Fáltais ó Imscrúduithe Speisialta
Tá figiúirí fáltais ó Imscrúduithe/Tionscnaimh Speisialta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, nuashonraithe go dtí 31 Deireadh Fómhair 2010, leagtha amach sa tábla thíos.
Fáltais
Cé gur léiriú cruinn iad na figiúirí a thaispeántar do na Fáltais Iomlána, ag comhcheangal cánach, úis agus pionós, ar na híocaíochtaí a fuarthas ar an dáta cuí, tá na mionfhigiúirí a scarann cáin ó ús & pionóis trialach mar go bhfuil roinnt mhaith cásanna gan dúnadh i roinnt de na himscrúduithe.
Líonta
Go ginearálta, seasann na líonta cásanna a thaispeántar sa tábla do chásanna a mbaineann dliteanais leo agus ní áiríonn siad cásanna imscrúduithe atá dúnta agus nár tháinig aon dliteanais chun cinn iontu.
An Tábla a Nuashonrú
Nuashonraítear an tábla seo ar bhonn rialta chun athruithe substainteacha a léiriú.
| Imscrúdú/ Tionscnamh | Fáltais Iomlána (A+B) |
Cáin a Íocadh (A) |
Ús & Pionóis (B) |
Líon Cásanna |
|---|---|---|---|---|
| Cuntais Neamhchónaitheacha Bréige | ||||
| (i) Iniúchtaí Siarfhéachana Bainc (1998-2000) | 225.0 |
91.5 |
133.5 |
25 |
| (ii) Nochtadh Deonach 2001 (custaiméirí) | 227.2 |
116.2 |
111.0 |
3,675 |
| (iii) Imscrúduithe tar éis mhí na Samhna 2001* | 420.2 |
136.4 |
284.0 |
8,500 |
| Iomlán na gCuntas Neamhchónaitheacha Bréige | 872.40 |
344.1 |
528.5 |
12,200 |
| Sócmhainní Eischósta* | 960.70 |
438.8 |
521.9 |
14,911 |
| Polasaithe Préimhe Aonair* | 481.70 |
158.73 |
323.0 |
5,520 |
| Ansbacher* | 107.30 |
47.0 |
60.3 |
139 |
| NIB/Cléireachas Leigheas* | 60.14 |
30.0 |
30.1 |
312 |
| Binsí Fiosrúcháin | 41.0 |
22.9 |
18.1 |
23 |
| Iontaobhais & Struchtúir Eischósta | 32.16 |
14.5 |
17.70 |
150 |
| Tuairisciú Úis* | 81.70 | 32.00 | 49.70 | 1,253 |
| Iomlán | 2,637.34 |
1,088.0 |
1,549.3 |
34,508 |
Tabhair faoi deara:Slánú comhfhigiúirí faoi deara cuma an neamhréitigh a bheith ar aon fhigiúr iomlán.
San áireamh sa cháin a íocadh ag (A) thuas tá Cáin Ioncaim, ÍMAT, Cáin Bhreisluacha (VAT), Cáin Chorparáideach, CAT, CGT, Tobhach Ioncaim, Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasta (PRSI) agus Tobhach Sláinte.
*Tá na mionfhigiúirí cánach agus úis/pionóis a thaispeántar sna sraitheanna seo an-trialach.
