Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) do 2022 go dtí 2025

Maoine de chuid carthanas nó comhlacht poiblí

Féadann maoine ar le carthanais iad a bheith díolmhaithe ón gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ). Tá dhá díolúine ar fáil do mhaoine cónaithe de chuid carthanas nó comhlacht poiblí. Braitheann an díolúine a fhéadann a bheith i bhfeidhm ar úsáid na maoine.

Maoine arna n-úsáid ag carthanas nó ag comhlacht poiblí a sholáthraíonn cóiríocht riachtanas speisialta

Baineann an díolúine seo le maoine cónaithe de chuid carthanas nó comhlacht poiblí.

Coinníollacha cáilitheacha

Chun cáiliú don díolúine seo, ba chóir go n-úsáidtear an mhaoin chun lóistín a chur ar fáil do dhaoine:

  • a bhfuil riachtanas áirithe acu, amhail seanaois nó éagumas intinne nó fisiciúil
  • agus
  • a bhfuil lóistín agus cabhair speisialta de dhíth orthu chun cur ar a gcumas cónaí sa phobal.

Ní bhaineann an díolúine seo le maoine cónaithe a úsáidtear chun cóiríocht riachtanas ginearálta a chur ar fáil. Baineann cóiríocht riachtanas ginearálta le tithíochta a chuirtear ar fáil do dhaoine nach bhfuil riachtanas áirithe acu seachas riachtanas tithíochta.

Maoine seirbhísí áineasa ar le carthanais iad

Baineann an díolúine seo le maoine cónaithe áirithe de chuid comhlachtaí carthanúla.

Coinníollacha cáilitheacha

Baineann an díolúine seo le hábhar nuair a húsáidtear maoin atá faoi úinéireacht an chomhlachta carthanúil:

  • mar chóiríocht chónaitheach
  • i dtaca le gníomhaíochtaí áineasa
  • agus
  • mar chuid lárnach de chuspóir carthanúil an chomhlachta.

Samplaí is ea maoine a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid na mbrídíní agus na ngasóg.

Doiciméid tacaíochta

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú i ndáil le húsáid shonrach na maoine ag an gcarthanas.

Athruithe i leith incháilitheachta

Sa chás nach gcomhlíontar coinníollacha cáilithe na díolúine a thuilleadh do do mhaoin, ní leanfaidh an díolúine de bheith i bhfeidhm ach go dtí deireadh na bliana amháin. Tiocfaidh an mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ ar an gcéad dáta dlite eile, sa bhliain ina dhiaidh.

Ar aghaidh: Tithe altranais atá cláraithe