Príobháideachas
Tá meas ag na Coimisinéirí Ioncaim ar do chearta chun príobháideachais agus tú i mbun idirghníomhaíochta leis an láithreán gréasáin seo.
Bailiú agus Úsáid do Shonraí Pearsanta
Ní bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim eolas ar bith ar an láithreán gréasáin seo mura dtugann tú an t-eolas as do stuaim féin.
Tógann muid gach cúram le rúndacht do chuid eolais phearsanta a chosaint de réir reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Ní roinnfear eolas ar bith a thugann tú dúinn, agus tú i mbun do ghnó linn, le tríú páirtí ar bith ach amháin i gcás go gceadaíonn nó go n-éilíonn an dlí é.
Bailiú Seoltaí Prótacal Idirlín (IP)
Coinnímid taifead den seoladh IP a thugann do Sholáthróir Seirbhíse Idirlín duit. Baintear leas as seo ar chúiseanna éagsúla, mar shampla, riaradh an láithreáin, anailís a dhéanamh ar threochtaí, agus bailiú staitisticí. Ní nascfar seoltaí IP le faisnéis inaitheanta phearsanta eile.
Úsáid Fianán
Úsáidimid fianáin 'seisiúin' agus Oibiachtaí Logánta i bPáirt chun dul chun cinn a rianú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim agus tríd an tseirbhís ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá. Ceadaíonn sé seo dúinn slándáil agus sláine na sonraí a úsáidtear a choimeád. Coinnítear na fianáin seo, a bhfuil fíorghá leo le haghaidh sholáthar na seirbhísí faisnéise seo a iarrann tusa, i do bhrabhsálaí agus scriosann an brabhsálaí iad nuair a dhúnann tú é. Níl an fhaisnéis atá ar fhianán nasctha le haon fhaisnéis a chuireann tú isteach ar ár láithreán ar féidir thú a aithint go pearsanta léi. Ina theannta sin, úsáidimid fianáin 'sheasmhacha' atá á gcoimeád ag do bhrabhsálaí Gréasáin idir cuairteanna ar ár láithreán. Coinnítear faisnéis iontu seo faoi chumraíocht do bhrabhsálaí Gréasáin, faisnéis a úsáidimid chun dlús a chur leis an bpróiseas logála isteach duit. Arís, níl stóráiltear aon fhaisnéis sna fianáin seo ar féidir thú a aithint go pearsanta léi.
Baineann an leagan Gaeilge den láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim úsáid as fianán chun sonraí rianaithe anaithnid a bhailiú.
ROS agus ÍMAT aon tráth, aon lá
Tá
polasaí príobháideachais de chuid ROS (PDF, 92 KB) a ghabhann go speisialta le Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim agus le ÍMAT aon tráth, aon lá.
Naisc Sheachtracha
Tá naisc go dtí suíomhanna gréasáin eile ar ár láithreán gréasáin. Níl na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as caighdeáin phríobháideachta suímh ar bith eile. Molann muid go mbeadh tú feasach air seo nuair a fhágann tú suíomh na gCoimisinéirí Ioncaim. Baineann an ráiteas próbháideachta seo le www.revenue.ie amháin.
Fógra mar gheall ar Athruithe ar an Ráiteas seo.
Coimeádann na Coimisinéirí Ioncaim de cheart acu féin an ráiteas seo a athrú ag am ar bith agus cuirfimid aon athruithe substainteacha anseo.
27 Bealtaine 2011
- Rinneadh eagarthóireacht ar an rannán um Úsáid Fianán chun soiléiriú a dhéanamh ar na cúinsí ina n-úsáidimid fianáin.
11 Meán Fómhair 2009
- Abairt a chur le rannán Úsáid Fianán
26 Feabhra 2009
- Baineadh anuas roinnt ábhair dhúblaigh.
- Leasaíodh rannán na nasc chun a infheidhmeacht a shoileiriú maidir le www.revenue.ie amháin.
- Bogadh an rannán fioscaireachta go leathanach slándála ar leith.
