar amach sna Rialúcháin gnéithe éagsúla oibríochtúla den chóras nochta, lena n-áirítear an fhaisnéis le nochtadh agus an dóigh a solathrófar é, an spiocdháta le haghaidh an nochta, na ranganna idirbheart atá laistigh de na riachtanais nochta, agus na dálaí atá ann gan duine a mheas mar thionscnóir.

Mar gheall ar an bpróiseas comhairliúcháin, rinneadh roinnt leasanna ar na Rialúcháin le cead ón Aire Airgeadais. Ina theannta sin, leathnaíodh na Nótaí Treoracha chun tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir le gnéithe áirithe de na rialacha nochta a bhí ina gcúiseanna imní.

Is iad seo a leanas na príomhleasanna ar na Rialúcháin:

  • Soláthar de thréimhse idirthréimhseach 3 mhí sula mbeidh gá ann an chéad nochtadh a dhéanamh chun ligean do chomhairleoirí cánach na rialúcháin nua a thuiscint go hiomlán agus chun am a thabhairt leis na nósanna imeachta agus na córais chomhlíonta a chomhlánú. Cé gurb é 17 Eanáir 2011 an dáta éifeachtach chun na Rialúchán a chur i bhfeidhm, ní bheidh gá ann an chéad nochtadh a dhéanamh go dtí 15 Aibreán 2011.
  • Eisiamh den riachtanas chun doicimeadú a sholáthar a fholuíonn scéim nuair atá nochtadh á dhéanamh chuig Ioncam.
  • Cé go mbeidh na tréimhsí ama le haghaidh nochta srl. fós ag 5 lá ón dáta a margaíodh nó a cuireadh scéim ar fáil le haghaidh feidhmithe, cuirtear in iúl iad mar ‘laethanta oibre’ anois.

Ina Phreaseisiúint ar na Rialúcháin, chuir an tAire Airgeadais in iúl freisin go mbeadh sé ag tabhairt roinnt leasanna chun tosaigh ar an bpríomhreachtaíocht sa Bhille Airgeadais 2011. Mar gheall air sin:

  • Athrófar dáta tosaigh na reachtaíochta nochta sainordaithí ó 3 Aibreán 2010 go 17 Eanáir 2011 – an dáta a rinneadh na Rialúcháin.
  • Athleáfar an riachtanas atá ag tionscnóirí liosta a sholáthar d’Ioncam a shainaithníonn na daoine sin ar cuireadh scéimeanna ar fáil dóibh le haghaidh feidhmithe, ionas go n-eisiatar cliaint eile má bhíonn an tionscnóir sásta nar cuireadh an scéim i bheidhm dóibh le linn na tréimhse thuairiscithe ábhartha.

Leagan furasta le priontáil